Is iontach na hUltaigh a bheith ar ais sa chluiche ceannais ach tá dúshlán mór rompu

Imreoidh Dún Lathaí ina gcúigiú cluiche ceannais amárach ach caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar shárfhoireann ár linne, Baile Héil, más leo Craobh na hÉireann a bhuachan den chéad uair

Is iontach na hUltaigh a bheith ar ais sa chluiche ceannais ach tá dúshlán mór rompu

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Bhí cluichí iontacha againn i gceanncheathrú CLG an deireadh seachtaine seo caite i gcomórtais shóisir agus idirmheánach na gclubanna. Cheapas go raibh siad ar ardchaighdeán agus, cé gur Corcaíoch agus Muimhneach mé, is trua nach raibh an bua ag foirne Chonnacht, Iascaigh Shligigh agus An Tuairín as Maigh Eo, go háirithe an Tuairín a bhí thar barr agus chun tosaigh d’fhormhór an chluiche.

Tá súil agam go bhfeicfimid an dá chlub ar ais i bPáirc an Chrócaigh sar i bhfad.

Beidh muid ar ais i mBleá Cliath an deireadh seachtaine seo do chluichí ceannais na sinsear san iomáint agus sa pheil. Caithfidh go raibh CLG díomách go leor faoin tinreamh a bhí ag na cluichí leathcheannais sinsir a imríodh roimh an Nollaig agus cé go dtuigim gur bhreá le gach imreoir imirt i bPáirc an Chrócaigh, ní dóigh liom go mbíonn an turas ó an-chuid den lucht leanta.

Beidh sé suimiúil féachaint cé mhéad duine a bheidh i láthair ag na cluichí amárach.

Scéal iontach é go bhfuil foireann ón tuaisceart ar ais againn sa chluiche ceannais. Ní raibh ceann againn ó 2004. Seo í an cúigiú huair go bhfuil Cúchulainn, Dún Lathaí ag imirt sa chluiche ceannais ach níl corn Tommy Moore tugtha abhaile acu fós. D’imríodar i gcluichí ceannais 1995 agus 1996 agus arís in 2003 is 2004.

Laoch ó na foirne sin a bhain cluichí ceannais na hÉireann amach, chomh maith le cluiche ceannais 2010, atá i gceannas ar an bhfoireann anois. Is cinnte go bhfuil seirbhís dhochreidte tugtha ag Gregory O’Kane don iománaíocht, dá chontae agus dá chlub. Agus ní hamháin go raibh sé ag imirt sna cluichí sin go léir ach bhí sé ina thosaí den scoth. Níl ach beirt eile, TJ Reid Bhaile Héil agus Gary Kirby Thobar Phádraig, a bhfuil níos mó scóráilte acu dá gclubanna i gCraobh Shinsir na hÉireann ná mar atá ag O’Kane, a d’aimsigh 4-158 i gcluichí leathcheannais agus ceannais do Dhún Lathaí.

Faraor, ní bheidh sé ag seasamh taobh istigh de na línte bána amárach. Ach tá foireann bhreá ábalta aige agus caithfidh go bhfuil an-mhuinín sa champa i ndiaidh an bhua a bhí acu i gcoinne Naomh Tomás na Gaillimhe mí na Nollag, a bhí go láidir mar rogha na coitiantachta roimh an chluiche leathcheannais sin.

hosnaíodar go láidir sa chluiche sin le cúilín iontach ó Nigel Elliott agus bhí an-phíosaí comhimeartha acu. Mar sin féin, chuadar beagnach ceathrú uaire gan scór sa chéad leath agus naoi mbuille curtha ar fóraoil acu, mar aon le poc éirice a chuireadar amú. Mar atá feicthe againn minic go leor, áfach, go háirithe sa pheil, bíonn tionchar ar leith ag cúil.

Ní raibh ach cúl amháin sa chluiche sin agus cúl den chéad scoth a bhí ann. Fuair Nigel Elliott seilbh an tsliotair ó phoc amach Ryan Elliott, thug sé pas go Keelan Molloy agus chuaigh an tosaí cumasach ar ruathar seasca slat sular bháigh sé an sliotar san eangach.

Beidh siad faoi bhrú amárach, áfach agus iad i gcoinne an fhoireann is rathúla i stair an chomórtais seo, Seamróga Bhaile Héil. Tá cuid mhaith den stair sin bainte amach ag imreoirí ar an bhfoireann seo freisin. Seo é an ceathrú cluiche ceannais as a chéile atá bainte amach acu agus iad buacach i bpéire acusan, in 2019 agus 2020.

Tá an fhoireann lán le réalta idirchontae agus meascán deas den taithí agus den óige acu. Dar ndóigh tá TJ Reid acu freisin, fear a bhfuil sé ar a chumas cluiche a bhuachan beagnach ina aonar. Ina dhiaidh sin uile, bhí deacrachtaí ag na Seamróga le déanaí agus iad imithe a chodladh do leath amháin in go leor de na cluichí a bhí acu.

Ach nuair a bhíonn gach duine i mbarr a maitheasa agus ag tarraingt le chéile, tá siad beagnach dochloíte.

Is beag seans a thugann na geallghlacadóirí d’fhoireann Aontroma. Agus cé go mbeidh siadsan iomaíoch, is deacair gan an rogha a thabhairt do laochra Bhaile Héil.

Fág freagra ar 'Is iontach na hUltaigh a bheith ar ais sa chluiche ceannais ach tá dúshlán mór rompu'