‘Is cuimhin liom gur iompaigh Gay Mitchell ar an bhFraincis trí thimpiste nuair a cuireadh ceist air i nGaeilge’

Is é Jim Gavin an duine is deireanaí i saol na polaitíochta atá tar éis geallúint a thabhairt uaidh go bhfoghlaimeoidh sé Gaeilge má thoghtar é. Tá an gheallúint chéanna tugtha ag go leor polaiteoirí i gcaitheamh na mblianta – iarrthóir eile don uachtaránacht Heather Humphreys ina measc – agus d’éirigh níos fearr le cuid […]

‘Is cuimhin liom gur iompaigh Gay Mitchell ar an bhFraincis trí thimpiste nuair a cuireadh ceist air i nGaeilge’

Is é Jim Gavin an duine is deireanaí i saol na polaitíochta atá tar éis geallúint a thabhairt uaidh go bhfoghlaimeoidh sé Gaeilge má thoghtar é. Tá an gheallúint chéanna tugtha ag go leor polaiteoirí i gcaitheamh na mblianta – iarrthóir eile don uachtaránacht Heather Humphreys ina measc – agus d’éirigh níos fearr le cuid acu thar a chéile.

Thug Heather Humphreys geallúint í féin aon bhliain déag ó shin go gcuirfeadh sí feabhas ar a cuid Gaeilge nuair a ceapadh ina haire Gaeltachta i samhradh na bliana 2014 í. Cé gur fhreastail sí ar chúrsa Gaeilge amháin ar a laghad in 2017, dúirt sí an tseachtain seo caite nach bhfuil aici ach an cúpla focal go fóill agus go bhfoghlaimeodh sí an teanga dá dtoghfaí ina huachtarán í.

“Uaillmhian an pholaiteora”, “caidrimh phearsanta” agus “iarracht drochíomhá a sheachaint” na rudaí is mó a spreagann polaiteoirí le tabhairt faoin teanga a fhoghlaim, dar le tráchtairí agus lucht teagaisc.

“Déarfainn gur uaillmhian an pholaiteora is mó a bhíonn i gceist,” a dúirt Darren Ó Rodaigh, príomhfheidhmeannach Gaelchultúr, le Tuairisc.

“Má tá tú chun a bheith sinsearach sa rialtas nó ag iarraidh a bheith i do cheannaire ar pháirtí beidh buntáiste agat má tá an Ghaeilge agat. Is dócha go mbeadh náire ar iarrthóir mura mbeadh an Ghaeilge acu. Uaillmhian an rud is mó a sheas amach domsa.

“Má tá díospóireacht le bheith ann, nó má tá daoine eile le cloisteáil ar na meáin Ghaeilge, bheadh sé ina mhíbhuntáiste mura mbeadh polaiteoir in ann labhairt ann.”

Luaigh John Dowling, tráchtaire polaitíochta le The Irish Independent, an buntáiste a bhí ag cainteoirí Gaeilge le linn na “ré órga” a bhí ann cúig bliana déag ó shin nuair a bhí an teanga ar a dtoil ag cuid mhaith de pholaiteoirí sinsearacha na tíre – na ceannairí a bhí ar na trí pháirtí ba mhó ag an am ina measc.

“Bhí saghas ré órga ann don Ghaeilge i saol na polaitíochta thart ar 2010 nó 2011. Nuair a bhí an t-olltoghchán ann an bhliain sin, bhí díospóireacht mhór ar TG4 idir Enda Kenny, Micheál Martin agus Éamonn Gilmore, ceannairí na bpáirtithe móra.

“Ach tháinig deireadh léi sin. An bhliain chéanna bhí an toghchán uachtaránachta ann agus rinne siad praiseach cheart de. Is cuimhin liom gur iompaigh Gay Mitchell ar an bhFraincis trí thimpiste nuair a cuireadh ceist airsean i nGaeilge,” a dúirt sé.

Ní uaillmhian ach caidreamh pearsanta an rud is mó a threisíonn an nasc atá ag an bpolaiteoirí leis an nGaeilge, dar le Downing, agus dúirt gurb iad na polaiteoirí a bhfuil ceangal, caidreamh, nó nasc pearsanta acu leis an nGaeilge nó le duine a bhfuil an Ghaeilge acu is mó a thugann an teanga leo.

“Sa leabhar a d’fhoilsigh Leo Varadkar an mhí seo, luann sé cás a pháirtí Matt Barrett, cainteoir dúchais Gaeilge as Gaeltacht Mhaigh Eo. Dúirt Varadkar sa leabhar gur thug sé féin faoin nGaeilge mar gheall ar Matt den chuid is mó, agus thug, i ndáiríre, ar feadh tamaill.

