Is é an Taoiseach is óige riamh é, ach b’fhéidir gurb aige a bheidh an tréimhse is gaire in oifig chomh maith…

Deir Leo Varadkar go n-éireoidh leis dúshlán Fhianna Fáil agus Shinn Féin a thabhairt, ach b’fhéidir nach bhfuil sé chomh saor sin ó chontúirt is a shíltear

Is é an Taoiseach is óige riamh é, ach b’fhéidir gurb aige a bheidh an tréimhse is gaire in oifig chomh maith…

An Taoiseach, Leo Varadkar. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá muinín ag an Taoiseach Leo Varadkar, a deir sé, go mbeidh ar a chumas déileáil le haon dúshlán toghcháin a d’fhéadfadh Sinn Féin nó Fianna Fáil a bhagairt air. Ach in ainneoin go mbíonn Fine Gael chun tosaigh go rialta sna pobalbhreitheanna, ar chóir dó a bheith beagáinín níos cúramaí?

Go deimhin le beagnach bliain go leith anois, tá Fine Gael chun tosaigh ar Fhianna Fáil, cúig phointe go rialta agus seacht bpointe sa phobalbhreith is deireanaí sa Sunday Times.

Má tá na figiúirí sin cruinn, agus níl a mhalairt fianaise againn, treiseoidh Fine Gael a seasamh, agus d’fhéadfaidís seasca suíochán a bhaint amach.  Tá 85 suíochán ag teastáil le haghaidh móramh Dála, agus ba bheag tacaíocht eile ag a theastódh uathu mar sin le rialtas a bhunú.

Agus 24% acu, ní léir go mbeidh aon athrú mór ar líon na suíochán ag Fianna Fáil, is ní bheadh ach dhá rogha i ndiaidh an toghcháin, dhá rogha nach mbeadh aon ghlacadh acu leo: tacú le Fine Gael (mar pháirtí sóisearach i gcomhrialtas nó le socrú muiníne is soláthair eile); nó tiontú ar Shinn Féin.

Tá seans ann go mbeadh móramh Dála ag Fianna Fáil agus Sinn Féin le chéile, agus bheadh an rogha sin tarraingteach do chuid mhaith de bhaill Fhianna Fáil – go háirithe i gcomparáid leis an rogha eile, a bheith ag sodar i ndiaidh Fhine Gael arís.

Is deacair, áfach, a fheiceáil cén chaoi go bhféadfadh Micheál Martin tabhairt faoina leithéid tar éis dó an oiread sin caint nimhneach a dhéanamh faoin bpáirtí Poblachtánach.  Bheadh ar Mhicheál deoch a ól ar a náire le socrú den chineál seo a chur le chéile, feictear dom.

Feictear dom freisin go bhfuil Varadkar ag brath an iomarca ar Martin. Cinnte tá faitíos an domhain ar Martin roimh thoghchán, is déanfaidh sé gach ar féidir leis chun a leithéid a sheachaint, rud a fhágann nach mbeidh aon toghchán ann i mbliana.

Ní bheadh cuid mhaith de lucht Fhianna Fáil sásta leis sin, ámh, mar tuigeann siad go mbeidh toghchán ann luath nó mall agus mura mbeidh difríocht chinnte le tabhairt faoi deara idir iad féin agus Fine Gael ní bheidh siad in ann athrú a dhéanamh ar an leibhéal tacaíochta atá acu faoi láthair.

Agus ag deireadh thiar, sin é an baol atá ann do Leo Varadkar.  Má chreideann Fianna Fáil (in éagmais Martin) gur féidir leo socrú inghlactha a dhéanamh le Sinn Féin ba chuma leo fáil réidh le Martin más gá sin ar mhaithe leis an bpáirtí.

Agus céard a bheadh i ndán do Leo Varadkar sa gcás sin?

Tá sé ráite aige nach bhfeiceann sé aon ról dó feasta ar na cúlbhinsí, agus cé go bhfuil seasamh láidir aige go pearsanta sna pobalbhreitheanna – gó hairithe de bharr a róil sa reifreann faoi ghinmhilleadh – tá seans mór ann nár mhaith leis dul sa bhfreasúra ach an oiread.

Is é an Taoiseach is óige é a bhí ag an stát riamh, ach b’fhéidir gurb é an Taoiseach is giorra tréimhse a bheidh sa phost chomh maith. Ceapadh mar thaoiseach i mí an Mheithimh 2017,  agus níor mhór dó fanacht in oifig go dtí Nollaig 2019 más mian leis an onóir mhífhortúnach sin a sheachaint.

Ní hamháin nach féidir le Varadkar a bheith cinnte go bhfanfaidh Martin i gceannas ar Fhianna Fáil tar éis toghcháin, ach caithfidh sé súil ghéar a choinneáil ar Shinn Féin freisin.

Tá brú láidir ann sa pháirtí sin áit a bhaint amach i rialtas ó dheas, mar go dtreiseodh sé sin stádas Shinn Féin i bpolaitíocht an Tuaiscirt agus sa chaidreamh idir Éire agus an Bhreatain. Agus cé gur deisceartaigh iad Mary Lou McDonald, an t-uachtarán nua, agus Dawn Doyle, an t-ard-rúnaí, baineann siad le dearcadh an Tuaiscirt.

Agus sa gcomhthéacs sin is léir gur chuma leo cé acu Fine Gael nó Fianna Fáil a bheadh leo, mar ní fheiceann lucht stiúrtha Shinn Féin mórán difríochta eatarthu. Ní chuirfidh Varadkar an méid sin as a cheann.

Ach tá deacrachtaí móra roimh Shinn Féin maidir le haon chomhrialtas – deacrachtaí a bhaineann le polasaithe.

Tá sé ráite cheana, ach is fiú é a rá arís, má dhéanann Sinn Féin an rud céanna is a dhein Páirtí an Lucht Oibre beidh an rud céanna i ndán dóibh – scriosfar iad ag an gcéad toghchán eile ina dhiaidh sin.

Tá ‘línte dearga’ socraithe ag Sinn Féin ó dheas mar sin: ní leor labhairt faoi thithíocht is sláinte, caithfear polasaithe a chur i bhfeidhm a réiteoidh na fadhbanna sin. Ach chuige sin níl aon bhealach as ach tús áite a thabhairt don stát i dtógáil tithe agus deireadh a chur leis an gcóras dhá aicme sláinte.

Thiocfadh an dá riachtanas sin salach ar leas lucht gnó a thugann tacaíocht d’Fhine Gael agus d’Fhianna Fáil.

Ni fheicim go mbeadh Fine Gael sásta a leithéid a ghéilleadh. Bheadh ar Varadkar diúltú don rogha sin agus imeacht as oifig mura bhféadfadh sé Fianna Fáil a choinneáil ar bord.

Tá a lán in Fianna Fáil nach gcuirfeadh sé a dhath as dóibh glacadh leis, ach bheadh orthu fáil réidh le Martin agus a naimhdeas do Shinn Féin a chur ar leataobh.

Mar sin níl seasamh Varadkar chomh láidir is a thugann sé le fios sa gcaint dhána atá ar siúl aige.

Fág freagra ar 'Is é an Taoiseach is óige riamh é, ach b’fhéidir gurb aige a bheidh an tréimhse is gaire in oifig chomh maith…'