Ionsaí mór tosaithe ag Iosrael ar an t-aon cheantar in Gaza nach raibh mórán dochair déanta dó

Tá Iosrael ag díriú ar Deir al-Balah, mar a bhfuil an phríomhláthair don obair dhaonnúil i gcríocha réabtha na Palaistíne

Ionsaí mór tosaithe ag Iosrael ar an t-aon cheantar in Gaza nach raibh mórán dochair déanta dó

Tá ionsaithe móra aeir agus oibríocht le talamh ar siúl ag Iosrael in Gaza, atá dírithe ar Deir al-Balah, an phríomhláthair don obair dhaonnúil i gcríocha réabtha na Palaistíne.

Tugadh faoi na hionsaithe is déanaí seo an lá céanna a raibh foláirimh á dtabhairt go tréan go raibh an gorta agus an t-ocras ag gabháil in olcas sa stráice le cósta.

Inné an lá ba mheasa le 21 mí do na Palaistínigh dhearóile a bhí sa tóir ar bhia mar gur maraíodh 85 díobh.

I ráiteas ó Chlár Bia Domhanda, gníomhaireacht bia na Náisiún Aontaithe, dúradh gur cruinnithe in aice le fál teorann le hIosrael a bhí formhór na ndaoine a maraíodh Dé Domhnaigh.

Bhí siad ag súil go bhfaighidís plúr ó chonbhua cúnaimh de chuid na Náisiún Aontaithe nuair a scaoil tancanna agus naoscairí Iosrael leo.

Bhí conbhua 25 leoraí le Clár Bia Domhanda na Náisiún Aontaithe ag dul isteach go Gaza le luchtanna cúnaimh agus na sluaite sibhialtach cruinnithe rompu ag fanacht le cúnamh bia a raibh siad ina ghéarghá.

“Agus an conbhua ag teacht ina ngaobhar, d’ionsaigh tancanna, naoscairí agus gunnaí an slua a bhí ag fanacht le bia,” a dúradh i ráiteas ó ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe.

Níl san eachtra sin ach an ceann is deireanaí inar cuireadh chun báis le harm daoine a bhí i scuainí ar thóir bia.

Le beagnach dhá bhliain tá an t-ocras agus an ganntanas ag céasadh Palaistínigh Gaza de bharr feachtas míleata Iosrael in aghaidh Hamas ansin.

Ba é Deir al-Balah an t-aon cheantar a bhí fágtha sa limistéar nach raibh mórán dochair déanta dó ag an gcogadh go dtí seo.

Rinneadh ionsaí an Domhnaigh tar éis d’Iosrael ordú a thabhairt do idir 50,000 agus 80,000 Palaistíneach imeacht leo as Deir al-Balah.

Ar an Domhnach a thug údaráis mhíleata Iosrael an t-ordú aslonnaithe do dhaoine a bhí ina gcónaí i gceantair i lár Ghaza. Sin an chéad uair ó thosaigh an cogadh seo atá ar siúl le 21 mí ar dúradh le daoine atá ina gcónaí i gcomharsanacht Deir al-Balah bóthar a bhualadh.

Fágann an fógra sin go bhfuil fógra imeachta faighte ag na daoine as an gcuid is mó de Gaza ó tháinig deireadh leis an sos comhraic ar an gcéad lá Márta, tuaisceart Ghaza ar fad agus réigiún Rafah sa deisceart, san áireamh.

“Faoin tráth seo tá 87.8% de na críocha faoi fhógraí díbeartha nó i gcriosanna míleata Iosrael agus an 2.1 milliún sibhialtach plódaithe isteach in 12% den stráice agus gan an spás sin féin ina aon phíosa amháin as a chéile, agus na seirbhísí riachtanacha ansin tite as a chéile,” a dúradh i ráiteas ó Oifig Comhordaithe Cúrsaí Daonnúla na Náisiún Aontaithe.

Fág freagra ar 'Ionsaí mór tosaithe ag Iosrael ar an t-aon cheantar in Gaza nach raibh mórán dochair déanta dó'