Ionghabháil déanta ag Putin ar cheithre réigiún de chuid na hÚcráine

Uachtarán na Rúise gur cuid den Rúis ‘riamh agus choíche’ ceithre cheantar san Úcráin gafa

Ionghabháil déanta ag Putin ar cheithre réigiún de chuid na hÚcráine

Tá sé fógartha ag Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, go bhfuil ceithre cheantar san Úcráin gafa, go mídhleathach, ag an Rúis agus gur cuid de chríocha na Rúise iad feasta.

Is í an ionghabháil seo an ghabháil críche is mó a rinneadh leis an lámh láidir ar chríocha san Eoraip ón dara cogadh domhanda.

I bPálás Mór na Creimile a tionóladh searmanas an tsínithe, síniú a rinne beag beann den dlí idirnáisiúnta a bheith a shárú. Is ar réigiúin Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia a fógraíodh ceannas, réigiúin atá faoi smacht na Rúise cheana féin.

“Tá a rogha déanta ag an bpobal. Rogha nach féidir a shéanadh. Is é seo is toil leis na milliúin,” a dúirt an tUachtarán Putin. Beidh saoránaigh na gceithre réigiún gafa ina gcuid den Rúis “riamh agus choíche”, a dúirt sé.

Rinne Putin óráid a bhí lán feirge inar cháin sé an tIarthar agus mhaígh go raibh a gcinneadh déanta ag na daoine a bhí ina gcónaí sna réigiúin sin. ‘Cur i gcéill’ a thug dreamanna eile ar na ‘reifrinn’ a tionóladh.

Rinne Putin bagairtí eile faoin arm núicléach agus gealtanas á thabhairt aige go dtabharfaí ‘cosaint’ do na críocha úrghafa “leis an fórsa agus na bealaí ar fad atá againn”.

Sna cúpla lá seo romhainn a thabharfar faoin bpróiseas foirmeálta chun na réigiúin a thabhairt isteach i gCónaidhm na Rúiseach.

Is mór an géarú ar chogadh na Rúise san Úcráin an ionghabháil seo ar chríocha, cé nach bhfuil smacht iomlán ag an Rúis ar na críocha sin go léir.

Gheall Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, go n-íocfadh an Rúis as an ionghabháil gan mhoill agus thionóil sé cruinniú éigeandála dá cheannairí cosanta agus slándála.

Tá os cionn 103,000 ciliméadar cearnach, nó thart ar 15% den tír ar fad, gafa ag an Rúis in oirthear agus deisceart na hÚcráine.

Is ar an gcaoi chéanna seo a ghabh an Rúis leithinis na Crimé in 2014, tar éis dóibh reifreann a thionól, ceann a cáineadh toisc gan é a bheith iontaofa.

Tuairiscíodh níos túisce inniu gur maraíodh is gur gortaíodh a lán sibhialtach nuair a rinne arm na Rúise ionsaí ar chonbhua sibhialtach in Zaporizhzhia. Ba léir ón sclaig mhór a bhí le feiceáil le taobh scuaine carranna gur ionsaí tromchúiseach a bhí ann.

 

Fág freagra ar 'Ionghabháil déanta ag Putin ar cheithre réigiún de chuid na hÚcráine'

  • Gael thar lear

    Hitler ár ré féin atá i bPutin. Tá cogadh os ár gcomhair. Cúis náire dár dtír go rabhamar neodrach agus Hitler ag scriosadh an domain. Ná raibh Éirinn neodrach an uair seo!

  • Gearoid O Raghallaigh

    A chairde,
    Níl sé ceart a rá gur í an ionghabháil seo (ionghabháil ar cheithre réigiún de chuid na Ucráine ag an Rúis) an ghabháil críche is mó a rinneadh leis an lámh láidir ar chríocha san Eoraip ón dara cogadh domhanda.
    Ar 25ú de Mhi na Márta, 1999 thoisigh NATO gníomh mídhleathach trí bhuamáil na Seirbia gan údaras ó Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Rinne siad buamáil ar an infreastructúir sibhialtach san áireamh ospidéil, bóithre, drochid, stáisiúin teliféise agus radio, monarchan agus ag marú na mílte sibhialtaigh. Mhair an buamáil ar feadh 78 lá.
    Mar a dúirt Walter J. Rockler dlíodóir agus ionchúiseoitheoir ag na trialacha Nuremburg sna daichidí.
    “ Seo é an ionsaí is measa ó rinne Hitler ionsaí ar an Pholainn chun ainghíomhartha na Polainne in aghaigh Gearmánaigh a sheachaint”.
    Rinne NATO úsáid as an chúis bhréige go raibh na chéadta míle sibhialtaigh i kosovo á sléachtadh ag na Seirbiaigh chun Serbia a bhuamáil agus an críoch Kosovo a ghabháil. Ba chuid dhílis de Seirbia ar feadh breis is mílte bliain í kosovo.
    An lá atá ann inniu is coilíneacht de chuid Na Stáit Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh í Kosovo. I ndiaidh an chríoch Kosovo a ghabháil agus na bréagreifrinn a eagrú tógadh an bhunáit mhíleata is mó sa réigiún, Camp Bondsteeel.
    Bhunaigh NATO an fasach sna Balcáin i 1999 agus rinne an Rúis aithris orthu san Ucráin i 2022.
    Tá tuairim is 800 bunáiteanna mhíleata ag na Stáit Aontaithe ar feadh an domhain in octó tíortha i gcomparáid le tuarim is fiche ag an Rúis; tá cúig ag an tSín. Chuirfeadh na fíricí seo ag smaoineadh thú cé hé an impiriúlaí is mó?
    Molaim go hard leabhairin suimiúil soléite do dhuine ar bith a bhuil fíor spéis i mbunchúiseanna na gcogadh sna Balcáin. “Le náisiún a mharú, an ionsaí ar an Iugslaive”, ag an staraí Michael Parenti.
    Cad é atá i gcoiteann ag an dá chás, an Ucráin agus na Balcáin? Na Stáit Aontaithe agus NATO.
    I dtóir na fírinne is tabhachtaí éisteacht le dhá thaobh an scéil.
    Más fiafraitheach is feasach!