‘Is breá liom an tír seo’ – imreoir sacair iompaithe ar an nGaeilge chun buíochas a ghabháil le lucht leanta na hÉireann

Bhí Andrew Omobamidele ar dhuine de na himreoirí is fearr ar fhoireann na hÉireann a chríochnaigh ar comhscór leis an tSeirbia aréir i gcluiche cáilithe do Chorn an Domhain 2022 i gCatar

‘Is breá liom an tír seo’ – imreoir sacair iompaithe ar an nGaeilge chun buíochas a ghabháil le lucht leanta na hÉireann

D’iompaigh duine d’imreoirí sacair na hÉireann ar an nGaeilge chun a bhród a léiriú agus a chéad chluiche os comhair slua imeartha aige d’fhoireann shinsir na tíre i mBaile Átha Cliath.

Bhí Andrew Omobamidele ar fhoireann na hÉireann a chríochnaigh ar comhscór, 1-1, leis an tSeirbia aréir i gcluiche cáilithe do Chorn an Domhain 2022 i gCatar.

Ag imirt sa dara cluiche d’fhoireann na hÉireann a bhí Omobamidele, 19, agus ba léir gur bhain sé taitneamh as an ócáid agus slua de 25,415 duine i láthair i Staid Aviva.

“What a feeling playing in front of the fans for the first time, is breá liom an tír seo,” a dúirt Omobamidele ina theachtaireacht ar na meáin shóisialta.

Imríonn Omobamidele, arb as Léim an Bhradáin i gCill Dara dó, do Norwich City. Fuair sé moladh mór as na taispeántais a thug sé ag deireadh an tséasúir seo caite nuair a bhain an fhoireann ardú céime amach go dtí Príomhroinn Shasana agus meastar nach fada go n-imreoidh sé a chéad chluiche sa Phríomhroinn.

Bhí an t-ógánach ar dhuine de na himreoirí is fearr ag Éirinn sa chluiche aréir agus an fhoireann i mbun cosanta d’fhormhór na himeartha. Roghnaíodh an cúl báire Gavin Bazunu, atá ar comhaois le Omobamidele, mar laoch na himeartha agus na Seirbiaigh curtha ó dhoras aige arís agus arís eile. D’éirigh le hÉirinn an comhscór a fháil a bhuí le cúl tuathail ó Nikola Milenkovic tar éis 85 nóiméad.

Fágann an toradh go bhfuil Éire sa cheathrú háit i nGrúpa A agus iad fós gan aon bhua acu tar éis cúig chluiche. D’fhág an comhscór in aghaidh na Seirbia go bhfuil sé cinnte anois nach mbainfidh Éire áit amach ag Corn an Domhain an bhliain seo chugainn, ach beidh a bhfuil i ndán don bhainisteoir Stephen Kenny ag brath go mór ar chaighdeán na himeartha uathu sna cluichí atá fágtha acu, cluichí a imreofar i mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna.

Fág freagra ar '‘Is breá liom an tír seo’ – imreoir sacair iompaithe ar an nGaeilge chun buíochas a ghabháil le lucht leanta na hÉireann'