Iomaíocht ghéar in Ulaidh agus áit sna cluichí leathcheannais le baint

Tá deis go fóill ag na foirne uile i Roinn 1 Thuaidh áit a bhaint amach sna babhtaí leathcheannais sraithe

Iomaíocht ghéar in Ulaidh agus áit sna cluichí leathcheannais le baint

Niall Grimley (Ard Mhacha) agus Michael Langan (Dún na nGall). Pictiúr: INPHO

Ard Mhacha v Tír Eoghain – Páirc Lúthchleasaíochta, 7.30pm (Beo ar eir Sport)

Ní haon ábhar iontais é go bhfuil Roinn 1 Thuaidh fós idir dhá cheann na meá agus an babhta deireanach cluichí romhainn inniu. Tá Dún na nGall ar bharr na sraithe faoi láthair ach deis fós ag Tír Eoghain, Ard Mhacha agus Muineachán na babhtaí leathcheannais a bhaint amach.

Níl aon chluiche sa tsraith caillte go dtí seo ag na Conallaigh ach níl siad slán ó na babhtaí dícháilithe ach an oiread. Mar sin féin, níl uathu ach comhscór in aghaidh Ard Mhacha tráthnóna chun áit i gcluiche leathcheannais a bhaint amach.

Cluiche comhscóir a bhí acu in aghaidh Mhuineacháin an deireadh seachtaine seo caite agus idir mhaith agus olc sa taispeántas sin. Buille ollmhór a bhí ann go raibh ar Michael Murphy an pháirc a fhágáil luath sa chluiche ach meastar anois go mbeidh sé ar fáil don chluiche craoibhe in aghaidh an Dúin an mhí seo chugainn, ábhar mór faoisimh do lucht tacaíochta na gConallach.

Údar imní dóibh a oscailte agus a d’fhág na cosantóirí a gcúram an deireadh seachtaine seo caite. Scóráil Muineachán ceithre chúl agus go deimhin ba cheart go mbeadh cúpla ceann eile aimsithe acu.

Má bhíonn cosantóirí Dhún na nGall chomh scaoilte céanna inniu, íocfaidh siad as. Tá Ard Mhacha an-láidir i measc na dtosaithe agus léirigh an bheirt i lár na páirce, Jarlath Óg Burns agus Rían O’Neill, a gcumas ar an ionsaí in aghaidh Thír Eoghain sa dara babhta.

Beidh Ard Mhacha ag iarraidh an cluiche seo a bhaint chun a chinntiú go mbeidh áit acu sna babhtaí leathcheannais ach d’fhéadfaidís na cosa a thabhairt leo leis an gcomhscór má bhuann Muineachán ar Thír Eoghain sa chluiche eile.

Ryan McAnespie (Muineachán) agus Conor Meyler (Tír Eoghain). Pictiúr: INPHO/John McVitty

Tír Eoghain v Muineachán – An Ómaigh, 7.30pm

Má éiríonn le Tír Eoghain an ceann is fearr a fháil ar Mhuineachán ar an Ómaigh anocht, beidh siad cinnte d’áit i gcluichí leathcheannais Roinn 1. Chun go mbeadh seans ag Muineachán na babhtaí sin a bhaint amach, chaithfeadh siad buachan ar Thír Eoghain agus chaithfeadh Dún na nGall an ceann is fearr a fháil ar Ard Mhacha.

Thabharfadh a dtaispeántas sa chéad leath in aghaidh na gConallach muinín d’imreoirí Mhuineacháin. Scóráil siad trí chúl sa chéad 20 nóiméad i mBealach Féich agus rinne Conor McCarthy scrios sa líne lántosach. Níor éirigh chomh maith céanna leo ina dhiaidh sin, áfach, agus ligeadar an farasbarr naoi bpointe a bhí acu le fán.

Más i laige a bhí Muineachán ag dul i dtreo dheireadh na himeartha sa chluiche sin, a mhalairt a tharla i gcás Thír Eoghain. Bhí foireann Brian Dooher agus Feargal Logan ar comhscór le hArd Mhacha i dtreo dheireadh na himeartha an tseachtain seo caite ach bhí bearna cúig phointe cruthaithe ag Tír Eoghain faoin am ar séideadh an fheadóg dheireanach.

Tá cuma na maitheasa ar Thír Eoghain sa tsraith agus na comhbhainisteoirí nua ag cur stíl úr i bhfeidhm ar an bhfoireann.

Fág freagra ar 'Iomaíocht ghéar in Ulaidh agus áit sna cluichí leathcheannais le baint'