“Labhair sé ag cruinniú mullaigh san Eoraip i nGaeilge agus bhí sé ag déanamh iarrachta sula raibh sé ina Thaoiseach fiú. Ach tháinig meath air sin de réir a chéile. Is iad na fáthanna pearsanta is mó a spreagann duine leis an teanga a fhoghlaim. Is sampla eile é Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir – d’fhoghlaim sé an Ghaeilge mar bhí sí ag an mbean a phós sé,” a dúirt Downing.

Dúirt sé nach raibh Gaeilge ag Ó Gallchóir “i ndáiríre” roimhe sin ach nach bhféadfaí a mhaíomh anois nach cainteoir Gaeilge é.

“Níor Ghaeilgeoir é go bhfios domsa. Is cuimhin liom agus é ina fheisire Eorpach sna 1990idí go raibh muid ag labhairt le chéile i bParlaimint na hEorpa. Bhí comhrá againn faoi theangacha difriúla a fhoghlaim agus dúirt sé liom an uair sin go raibh sé ag filleadh ar an nGaeilge, agus d’éirigh leis dar liom – cloistear go minic ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4 anois é,” a dúirt sé.

Tá Leo Varadkar – nó ‘Leo de Varad’ mar a scríobhadh ar an teastas a fuair sé ó Ghaelchultúr – i measc na ndaoine a luaigh Darren Ó Rodaigh mar eiseamláirí den pholaiteoir a d’fhoghlaim an Ghaeilge.

“An rud a chonaic muid féin i gcás ‘Leo de Varad’, ná nach raibh sé féin ag lorg aon phoiblíocht faoi. D’fhreastail sé ar na ranganna agus ansin d’fheicfinn é ag na Pop Up Gaeltachtaí. Tá an deis úsáide an-tábhachtach d’fhoghlaim na teanga agus thuig Leo é sin. Rinne sé an-iarracht, bhí sé ag cúpla Pop Up Gaeltacht agus ní raibh sé ag lorg poiblíochta ar bith ach ann le taitneamh a bhaint as an oíche agus an teanga a labhairt,” a dúirt Ó Rodaigh.

Dúirt sé freisin go mbíonn fonn níos mó ar pholaiteoirí an Ghaeilge a fhoghlaim sa chás go bhfuil gné éigin de shaol na Gaeilge nó na Gaeltachta faoina gcúram acu.

“Má tá baint éigin ag ceantar Gaeltachta le hobair an pholaiteora, braitheann siad, is dócha, náire agus iad ag labhairt le pobal na Gaeltachta nó le pobal Gaelscoile. Smaoinigh dá siúlfaidís isteach chuig Gaelscoil nó Gaelcholáiste agus dá labhróidís an Béarla amháin.

“Labhair John Bruton as Béarla amháin ag seoladh TG4 agus is cuimhin liom go fóill go rabhthas ag tabhairt ‘John Béarla Bruton’ air ag an Oireachtas ina dhiaidh sin. Ba é an t-aon duine a labhair Béarla an oíche sin, taoiseach ár dtíre nár bhac cúpla focal Gaeilge a fhoghlaim agus labhairt linn inár dteanga féin ar oíche chomh tábhachtach sin,” a dúirt Ó Rodaigh.

Tá Liam Ó Cuinneagáin, bunaitheoir an choláiste Gaeilge do dhaoine fásta Oideas Gael, den tuairim gur ag iarraidh “drochíomhá a sheachaint” a bhíonn polaiteoirí nuair a thugann siad faoin nGaeilge.

“Bheadh siad ag iarraidh a chinntiú go dtiocfadh dea-phoiblíocht ina dtreo agus an drochíomhá nach bhfuil Gaeilge acu a sheachaint. Tá sé ag dul siar i bhfad anois, is cuimhin liom i 1997, ba é Micheál Ó Gruagáin a bhí i gceannas ar Bhord na Gaeilge a chuir fios ormsa i dtaca le Máire Mhic Giolla Íosa.

“Bhí an dá thréimhse ag Mhic Giolla Íosa, tháinig sí an chéad bhliain sin agus tháinig siad achan bhliain ina diaidh sin – fiú nuair a bhí sí éirithe as an chúram mar uachtarán. Taitníonn an Ghaeilge léi. Is eiseamláir ar leith í Máire Mhic Giolla Íosa,” a dúirt Ó Cuinneagáin.

Mar sin féin, dúirt sé nach mbíonn na polaiteoirí “uilig díograiseach” ach go bhfeileann an córas atá ag Oideas Gael don duine nach n-éireodh go maith leis i seomra ranga.

