Tiobraid Árann ag ceiliúradh Chraobh na hÉireann agus slad déanta ar Chorcaigh sa dara leath

Bhí foireann Liam Cahill sé phointe chun deiridh ag leath ama ach bhí rith an ráis leo sa dara leath agus John McGrath agus Darragh McCarthy ina laochra

Tiobraid Árann ag ceiliúradh Chraobh na hÉireann agus slad déanta ar Chorcaigh sa dara leath

Corn Mhic Cárthaigh crochta in airde ag captaen Thiobraid Árann, Ronan Maher. Pic Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Tiobraid Árann 3-27 – Corcaigh 1-18

Cé eile ach Tiobraid Árann chun amadáin a dhéanamh dínn go léir?

Is beag duine taobh amuigh de Dhurlas, Ros Cré, Cluain Meala agus bailte eile an chontae a cheap gurb é Ronan Maher a bheadh ag crochadh Corn Mhic Cárthaigh in airde tráthnóna, ach chreid na Tiobraid Árannaigh agus b’in amháin a theastaigh agus iad anois ag ceiliúradh a 29ú craobh uile-Éireann.

Ag leath ama, bhí lucht an amhrais fós ag ceapadh go mbeadh an corn ag dul cois Laoi agus cúl Shane Barrett tar éis Corcaigh a chur sé phointe chun tosaigh, 1-16 in aghaidh 0-13. Ach sa dara leath thug Tiobraid Árann ceann de na taispeántais is cuimsithí a tugadh riamh i gcluiche ceannais na hÉireann chun an lá a thabhairt leo. Díreach dhá phointe a bhí mar fhreagra ag Corcaigh ar an 3-14 a d’aimsigh Tiobraid Árann i ndiaidh an bhrisidh agus an tóin tite go hiomlán as buachaillí Pat Ryan.

Bhí Noel McGrath mar chuid den fhoireann a chuir deireadh le hiarracht Chill Chainnigh a gcúigiú craobh uile-Éireann as a chéile a bhuachan in 2010 agus cúig bliana déag ina dhiaidh, bhí McGrath i lár an aonaigh arís agus cóisir Chorcaí millte aige féin agus a chomrádaithe. Bhí an choimhlint thart le fada faoin am gur aimsigh sé an pointe deireanach den chluiche in am cúitimh ach bhain a scór an gháir is mó ón lucht tacaíochta i bPáirc an Chrócaigh. Rinne McGrath an scór a cheiliúradh lena dhá lámh in airde i lár na páirce.

Darragh McCarthy a chruthaigh an deis dheireanach sin do McGrath agus rinne an seanfhondúir cinnte a bhuíochas a chur in iúl don ógánach mar bhí McCarthy ina laoch sa gcluiche ceannais. D’fhág an cúpla cárta dearg a fuair McCarthy roimhe seo sa gcraobh, fear óg nach bhfuil an scór bliain bainte amach aige go fóill, go raibh brú mór air sa gcluiche ceannais ach bhí sé gan locht in aghaidh Chorcaí agus 1-13 aimsithe aige, an líon is mó a scóráil aon imreoir ón 2-12 a fuair Nicky English do Thiobraid Árann i gcluiche ceannais 1989.

Noel McGrath agus a mhac Sam. Pic Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Mheas go leor roimh an gcluiche go dtabharfadh Liam Cahill cúram na bpocanna saora do Jason Forde seachas an dualgas sin a fhágáil ar McCarthy ach tar éis dó a chéad iarracht a chur thar an trasnán tar éis deich nóiméad, lean sé leis ag aimsiú scór i ndiaidh scóir agus gan ach aon iarracht ar chor ar bith curtha amú aige sa gcluiche ar fad.

Bhí an chuma ar an scéal ar feadh tamaillín gurb iad na hiarrachtaí ar strae a bhainfeadh tuisle as Tiobraid Árann. Rinneadh an-chuid cainte faoi líne lántosaithe Chorcaí roimh an gcluiche agus faoin gcumas a bhí acu cúil a aimsiú ach, le cabhair Bryan O’Mara a bhí ag imirt mar chosantóir le cois, rinne cosantóirí Thiobraid Árann sárjab chun srian a chur le Brian Hayes, Alan Connolly agus Patrick Horgan.

