Craobh Shinsir Iomána na hÉireann – Cluiche Ceannais
Corcaigh v Tiobraid Árann – Páirc an Chrócaigh, 15:30 (Beo ar RTÉ & BBC)
Bhí cúpla seachtain ghnóthach ag bainisteoir Thiobraid Árann Liam Cahill ó na babhtaí leathcheannais agus é ag iarraidh a fhoireann a réiteach chun aghaidh a thabhairt ar Chorcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann inniu.
Agus an oiread sin staidéir le déanamh ar cén chaoi is fearr srian a chur ar thosaithe Chorcaí agus cén chaoi na deiseanna a chruthú dá thosaithe féin, is maith an rud nach raibh ar Cahill mórán ama a chaitheamh ar a chuid imreoirí a ghríosú don chluiche seo.
Is fada siar a chaithfidh tú dul chun cluiche ceannais iomána a fháil inar measadh go raibh foireann amháin chomh fada sin chun tosaigh ar an bhfoireann eile, chomh fada siar le ré órga Chill Chainnigh ag tús na mílaoise seans. Tá stádas mar rogha láidir na coitiantachta ag Corcaigh tráthnóna agus an stádas sin tuillte go maith acu ach ní dhéanfaidh an chaint uile faoi chumas Choraí ach meon an léigir a chothú i measc imreoirí agus lucht tacaíochta a gcomharsan. Tiobraid Árann, ar ndóigh, a tháinig aniar aduaidh ar shárfhoireann Chill Chainnigh a bhí ag iarraidh an cúigiú craobh as a chéile a bhuachan in 2010 agus beidh siad lánsásta bliain eile a chur leis an ngorta 20 bliain i gCorcaigh.
Beidh Tiobraid Árann ullamh chun troda mar sin ach scéal eile é pé plean atá acu a chur i bhfeidhm. Is mar gheall ar a fheabhas atá Corcaigh, agus tosaithe na foirne go háirithe, go bhfuil an oiread sin cainte déanta fúthu agus go gcreideann go leor go mbuafaidh siad craobh na bliana seo.
An fhadhb is mó atá ag Tiobraid Árann ná go bhfuil cúpla bealach ag Corcaigh le cluiche a bhuachan. Is breá leo cúil, mar a chonacthas sa gcluiche leathcheannais nuair a d’aimsíodar seacht gcinn le stánáil a thabhairt d’Áth Cliath. Nuair a bhíonn Brian Hayes, Alan Connolly agus Patrick Horgan i mbarr a maitheasa, seans nach bhfuil aon fhoireann sa tír in ann iad a stopadh, ach tá cosantóirí maithe ag Tiobraid Árann. Tá cinneadh le déanamh ag Liam Cahill an gcuirfidh sé Ronan Maher, Eoghan Connolly nó Michael Breen, b’fhéidir, ar Hayes, atá mór, láidir agus mar rogha na coitiantachta chun gradam Imreoir na Bliana a fháil, ach tá sé de chumas ag an líne lánchúil srian de chineál éigin a chur ar Hayes, Connolly agus Horgan.
Beidh cúnamh ag teastáil uathu ón líne leathchúil ach caithfear an cúnamh sin a chur ar fáil le nach mbeidh iomarca spáis os comhair triúr naoscairí Chorcaí. Ach tá an baol ann leis an gcur chuige sin go gcruthóidh sé fadhb eile do Thiobraid Árann. Má bhítear ródhírithe ar an líne lántosaithe a choinneáil ciúin d’fhéadfadh Declan Dalton agus Shane Barrett pointí a aimsiú ó i bhfad amach agus d’fhéadfaí lánleas a bhaint as luas agus láidreacht Tim O’Mahony agus Darragh Fitzgibbon i lár na páirce chun an sliotar a bhogadh chun cinn.
Díograis agus díocas a bheidh ag teastáil ó Thiobraid Árann sa trian láir sin chun a gcéilí comhraic a chur faoi bhrú gus gan deis a thabhairt dóibh pasanna cruinne a chur isteach i dtreo na dtosaithe. Beidh leithéidí Sam O’Farrell, Willie Connors, Conor Stakelum agus Bryan O’Mara an-ghnóthach.
Tá na tosaithe ag Tiobraid Árann chun fadhbanna a chruthú do Chorcaigh chomh maith. Tá Jake Morris ag imirt chomh maith is a bhí riamh agus jab le déanamh ag Ciarán Joyce coinneáil leis agus tá an líne lántosaithe beagnach chomh maith le ceann Chorcaí agus cúl an duine aimsithe ag Darragh McCarthy, John McGrath agus Jason Forde. Seans go bhfágfar cúram na bpocanna saora ar Forde, rud a fhágfaidh go gcaithfidh an t-ógánach, McCarthy, tuilleadh a dhéanamh ón imirt. Tá taithí na mblianta ag an mbeirt taobh leis agus iad i measc na dTiobraid Árannach a bhfuil bonn uile-Éireann buaite cheana acu.
Tá cúpla duine eile acu siúd ar an mbinse agus beidh baint mhór ag na hionadaithe le cúrsaí más le Tiobraid Árann an cluiche seo a bhuachan. Tugann Noel McGrath an-spreagadh do na Tiobraid Árannaigh ar an bpáirc agus sna seastáin chuile uair a thagann sé isteach. Fear maith chun oibre é Alan Tynan freisin agus bhí tionchar ar leith ar an imirt ag Oisín O’Donoghue nuair a tháinig sé isteach le cúpla cluiche anuas.
An rud is tábhachtaí do Thiobraid Árann ná a chinntiú go mbeidh siadsan fós sa gcoimhlint faoin am a dtagann na hionadaithe sin chun páirce. Má ligtear do Chorcaigh gearradh a chur fúthu, tá sé an-deacair coinneáil leo.
Cé go bhfuil brú mhór ar Chorcaigh agus gach duine sa mbaile agus níos faide i gcéin ag ceapadh go mbuafaidh siad inniu, is buntáiste ollmhór dóibh go raibh siad sa gcluiche ceannais anuraidh agus gur éirigh leo taispeántas maith a thabhairt, in ainneoin go bhfuair na Cláirínigh an ceann is fearr orthu sa deireadh. Chomh fada is nach gcuireann an brú sin isteach orthu an uair seo agus go n-éiríonn leo a gcluiche féin a imirt, ba cheart go mbeadh Corn Mhic Cárthaigh ag dul cois Laoi.
Donncha
Bhuel a Phadraic. Chonaic tú an rud speisialta sa 2ú leath! Deacair é a mhíniú.