Is fiú dul sa seans in aghaidh Átha Cliath agus ceachtanna eile spórt

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra a imríodh sa pheil agus sa rugbaí ag an deireadh seachtaine

Is fiú dul sa seans in aghaidh Átha Cliath agus ceachtanna eile spórt

Jack Barry agus Con O'Callaghan. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan

Is fiú dul sa seans in aghaidh Átha Cliath

Léirigh Ciarraí dúinn Dé Sathairn gurb é an bealach is fearr le hÁth Cliath a shárú ná iad a chur faoi bhrú.

I mBabhta 2, chuaigh Gaillimh go Páirc an Chrócaigh agus an cur chuige a bhí acu ná titim siar agus iarracht a dhéanamh Áth Cliath a phlúchadh. Ní raibh an cumas ná an fuinneamh i bhfoireann Kevin Walsh é sin a dhéanamh, áfach, agus thug seaimpíní na hÉireann stánáil dóibh.

Bhí Ciarraí cosantach go maith ina gcuid cluichí go dtí seo ach thuig Peter Keane gur bheag an mhaith a bheidh ansin dóibh in aghaidh Átha Cliath. Tá seantaithí ag Áth Cliath ag imirt i gcoinne foirne a bhaineann úsáid as an stíl sin agus is annamh go gcuireann sé isteach orthu.

Den chuid is mó, tugadh treoir do chosantóirí Chiarraí marcáil duine ar dhuine a dhéanamh agus bhrúigh siad suas ar Áth Cliath Dé Sathairn. Sin an córas a bhí á úsáid ag Maigh Eo le roinnt blianta anuas agus níl aon amhras ach gurbh iadsan ba ghaire a chuaigh d’Áth Cliath a shárú sa gcraobh.

Níl an córas seo gan locht, áfach. Má fhaigheann tosach an ceann is fearr ar a chéile comhraic, bíonn go leor spáis os comhar an chúil agus b’in deis a thapaigh Con O’Callaghan agus Paul Mannion nuair a d’aimsigh siad cúil i dTrá Lí Dé Sathairn. Ach, faoi mar a thuig lucht bainistíochta Chiarraí, b’fhiú dul sa seans.

Oiread na fríde idir foirne Roinn 2

Bainisteoir Dhún na nGall, Declan Bonner. Pictiúr: INPHO/Lorcan Doherty

Trí bhabhta atá imeartha i Roinn 2 agus níl ach trí phointe idir an Mhí, an fhoireann atá ar bharr an tábla agus Corcaigh, atá ag a bhun.

Mar is iondúil, is í Roinn 2 an roinn is déine ó thaobh iomaíochta sa tsraith peile agus fíorbheagán atá idir na foirne ar fad. Is iad Fear Manach an t-aon fhoireann sa roinn nach bhfuil cluiche caillte acu go dtí seo agus cé gur chríochnaigh siad ar comhscór le Corcaigh agus Cill Dara sa chéad dá bhabhta, níl siad ach sa dara háit sa roinn.

Chaill Dún na nGall a gcéad chluiche an deireadh seachtaine seo nuair a fuair Tiobraid Árainn an ceann is fearr orthu i nDurlas ach mar sin féin, is iad foireann Declan Bonner rogha na coitiantachta chun an t-ardú céime a bhaint amach agus iad ag súil go bhfillfidh imreoirí Ghaoth Dobhair ar an bhfoireann roimh dheireadh na sraithe.

Faoi láthair, is iad Corcaigh an t-aon fhoireann a bhfuil an chuma orthu nach mbeidh siad in ann an t-ardú céime a bhaint amach i mbliana. Fiú dá n-éireodh leo na ceithre chluiche atá fágtha acu a bhuachan, ní bheadh ach naoi bpointe acu agus faoi dhó le deich mbliana anuas a tharla sé gur éirigh le foireann i Roinn 2 an t-ardú céime a bhaint amach le naoi bpointe.

Gaillimh agus Dún na nGall ag dul ó neart go neart

Imreoir na Gaillimhe, Tracey Leonard. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

I Roinn 1 shraith peile na mban, is iad Gaillimh agus Dún na nGall atá chun tosaigh agus a gcluichí sa gcéad dá bhabhta buaite acu. Tar éis dóibh Corcaigh a shárú an tseachtain seo caite, bhí bua maith eile ag Gaillimh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar mhná Mhuineacháin.

Dhá phointe a bhí le spáráil ag Gaillimh, 1-9 in aghaidh 1-7, agus ba í Sarah Conneally a scóráil an cúl cinniúnach tar éis di teacht isteach ag leath ama. Bhain Gaillimh amach cluiche leathcheannais na sraithe anuraidh agus beidh súil acu an babhta ceannais a bhaint amach i mbliana agus an-tús déanta acu.

Cé nach bhfuil Dún na nGall ag imirt i Roinn 1 na sraithe ach ó 2017, rinne siad ar fheabhas sa phríomhroinn ó shin. Bhain siad an cluiche ceannais amach dhá bhliain ó shin agus bhí mí-ádh dearg orthu nár bhain siad áit sa gcluiche leathcheannais amach anuraidh agus ba de bharr difríocht na scór a chaill siad a seans.

Cé go bhfuil duine de na himreoirí is fearr a bhí acu, Yvonne Bonner, anois ag imirt na peile Astrálaí, tá na Conallaigh ag dul ó neart go neart i mbliana. Bhí bua iontach acu ar Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo caite agus bhuaigh siad inné ar Mhaigh Eo, 3-10 in aghaidh 2-7.

Obair fós le déanamh ag Schmidt agus ag Éirinn

Conor Murray. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Tar éis dóibh cliseadh i gcoinne Shasana sa gcéad bhabhta, bhí sé tábhachtach d’fhoireann na hÉireann cluiche an tSathairn in aghaidh na hAlban a bhuachan agus taispeántas maith a thabhairt. D’éirigh leo an cluiche a bhuachan ach is maith atá a fhios ag Joe Schmidt go bhfuil a lán oibre fós le déanamh.

Ceann de na príomhchúiseanna nach bhfuil Éire ag imirt go maith ná nach bhfuil Jonathan Sexton nó Conor Murray ag imirt i mbarr a maitheasa. Bhí an bheirt acu gortaithe ar feadh tréimhsí fada roimh thús an chomórtais agus b’fhéidir go nár chóir talamh slán a dhéanamh de go mbeidís in ann teacht ar ais agus iad chomh láidir is a bhíodh ón tús.

Tá briseadh coicíse anois ann go dtí an chéad chluiche eile i gcoinne na hIodáile agus tá cinneadh le déanamh ag Schmidt. Ba cheart go mbeadh Éire sách maith leis na hIodálaigh a bhualadh fiú d’uireasa Sexton agus Murray ach thabharfadh an cluiche ruainne misnigh dóibh. Ar an láimh eile, beidh Schmidt ag iarraidh deis a thabhairt d’imreoirí eile roimh Chorn an Domhain níos deireanaí sa bhliain agus ní dhéanfadh sé aon dochar sos a thabhairt do Sexton agus do Murray roimh na coimhlintí móra atá rompu i gcoinne na Fraince agus na Breataine Bige.

Fág freagra ar 'Is fiú dul sa seans in aghaidh Átha Cliath agus ceachtanna eile spórt'