Ar an taobh eile den pháirc, bhí deiseanna á gcruthú ag Tiobraid Árann, ach chuireadar naoi gcinn d’iarrachtaí ar fóraoil sa gcéad leath agus cuid den obair chrua sin sa gcosaint curtha ó mhaith.

Ceapadh gur cluiche ceannais na gcúl a bheadh againn ach is ar éigean go bhfacthas deis ar bith sa 35 nóiméad sin. Chuir Eoghan Connolly Thiobraid Árann deis amú théis 20 nóiméad agus chuir Jason Forde an liathróid san eangach  i dtreo dheireadh an chéad leatha. Cinneadh, áfach, go raibh sé sa gcearnóg bheag roimh an sliotar.

Tháinig an chéad chúl faoi dheireadh leis an mbuille deireanach den chéad leath. Agus an triúr laistigh ciúnaithe – bhí Robert Doyle, Ronan Maher agus Michael Breen ar fheabhas – tháinig Shane Barrett chun cinn do Chorcaigh agus bhí trí phointe faighte ag an leatosaí láir sular bháigh sé iarracht ghleoite go gcoirnéal na heangaí tar éis do Rob Downey agus Mark Coleman an leathsheans a chruthú dó.

Bhí Diarmuid Healy agus Darragh Fitzgibbon, a d’aimsigh cúig phointe eatarthu sa gcéad leath, ar an mbeirt eile is mó a sheas an fód do Chorcaigh sa gcéad 35 nóiméad sin agus cé nach raibh foireann Pat Ryan i mbarr a maitheasa, bhí bearna shuntasach sé phointe cruthaithe acu  agus na foirne ag déanamh ar na seomraí feistis.

Má bhí na Corcaígh ag súil go bhfeabhsódh cúrsaí sa dara leath agus go gcuirfeadh siad leis an mbearna sin, baineadh siar astu.

Cuireadh drochthús leis an dara leath nuair a chuir Patrick Horgan poc saor éasca go maith amú sa gcéad nóiméad ach d’éireodh rudaí i bhfad, i bhfad níos measa dóibh.

Níor úsáid Tiobraid Árann an cosantóir le cois sa dara leath, bhrúigh siad suas ar phocanna amach Patrick Collins agus thóg siad ceannas iomlán ar chúrsaí sa trian láir. Rinne pointí ó Conor Stakelum, Andrew Ormond agus Jake Morris an bhearna a laghdú faoina leath laistigh de cheithre nóiméad agus d’fhág dhá phointe eile ó Darragh McCarthy nach raibh ach aon phointe amháin idir na foirne faoin 44ú nóiméad.

Bhí Séamus Harnedy tugtha isteach chun iarracht a dhéanamh an taoide a chasadh ar na pocanna amach ach ní raibh tada ag dul i gceart do Chorcaigh agus an cuaille buailte ag Diarmuid Healy agus Darragh Fitzgibbon agus iad sa tóir ar a gcéad scór den dara leath.

Ar an lámh eile, fiú nuair a chuir Tiobraid Árann iarracht amú, bhain siad tairbhe asti. Bhuail iarracht ar phointe ó Jake Morris an trasnán sa 46ú nóiméad agus bhí ar Patrick Collins an cúl a fhágáil chun iarracht a dhéanamh greim a fháil uirthi. Níor éirigh leis, áfach, agus John McGrath tagtha ar an láthair. An Tiobraid Árannach a d’ardaigh an sliotar faoi dheireadh, thóg sé céim timpeall ar Collins agus d’aimsigh sé an líontán chun Tiobraid Árann a chur 1-18 in aghaidh 1-16 chun tosaigh.

Ón bpoc amach, fuair Shane Barrett an chéad scór do Chorcaigh sa dara leath ach níor shocraigh sé an fhoireann. Chuir Séamus Harnedy iarracht amú go luath ina dhiaidh agus ba é John McGrath Thiobraid Árann a d’aimsigh an chéad scór eile tar éis do Willie Connors an-obair a dhéanamh an sliotar a bhuachan i lár na páirce.

PIic Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Bhí McGrath ag cruthú an-chuid fadhbanna do lánchúlaí Chorcaí Eoin Downey agus bhí sé lárnach sa mbuille marfach a buaileadh ar na Corcaígh agus beagán os cionn ceathrú uaire fágtha. Bhí an t-ádh le McGrath nach bhfaca an réiteoir Liam Gordon an sonc beag a thug sé do Downey sular rug sé ar phas mór fada ó Michael Breen ach leanadh leis an imirt agus cinneadh gur Downey a chéile comhraic sa deireadh. Bronnadh poc éirice ar Thiobraid Árann agus bronnadh an dara cárta buí chomh maith ar Downey.