“Tá an córas s’againne ceangailte le saol sóisialta, bíonn spórt agus spraoi acu agus ní bhíonn siad suite i gcúinne ag foghlaim na Gaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Cuinneagáin go bhfuil pobal na Gaeilge “láidir go maith” anois agus go dtuigeann polaiteoirí agus iarrthóirí toghcháin “gur ghá go mbeadh Gaeilge áirithe acu”.

Luaitear Joe McHugh go minic mar dhuine a d’fhoghlaim an Ghaeilge mar chuid dá ghairm mar pholaiteoir. Tá lucht oideachais agus tráchtaireachta den tuairim gur chruthaigh McHugh go réasúnta maith do dhuine nach raibh focal ina bhéal aige nuair a ceapadh ina aire stáit don Ghaeltacht in 2014 é, ach meastar go bhfuil daoine eile ann a rinne iarracht níos fearr fós agus a thug níos mó den teanga leo gan an aird chéanna a tharraingt orthu féin.

Chuir an Teachta Dála do Bhaile Átha Cliath Theas-Lár, Bríd Smith feabhas leanúnach ar a cuid Gaeilge agus í sa Dáil ó 2016 go 2024. Is beag Gaeilge a bhí ag Smith nuair a shiúil sí isteach i dTeach Laighean den chéad uair in 2016 ach faoi dheireadh a dara téarma sa Dáil bhí sí sách líofa le labhairt beo ar chláracha RTÉ RnaG agus TG4.

D’fhoghlaim an t-iar-aire stáit don Ghaeltacht agus Seanadóir Seán Kyne an Ghaeilge i bhfad sula raibh caint ar é a cheapadh ina aire. Toghadh Kyne i gConamara sa bhliain 2011, agus dúirt sé in agallaimh ó shin gur bheartaigh sé an Ghaeilge a fhoghlaim i dtús a ghairme mar theachta Dála do Ghaillimh Thiar mar go mbeadh sé ina ionadaí ar phobal na Gaeltachta sa Dáil.

Ba mhinic é ag caint i nGaeilge ina dhiaidh sin ar na meáin chraolta Ghaeilge agus bhí sé ar a chompord leis an teanga faoin am a ceapadh ina aire stáit don Ghaeltacht in 2016 é.

Duine eile a chuir feabhas an-mhór ar a cuid Gaeilge agus í ina duine fásta ná Catherine Connolly, Teachta Dála eile do Ghaillimh Thiar atá anois ag seasamh don uachtaránacht. Chuir Connolly tús lena gairm mar pholaiteoir ar chomhairle cathrach na Gaillimhe, mar ar toghadh ceithre huaire í. I gcaitheamh na mblianta ó 1999, nuair a toghadh den chéad uair í, bhain sí líofacht sa Ghaeilge amach. Bíonn sí le cloisteáil go rialta ar na meáin chraolta Ghaeilge agus bhí sí ina cathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Oireachtais i dTeach Laighean.

Ach ní éiríonn leis na polaiteoirí an gheallúint a chomhlíonadh i gcónaí. Dúirt John Downing le Tuairisc gur “chuala [sé] níos mó geallúintí nár comhlíonadh ná geallúintí a comhlíonadh”.

Ar dhuine de na daoine nár éirigh leis an teanga a thabhairt leis go fóill tá an Tánaiste Simon Harris. Luaigh Harris ranganna Gaeilge den chéad uair trí bliana ó shin in 2022 agus thug sé le fios sa Dáil i samhradh na bliana 2023 go raibh sé tosaithe ar an bhfoghlaim. Dúirt sé go raibh sé ag iarraidh tuilleadh ranganna a dhéanamh agus mhaígh sé go minic go raibh sé ag iarraidh cur lena chuid Gaeilge.

Ach ní raibh focal aige faoin nGaeilge ná cás na Gaeltachta in óráid ag Ard-Fheis Fhine Gael nuair a ceapadh ina thaoiseach é, agus níl aon suim léirithe aige go poiblí sna cúrsaí sin ó toghadh ina theachta Dála den chéad uair in 2011 é. Ní chloistear Gaeilge uaidh sa Dáil ná in agallaimh leis na meáin ach an oiread.

Fág freagra ar '‘Is cuimhin liom gur iompaigh Gay Mitchell ar an bhFraincis trí thimpiste nuair a cuireadh ceist air i nGaeilge’'

  • An Pápa Gaelach

    Gealltar chomh luatha a thoghfar é nó í mar Phápa go bhfeicfear faoi Corp Chríost a chaitheamh ar a c/chéad Chomaoineach Naofa.