Is deis iontach é seo do Chiarraí agus do Mhaigh Eo tabhairt fé Pháirc a’ Chrócaigh chun suan an Mhárta a ruaigeadh

Bronnfar Corn Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh den chéad uair amárach agus deir ár gcolúnaí gur cheart do Ciarraí agus do Mhaigh Eo a bheith luite amach orthu féin ag iarraidh greim d’fháil air d’fhonn onóir a thabhairt dóibh féin agus d’ainm Mhichíl

Is deis iontach é seo do Chiarraí agus do Mhaigh Eo tabhairt fé Pháirc a’ Chrócaigh chun suan an Mhárta a ruaigeadh

Cluiche Ceannais Roinn 1
Dé Domhnaigh, 30 Márta
Maigh Eo v Ciarrai – Páirc an Chrócaigh, 4.00in (Beo ar TG4)

N’fheadar aoinne dá mairfeadh sé cad a bheadh le rá ag Micheál Ó Muircheartaigh amáireach agus corn atá tiomnaithe dhó le bronnadh ar chaptaen buacach na sraithe náisiúnta peile ach deinim amach ná beadh sé balbh tar éis a bhfuil de chaid imeartha agus tar éis a bhfuil de chlaochló míorúilteach tagtha ar an gcaid chéanna ó thús na bliana. Dúradh cheana fé Mhicheál gur minic a dhein sé sparán síoda de chluais mhuice. An uair seo, tá an obair sin déanta ag Coiste Athbhreithnihe na Peile.

Is cuí, is ceart agus is cóir an t-aitheantas is dual a thabhairt don Mhuircheartach agus is dóigh liom chomh maith, go mba cheart don dá fhoireann, Ciarraí agus Maigh Eo, a bheith luite amach orthu féin ag iarraidh greim d’fháil ar an gcorn d’fhonn onóir a thabhairt dóibh féin agus d’ainm Mhichíl ar an lá mór.

Ba dhóigh leat ós na gothaí ag beirt de sheanfhondúirí na bhfoirne, Paul Geaney agus Aidan O’Shea, agus iad i mbun réamhphoiblíochta don gcluiche ceannais i rith na seachtaine gur mhór acu bonn sraithe eile. Má éiríonn le Ciarraí, beidh cúig cinn de bhoinn sraithe buaite ag Geaney. Is é an dála céanna ag Paul Murphy, Tadhg Morley, Tom O’Sullivan agus Jason Foley é. Ní beag san mar luach saothair ar bhlianta fada seirbhíse. Ar an dtaobh eile den scéal, má bhíonn rith an ráis le Maigh Eo, beidh a thríú bonn sraithe in imeacht seacht mbliana buaite ag O’Shea agus ainneoin na saighead atá caite ina threo ó chaith sé geansaí sinsir Mhaigh Eo don gcéad uair in 2009, níor cheart neamhaird a dhéanamh den méid atá bainte amach ag fear Bhréachmhaí sa tréimhse sin.

B’fhéidir go mbeadh tamall ann sara mbeidh deireadh déanta agus ráite fé shraith náisiúnta na bliana seo ach tuigfidh lucht bainistíochta agus imreoirí ón dá thaobh nuair a chaithfear an chaid in airde ar a 4 a chlog amáireach go bhfuil cluiche os a gcomhair le buachtaint agus go bhfuil a gcúiseanna ag an dá thaobh chun an chreach a bhreith leo abhaile. Ní haon ualach do cheachtar den dá fhoireann an corn a bheith faoina n-ascaill acu ag gabháil an bóthar amach agus faid uair a’ chloig breise acu le solas an lae ag dul siar.

Cá mbuafar agus cá gcaillfear mar sin, agus cé na laigí a nochtfar sa phróiseas a raghaidh chun tairbhe na bhfeachtais chraoibhe atá ag teannadh leo?

Níl againn mar shlat tomhais reatha le dealramh ach an cluiche idir an dá fhoireann ar an gcéad lá de Mhárta i gCaisleán an Bharraigh. Dhá phointe a bhí idir na foirne i ndeireadh na himeartha an tráthnóna úd i bPáirc Mhic Éil ach ní dóigh liom go n-áiteodh aon Chiarraíoch go raibh aon ní cóir tuillte acu as a n-iarrachtaí. Bhí an taispeántas céad leatha uathu chomh bocht, chomh leachta de thaispeántas is a bhí i gcaitheamh an fheachtais sraithe ar fad ag Ciarraí. Bhí a rian san ar an scór ag leath ama agus Maigh Eo 0-14 le 1-4 chun tosaigh. Bheadh sé le rá ag Jack O’Connor ina dhiaidh gur iarsma dhá chluiche sraithe in imeacht sé lá ba chúis leis an dtaispeántas céad leatha sin ach tuigeann sé féin níos fearr ná aoinne go raibh éachtaintí i dtaispeántas Mhaigh Eo sa tréimhse chéanna gurbh fhiú ceann a thógaint dóibh d’fhonn a chinntiú nach dtarlódh a leithéid arís.

Toisc an sciúrsáil is an scóladh atá tugtha go minic do chosantóirí Chiarraí aige, níor cheart gurbh aon iontas d’aoinne é go mbeadh fear Bhéal an Mhuirthead, Ryan O’Donoghue go mór sa treis ina gcoinne. Is cuma an é Tom O’Sullivan (mar a bhíonn go rialta) nó aon chosantóir eile de chuid na Ríochta a cuirtear ar O’Donoghue, níl éirithe le hoiread is duine amháin acu é a cheansú go nuige seo. Pé geasa atá curtha aige orthu, éiríonn le O’Donoghue scóráil go tiubh i gcoinne Chiarraí gach aon uair a théann sé chun páirce. Dá n-éireodh le haon chosantóir O’Donoghue a chiúnú amáireach, bheadh an geansaí tuillte go maith aige don gcluiche craoibhe in aghaidh Chorcaí fé cheann trí seachtaine.

