Iománaithe óga Luimnigh ag iarraidh na Cait a cheansú

An dúshlán atá roimh Brian Cody ná a chinntiú go dtiocfaidh feabhas ar a chuid imreoirí ach beidh fuinneamh na hóige ina spreagadh ag Luimneach

Iománaithe óga Luimnigh ag iarraidh na Cait a cheansú

Fear Luimnigh, Cian Lynch. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Cill Chainnigh v Luimneach, Páirc Uí Nualláin, 7.00i.n. (Beo ar Sky Sports)

Ba é cluiche ceannais na hÉireann1973 an uair dheireanach a bhuail iománaithe Luimnigh ar Chill Chainnigh sa chraobh agus ag breathnú ar an gcorrlach do chluiche na hoíche anocht (Luimneach 10/3), déarfá go bhfuil bua éasca go maith i ndán do na Cait an uair seo. B’fhéidir nach mar sin a tharlóidh, áfach.

Is cinnte nach raibh iománaithe Luimnigh sásta lena dtaispeántas nuair a chaill siad in aghaidh an Chláir ag tús mhí an Mheithimh. Tar éis gur theip orthu an t-ardú céime a bhaint amach sa tsraith, is ar Chraobh na Mumhan a bhí siad ag díriú ach ní raibh siad i mbarr a maitheasa in aghaidh an gCláiríneach, ná baol air.

Bheadh sé deacair don bhainisteoir John Kiely rudaí a chur ina gceart as féin, ach is mór an cúnamh dó an greadadh a thug foireann Faoi-21 an chontae do Thiobraid Árann cúpla seachtain ó shin. D’fhéadfadh an bua sin tionchar díreach a bheith aige ar chluiche na hoíche anocht agus bhí scata imreoirí ón bhfoireann Faoi-21 ar fhoireann na sinsear a thosaigh in aghaidh an Chláir, leithéidí Kyle Hayes Seán Finn, Cian Lynch agus Peter Casey.

Ar an taobh eile den scéal, ní raibh aon údar misnigh ag iománaithe Chill Chainnigh ó chaill siad thíos i Loch Garman. Léiríodh laigí na gCat sa chluiche sin agus gan freagra ar bith acu ar fhuinneamh ná ar dhíocas na foirne baile.

Arís, mar atá feicthe againn le cúpla bliain anuas, bhí Cill Chainnigh ag brath rómhór ar bhuillí saora TJ Reid agus níor aimsigh fir Brian Cody ach 1-4 ón imirt. Nuair a tógadh amach Richie Hogan arís agus an cluiche idir dhá cheann na meá, bhí sé soiléir go raibh fadhbanna acu.

Is faoi Cody a bheidh sé rudaí a chur ina gceart. D’éirigh leis é sin a dhéanamh an uair dheireanach go raibh Cill Chainnigh sna babhtaí cáilithe, in 2013, nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Thiobraid Árann agus ar Phort Láirge, ach níl an fhoireann atá aige chomh láidir agus a bhí an bhliain sin.

Fós, is dána an duine a dhéanfadh beag is fiú de na Cait. Ba é Hogan iománaí na bliana in 2014 agus b’amhlaidh ag Reid in 2015, agus nuair a bhíonn Cillian Buckley agus Colin Fennelly i mbarr a maitheasa, is deacair iad a stopadh.

Cé go bhfuil an chuma ar Luimneach go bhfuil siad ag feabhsú, b’fhéidir go dtógfaidh sé bliain nó dhó eile ar na himreoirí óga sula mbeidh siad réidh chun na Cait a chur faoi chois.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh

Na cluichí eile i mBabhta 1 tráthnóna

Uíbh Fhailí v Port Láirge, Páirc Uí Chonchúir, 3.00i.n.

Tiobraid Árann v An Iarmhí, Staid Semple, 5.00i.n.

Baile Átha Cliath v Laois, Páirc Parnell, 7.00i.n.

Fág freagra ar 'Iománaithe óga Luimnigh ag iarraidh na Cait a cheansú'

  • marcas

    Cill Chainnigh v Luimneach, Páirc Uí Nualláin, 7.00i.n. (Beo ar Sky Sports)
    Cén lá? Inniu? Amárach?

  • marcas

    Cé méid daoine ar mhaith leo breathnú ar an gcluiche seo ach a mbaineann CLG an deis sin díobh toisc nach bhfuil siad in acmhainn Sky Sports a bheith acu? An-chuid a déarfainn agus mé féin ina measc. Ba cheart go mbeadh náire shaolta ar CLG mar gheall air seo. Nílim chun dul síos go dtí an teach tábhairne chun breathnú air ach oiread. Corparáid airgid is ea CLG anois agus an choismhuintir tréigthe acu. Tréigfear iad ar ais i bhfad na haimsire.