Bháigh Darragh McCarthy a iarracht ón líne 21m agus chuir sé pointe leis go luath ina dhiaidh sin chun Tiobraid Árann a fhágáil 2-21 in aghaidh 1-17 chun cinn.

Is ag an bpointe sin a baineadh amach Patrick Horgan agus cuma chroite go maith ar an laoch 37 bliain d’aois. Ba mhór an chodarsnacht a bhí ann nuair a tháinig an seanlaoch eile, Noel McGrath, chun páirce cúpla nóiméad ina dhiaidh sin agus bhí tuilleadh ceiliúrtha ann do mhuintir McGrath nuair a d’aimsigh John an tríú cúl do Thiobraid Árann sa 60ú nóiméad agus flic beag álainn buailte aige ar an sliotar chun é a chur thar Patrick Collins a bhí ag rith amach ón gcúl.

Choinnigh Corcaigh orthu ag iarraidh an bhearna a laghdú ach ní raibh rud ar bith ag dul i gceart dóibh. Díreach tar éis do McGrath a dhara cúl a fháil, chuir Darragh Fitzgibbon iarracht ar fóraoil, bhuail Séamus Harnedy an trasnán le raspar d’iarracht, chuir Alan Connolly deis eile ar chúl amú le drochphas i dtreo Brian Hayes agus bhuail Mark Coleman an cuaille, an ceathrú huair do Chorcaíoch an cuaille nó an trasnán a bhualadh. Mar bharr ar an donas, chuir Conor Lehane poc pionóis amú.

Léiriú ar chliseadh Chorcaí é nár aimsigh Hayes, Connolly agus Patrick Horgan ach trí phointe eatarthu ón imirt, an líon céanna a fuair Tiobraid Árann ó Rhys Shelly, Robert Doyle agus Eoghan Connolly. Mar sin d’aimsigh na Corcaígh a raibh geansaithe a 13, a 14 agus a 15 orthu an oiread céanna ón imirt is a d’aimsigh na Tiobraid Árannaigh a bhí ag caitheamh geansaithe a 1, 2 agus 3.

Leanfaidh an fiosrú faoin gcliseadh sa dara leath ar aghaidh ar feadh tamaill i gCorcaigh agus níl aon amhras ann ach gur buille ollmhór d’fhoireann Pat Ryan é. Ach ba le Tiobraid Árann an lá agus cinnte nach ndéanfar iad a mheas faoina luach arís go ceann i bhfad.

Corcaigh: P Collins; N O’Leary (0-1), E Downey, S O’Donoghue; C Joyce, R Downey, M Coleman; T O’Mahony, D Fitzgibbon (0-2); D Healy (0-3), S Barrett (1-4), D Dalton (0-1); P Horgan (0-4), A Connolly (0-1), B Hayes (0-1). Fir Ionaid: S Harnedy (0-1) in áit Dalton (44), D Cahalane in áit Healy (56), C Lehane in áit P Horgan (58), S Kingston in áit Connolly (65), T O’Connell in áit O’Mahony (67).

Tiobraid Árann: R Shelly (0-1); R Doyle (0-1), R Maher, M Breen; C Morgan, B O’Mara, E Connolly (0-1); W Connor (0-1), C Stakelum (0-1); J Morris (0-3), A Ormond (0-1), S O’Farrell; D McCarthy (1-13), J McGrath (2-2), J Forde (0-2). Fir Ionaid: S Kennedy in áit O’Mara (50), A Tynan in áit Morgan (56), N McGrath (0-1) in áit O’Farrell (60), D Stakelum in áit C Stakelum (65), O O’Donoghue in áit Ormond (66)

Réiteoir: Liam Gordon (Gaillimh).

Michael Breen agus Ronan Maher. Pic Seán Ó Mainnín/Tuairisc

 

Andrew Ormond agus Alan Tynan. Pic Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Fág freagra ar 'Tiobraid Árann ag ceiliúradh Chraobh na hÉireann agus slad déanta ar Chorcaigh sa dara leath'