Ceapfar Liz Truss mar Phríomh-Aire na Breataine inniu.
Theresa May agus Margaret Thatcher an t-aon bheirt bhan eile a raibh an post sin acu.
Beidh polaiteoirí agus lucht taidhleoireachta in Éirinn ag éisteacht go cáiréiseach le Truss as seo go ceann cúpla lá féachaint an dtabharfaidh sí aon leid faoina bhfuil i gceist aici a dhéanamh faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann.
Truss a bhrúigh chun cinn an reachtaíocht chun fáil réidh le gnéithe de Phrótacal an Tuaiscirt.
Chuirfeadh an reachtaíocht sin deireadh go haontaobhach le go leor den phrótacal, an comhaontú a rinne an tAontas Eorpach le Rialtas na Breataine chun teorainn chrua a sheachaint ar oileán na hÉireann.
Má tá rún ag Truss i gcónaí an reachtaíocht chonspóideach a thabhairt isteach d’fhéadfadh go dtógfadh sé tamall uirthi agus go leor i dTeach na Tiarnaí atá ina coinne.
Idir an dá linn, d’fhéadfadh sí feidhm a thabhairt d’Alt 16 den phrótacal, gníomh a chuirfeadh stop le go leor de na seiceálacha ar earraí a sheoltar as an mBreatain go dtí an Tuaisceart.
Más mian léi feidhm a thabhairt d’Alt 16 níl ag Truss ach go dtí an 15 Meán Fómhair chun sin a dhéanamh.
Tiocfaidh Truss i gcomharbacht ar Boris Johnson a thabharfaidh ráiteas lasmuigh de Shráid Downing ar maidin sula rachaidh sé go dtí caisleán Bhaile Morail in Obar Dheathain na hAlban.
Timpeall meán lae a chuirfidh Johnson in iúl go hoifigiúil don Bhanríon Eilís go bhfuil sé ag éirí as. Casfaidh Truss leis an mBanríon ansin agus tabharfar cuireadh do cheannaire nua na dTóraithe a bheith ina príomh-aire agus rialtas nua a bhunú.
Beidh Truss ar an 15ú Príomh-Aire ar an mBreatain ó corónaíodh Eilís II.
Tá deacrachtaí siúil ag an mBanríon agus seo an chéad uair nach mbeidh an dualgas áirithe seo á chomhlíonadh aici i bPálás Buckingham.
Ceann de na chéad chúraimí a bheidh ar Truss ná a hairí rialtais a fhógairt. D’fhéadfadh, den chéad uair riamh, nach mbeidh aon fhear geal in aon cheann de na hoifigí stáit is sinsearaí.
Tá caint ann chomh maith go dtabharfaidh Truss ciorruithe cánach isteach agus tuairiscítear chomh maith go bhfuil rún aici billí fuinnimh a choinneáil mar atá agus gan aon ardú eile a cheadú ar phraghsanna.
Cé go raibh Truss in aghaidh an Bhreatimeachta, d’athraigh sí a hintinn agus tá sí anois ar an eite dheis den pháirtí agus í ag brath ar thacaíocht leithéidí Jacob Rees-Mogg.
Deir ceannairí an Aontais Eorpaigh go bhfuil siad sásta dul i mbun idirbheartaíochta le Liz Truss faoin margadh Breatimeachta.
Ach thug príomh-idirbheartaí an Aontais, Maros Sefcovic, rabhadh do Truss nach mbeifí róshásta dá ndéanfadh aon ghníomh aontaobhach eile i leith an mhargaidh.
Chuirfeadh sin an chuma ar an scéal, a dúirt sé, nach raibh “oiread sin spéise ag lucht ceannais na Ríochta Aontaithe sa chomhoibriú”.
Nuair a ceapadh Truss ina Rúnaí Gnóthaí Eachtracha ar dtús síleadh go mbeadh sí sásta iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú faoin bprótacal ach d’éirigh sí níos daingne ina dearcadh ó shin, go háirithe le linn toghchán na ceannaireachta.
Tuairiscítear go bhfuil daoine áirithe san AE dóchasach nach mbeidh Truss chomh diongbháilte céanna faoin scéal agus í anois i Sráid Downing.
Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, inné gur duine “cumasach lán fuinnimh” í Truss ach go raibh go leor teannais agus amhrais cothaithe aici mar gheall ar a tacaíocht do bhille an phrótacail.
“Beidh sí ar an gcéad Phríomh-Aire eile agus oibreoimid léi agus lena foireann, ach tá súil agam go n-éireoidh linn dul ar mhalairt chúrsa i dtaca le caidreamh na Breataine-na hÉireann agus leis an méid atá feicthe againn le cúpla bliain anuas, caidreamh arb iad an teannas agus an tsáinn na comharthaí sóirt a bhí air fad is bhain sé le ceisteanna an-tábhachtach, faoi Thuaisceart Éireann don chuid is mó,” arsa Coveney.
Fág freagra ar 'Imní in Éirinn agus Liz Truss le ceapadh ina Príomh-Aire'