Sa taispeántas céad leatha sin i gCaisleán an Bharraigh, d’aimsigh Maigh Eo sé phointe as a chéile gan fhreagra ó Chiarraí. Bhí an paiste forlámhais seo tógtha ar mháithreacha a bhí leagtha síos i lár a’ gharraí ag Jack Carney agus Matthew Ruane. Tá ana-chaint déanta ar bhláthú Dhiarmuda Uí Chonchúir mar fhear lár páirce le linn an fheachtais sraithe seo do Chiarraí ach chaith sé géilleadh go minic do Carney agus Ruane sa chéad leath sin. De bharr a ghortaithe, ní bheidh an Conchúrach ann amáireach ach don gcéad uair i ngeansaí Chiarraí, tá dhá thaispeántas mhaithe as a chéile curtha le chéile ag a pháirtí, Joe O’Connor le coicíos anuas.

Bhí Joe féin támáilte go maith i gCaisleán an Bharraigh, áfach agus nuair a bhog Aidan O’Shea amach go lár a’ ghoirt domhain sa dara leath, ní raibh an neart ná an righneas ann chun aon láimh a dhéanamh air. Chífear amáireach an bhfuil an scolaíocht a fuair dulta i bhfeidhm nó dulta amú air. Fuair Ciarraí ceacht luachmhar eile sa chéad leath sin nuair a thug Maigh Eo an chéad éachtaint dúinn ar an saol nua chun tosaigh nuair a cuirtear fáisc cheart ar chic amach. Ba cheart go mbeidís ar tinneall chun forbairt a dhéanamh ar an bhfáisc sin amáireach.

Bíonn na héachtaintí agus na léasacha léargais sin le braistint san earrach i gcónaí, go háirithe le linn na gcluichí a théann id’ choinne ar an mbóthar. Bhí turas fada abhaile ó Chaisleán an Bharraigh ag imreoirí Chiarraí i dtús na míosa agus fuílleach aga acu chun a bheith ag cogaint ar a raibh de cheachtanna foghlamtha. Tá mí caite ó shin acu, dhá chluiche buaite in aghaidh churadh agus tánaiste craoibhe na bliana seo caite agus 5-45 aimsithe le himirt ghleoite, rithimiúil a thugann dóchas dá lucht leanúna.

Fiú san ainliú agus sa scóráil dhiamhair sin, tá sméaróidí tuisceana. Más fíor fós gur leor nod don eolach, beidh sé tugtha fé deara ag David Clifford nach fiú a bheith ag tabhairt fé lascadh mór de chic chun an dá phointe a aimsiú agus gan an scairbhín curtha díot go fóill agat. Níl oiread is scór dhá phointe amháin fachta ag Clifford ná ag aon imreoir eile ó Chiarraí ainneoin a ndíchill is a bhfeabhas le dhá chluiche anuas. Thaibhseofaí do scata gur do Clifford a cruthaíodh agus a leagadh amach an stua dhá phointe. Níl áireamh agam ar líon na gciceanna ó lasmuigh den stua a thuirling in dhá láimh an bháideora le cúpla seachtain anuas, áfach. Nuair a thiocfaidh brothall na Bealtaine agus gach lá as san go deireadh na craoibhe, beidh faid seacht gcoiscéim curtha le speach an Chlúmhánaigh.

Is deis iontach é do Clifford, do Ryan O’Donoghue agus d’aoinne eile gur geal leo an chaid nua a bheith ag tabhairt fé Pháirc a’ Chrócaigh amáireach chun suan an Mhárta a ruaigeadh. Tá níos mó ná faid coiscéim coiligh agus faid beirithe spóla tagtha le ráithe ar an lá. Tá dóthain scríte agus ráite faoi mhian na bhfoirne agus a n-easpa uaillmhéine sa tsraith agus an chraobh i mbéal an dorais acu. Don té ná deineann dealú idir sraith agus craobh, áfach, agus don té a bhíonn scoite chun na bua seacht lá na seachtaine, ní stadfaidh an craos chun catha anois. Beidh dhá fhoireann sa chluiche ceannais amáireach nár cheap go mbeidís ann an dtaca seo seachtain ó shin. Nuair a théann an gabhar an teampall, áfach, ní stadann go dtéann an altóir.

Fág freagra ar 'Is deis iontach é seo do Chiarraí agus do Mhaigh Eo tabhairt fé Pháirc a’ Chrócaigh chun suan an Mhárta a ruaigeadh'

  • Carraig

    Tá caidhp an bháis buailte ar an bpeil seo
    “anonn is anall a Mháirín” anois
    agus tá an iománaíocht ag dul le fánaidh chomh tapaidh céanna, is eagal liom.
    Dá gcuirfí deireadh scun scan agus glan amach leis an aistriú láimhe leadránach lofa millteanach sin
    sa DÁ chód, adeirim, beidh seans ann nó caolsheans b’fhéidir,
    go dtéarnóidh ár gcluichí Gaelacha in athuair.
    Sé an t-aistriú síoraí ó láimh go láimh go láimh go …
    bun agus barr an donais agus na lofachta.
    Ní fhaca mise aon phasáil láimhe le linn m’óige ach chonac cluichí breátha crua ciceála caide agus chonac ciollaracha á dhéanamh de chamáin fud fad na páirce ar uairibh!
    Dá gcífí camán á smiotadh i gcluiche anois shlogfadh an réiteoir an fheadóg siar ina chlab!