Is fearr íomhá láidir ná…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: balún pollta Susanne Sundfør

Is fearr íomhá láidir ná…

Tá albam nua amuigh ag duine de na ceoltóirí comhaimseartha is mó a bhfuil meas agam uirthi, an t-amhránaí Ioruach Susanne Sundfør. Deis iontach chun breathnú ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí ar fad sa scríbhneoireacht chruthaitheach: an íomhá láidir.

Is léir go bhfuil acmhainn grinn ag Sundfør. Music For People In Trouble a bhaist sí ar a halbam nua. Ach ba cheart rabhadh sláinte a chur ar an gclúdach: seo é an t-albam deireanach ba cheart do dhuine a bheadh i dtrioblóid éisteacht leis.

No One Believes In Love Anymore an teideal croíúil ar thraic nach bhfuilim féin in ann stopadh ag éisteacht leis. Goltraí don phianó agus don fheadóg mhór inar tháinig mé ar an léiriú is éifeachtaí, seans, dá bhfaca mé riamh ar cad is croí briste ann:

A downward spiral

A punctured balloon

Disfigured and pale

Looking up at the moon

Tá íomhá an bhalúin bhoicht sin chomh láidir nach n-éiríonn liom í a ruaigeadh as m’aigne le seachtain anuas. Tá trí chúis leis sin.

Sa chéad dul síos, samhail uilíoch í. Cá bhfuil an páiste nár chaoin uisce a chinn lá den saol nuair a chaill sé balún a raibh cion aige air? I ngan fhios dó féin, nach mór, tugtar an t-éisteoir ar ais go laethanta íogaire a óige, a chéad chuimhní, a chéad bhriseadh croí.

Sa dara dul síos, tá gluaiseacht san íomhá. Tabhair faoi deara gur leis an ngluaiseacht sin a chuireann Sundfør tús leis an meafar: feicimid an fáinne fí sula dtuigimid go bhfuil balún pollta ag teacht anuas, an dóchas ar fad ag séideadh amach as ar a bhealach síos. Ar an talamh a chríochnaíonn an ghluaiseacht: an balún bocht ag féachaint suas ar an ngealach, máchail air agus dath mílítheach.

Sa tríú dul síos, tá an íomhá chomh héifeachtach sin toisc go bhfuil sí áiféiseach agus go hiomlán thar fóir. An féidir balún pollta a shamhlú gan fuaim bhroma a chloisteáil i d’aigne? Ní féidir. Prrrrrrt!

Tá an líne disfigured and pale thar fóir ar fad, i bhfad róthrom, i bhfad rómhaoithneach. Tá a fhios againn uilig cén chuma atá ar bhalún pollta, ní gá é a rá. Ach tá a fhios ag chuile dhuine againn freisin go ngéilleann an croí briste don mhaoithneas, don tseafóid, don seachmall. Ní áiféis go dtí é.

Níos túisce san amhrán céanna, léiríonn Sundfør go beacht agus go neamhthrócaireach an chúis a bhíonn le briseadh croí an chuid is mó den am: ‘You reap what you sow,’ a chasann sí. ‘Yourself to blame.

Ach tá sólás ag deireadh na goltraí, fonn fada ar an bpianó agus ar an bhfeadóg mhór a d’ardódh croí an té a bheadh leagtha amach ag uafás áiféiseach an ghrá. Fonn a líonfadh balún a mbeadh poll ann in athuair.

Fág freagra ar 'Is fearr íomhá láidir ná…'