Deirtear i staidéar nua go bhfuil na hiontaisí is sine dár sinsir chianda a fuarthas in oirthear na hAfraice milliún bliain níos sine ná a síleadh go dtí seo.
Fágann an t-eolas seo go bhféadfadh gur as an Afraic Theas a tháinig an cine daonna ar dtús.
Maítear sa staidéar nua seo go bhfuil na hiontaisí de na daoine anallód a fuarthas san Afraic Theas idir 3.4 milliún agus 3.6 milliún bliain d’aois.
D’fhágfadh sin go bhfuil siad níos sine ná Lucy, an iontaise cháiliúil a fuarthas san Aetóip i 1979, atá 3.2 milliún bliain d’aois.
Cuireadh tús le taighde ag uaimheanna Sterkfontein, ag ionad oidhreachta Chliabhán an Chine Dhaonna, san Afraic Theas sa mbliain 1936, mar a bhfuarthas an chéad iontaise den hominin, ar speiceas é de homo sapiens.
Ó shin tá na céadta iontaisí eile faighte ar an láthair sin agus ceapadh gur idir dhá mhilliún agus trí mhilliún bliain ó shin a mhaireadar.
A bhuíochas don teicneolaíocht nua le dáta a chur ar iontaisí a úsáideadh sa taighde is déanaí seo, athróidh an tuiscint a bheidh ag taighdeoirí ar dhúchas agus ar éabhlóid an duine.
Fágann an taighde nua seo go bhfuil iontaisí Uaimh Sterkfontein níos sine ná Lucy, an iontaise mór le rá as an Aetóip.
I 1979 a thángthas ar Lucy, bean den speiceas Australopithecus afarensis a mhair 3.2 milliún bliain ó shin.
Baineann na hiontaisí nua-dhátaithe seo leis an ngéineas Australopithecus, hominin a ceapadh a mhair idir 2 milliún agus 2.6 milliún bliain ó shin.
Is mó iontaisí Australopithecus atá faighte in uaimheanna Sterkfontein, siar ó thuaidh ó Johannesburg, ná in aon láthair eile ar domhan.
Sa mbliain 1947 a fuarthas Mrs Ples, an bhlaosc is iomláine den Australopithecus africanus a aimsíodh riamh.
Ag an am sin agus an trealamh a bhí ar fáil, measadh go raibh Mrs Ples, agus iontaisí eile a fuarthas ag an doimhneacht chéanna léi, idir 2.1 agus 2.6 milliún bliain d’aois.
Ach léiríonn an taighde nua seo go bhfuil Mrs Ples agus iontaisí a fuarthas ina haice idir 3.4 agus 3.7 milliún bliain d’aois.
Sin le rá go raibh Mrs Ples agus an chuid eile den Australopithecus africanus ag fánaíocht leo ag an am céanna le Lucy agus na Australopithecus afarensis eile a bhí in oirthear na hAfraice.
D’fhéadfadh go n-athródh an t-eolas nua seo an tuiscint atá againn ar stair ár ndúchais.
Bhíothas den tuairim roimhe seo go raibh Australopithecus na hAfraice Theas ‘ró-óg’ le bheith ina sinsir ag géineas Homo.
Sin an chúis gur ceapadh go dtí seo gur dóichí gur i ndúiche Lucy in oirthear na hAfraice a bhí bunús ghéineas Homo.
Más fíor don taighde nua seo, is léir go raibh ár gcéad sinsir le fáil ar fud na hAfraice ar fad.
Fág freagra ar 'Iontaisí daonna a fuarthas in uaimh milliún bliain níos sine ná a síleadh'