Inis Oírr an chéad céim eile ar aistear CLG Kammy agus Stelling

Tar éis dóibh a bheith i gCorca Dhuibhne inné, is i nGaeltacht na Gaillimhe a bhí Chris Kamara agus Jeff Stelling tráthnóna agus iad tagtha i dtír in Inis Oírr

Inis Oírr an chéad céim eile ar aistear CLG Kammy agus Stelling

Pictiúr: Twitter/@chris_kammy

Sa Ghaeltacht a d’fhan Chris Kamara agus Jeff Stelling don chéad chéim eile dá dturas timpeall na tíre ag foghlaim faoi ghnáthphobal CLG.

Tar éis dóibh a bheith i gCorca Dhuibhne inné, is in Inis Oírr i nGaeltacht na Gaillimhe a bhí beirt Sky Sports tráthnóna agus iad ag foghlaim faoin dúshlán a bhaineann le cumann oileánach a reáchtáil.

Labhair siad le baill an chumainn agus le muintir na háite chun léargas a fháil ar shaol na n-oileánach.

Ba léir ó na pictiúir a chuir Kamara amach ar na meáin shóisialta gur bhain an bheirt a bhíonn le feiceáil ar Soccer Saturday an-taitneamh as an tráthnóna a chaith siad ar Inis Oírr inniu.

Is i mbun tráchtaireachta ar chluiche idir an Daingean agus An Ghaeltacht a bhí siad inné agus comhairle á cur orthu ag laoch mór na tráchtaireachta CLG, Micheál Ó Muircheartaigh.

Agus cúpla lá eile rompu in Éirinn, tá a n-aghaidh á tabhairt soir ag Stelling agus Kamara chun a fháil amach faoi obair na gcumann CLG sa chuid thoir den tír sula dtabharfaidh siad aghaidh ar Chúige Uladh.

Mar chuid de shraith físeán atá á déanamh ag AIB GAA faoin nasc idir cluichí na gclubanna agus na cluichí idirchontae atá an bheirt in Éirinn.

Ocht bhfíseán san iomlán a dhéanfar a thaifeadadh agus taispeánfar iad ar shuíomhanna mheáin shóisialta AIB GAA as seo go deireadh an tséasúir CLG.

Fág freagra ar 'Inis Oírr an chéad céim eile ar aistear CLG Kammy agus Stelling'

  • Cluain Sceach

    Spéisiúil.