Imní faoi oifigigh pleanála teanga a bheith ‘dóite amach’ ag obair ‘uaigneach’

Agus í ag éirí as a post, labhair oifigeach pleanála teanga na Ceathrún Rún faoi chuid de na dúshláin a bhaineann le hobair na pleanála teanga sa Ghaeltacht

Imní faoi oifigigh pleanála teanga a bheith ‘dóite amach’ ag obair ‘uaigneach’

Tá cur síos déanta ag Oifigeach Pleanála Teanga na Ceathrún Rua i gConamara, atá ag éirí as a post, ar chuid de na dúshláin a bhaineann le hobair na pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt Majella Ní Chríocháin, atá ag éirí as a cúram ar an gCeathrú Rua le tabhairt faoi phost nua leis an bhféile litríochta IMRAM, gur obair í an phleanáil teanga a d’fhéadfadh a bheith “uaigneach”.

Ag caint ar Adhmhaidin ar RnaG dúirt sí go mbíonn tú leat féin go minic mar oifigeach agus tú go minic “báite nó sáite” sna réimsí éagsúla a bhaineann leis an obair agus gan fios agat an bhfuil ag éirí leat.

Cé go bhfuil córas WhatsApp in úsáid ag na hoifigigh atá ag obair sna limistéir pleanála teanga, is minic an pleanálaí dall ar thairbhe na bhfeachtas éagsúil.

Ní leor, dar le Majella Ní Chríocháin, fógraí na bhforas is na seirbhísí poiblí a bheith i nGaeilge agus an teanga sin in úsáid ag gnóthaí na háite mura mbíonn deis ag an bpobal teacht le chéile agus Gaeilge a labhairt ag ócáidí sóisialta.

B’údar dóchais di an taighde a rinne mac léinn le déanaí faoi obair na pleanála teanga do chéim máistreachta, taighde a léirigh go raibh tionchar dearfach ag na feachtais a bhí ar siúl aici sa gceantar ar labhairt na Gaeilge i measc an phobail.

Na daoine as an gceantar a ghlac páirt sa rith a bhíodh ar siúl ag an gcoiste, chuadar i gcleachtadh Gaeilge a labhairt leis na reathaithe eile, fiú más Béarla a bhíodh acu leo roimhe sin. B’amhlaidh an scéal le linn na paindéime agus imeachtaí go leor ar líne – chuaigh daoine i gcleachtadh ar an gcumarsáid dhigiteach a dhéanamh trí Ghaeilge.

Más ugach agus ardú croí a thug an taighde sin do Mhajella Ní Chríocháin agus dá coiste is údar imní di an líon oifigeach pleanála teanga atá “ag éirí as” an obair sin. “Daoine maithe freisin,” a dúirt sí. Ní heol dise cén t-údar atá leis an gcreimeadh sin ar fhoireann, a dúirt sí, ach feictear di nach mbíonn an t-imeacht céanna ar oifigigh sna limistéir ina bhfuil beirt fostaithe.

Ráineodh, a dúirt sí go bhfuil an obair “ródhúslánach” nó go bhfuil daoine “dóite amach” ag na réimsí ilghnéitheacha éagsúla a bhíonn faoina gcúram.

Tá Majella Ní Chríocháin den tuairim gur mithid do dhream éigin an scéal sin a fhiosrú agus ó tharla gur ar Údarás na Gaeltachta atá cúram na pleanála teanga, is leosan imirt.

Ag labhairt dó ar an gclár 7Lá an mhí seo caite, dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, go raibh plean teanga an cheantair ar an bhfód le cúig bliana ach nach raibh “léargas ar fáil” go fóill ar cén chuma a bheadh ar an athbhreithniú. Dúirt Ó Cnáimhsí nach “smaoineamh maith” a bhí sa “féinmheasúnú” agus gur chóir athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh.

Dúirt John Prendergast, Oifigeach Pleanála Teanga Chiarraí Thiar, gur údar “díomá” a bhí ann nach raibh a fhios acu “leathshlí tríd an bplean” cén saghas “monatóireachta” a dhéanfaí air.

“Is próiseas ana-thábhachtach é seo dúinn agus ba mhaith linn fios a bheith againn an bhfuilimid ar an mbóthar ceart nó nach bhfuil,” a dúirt John Prendergast. “Guth neodrach neamhspleách” a theastaigh ó Prendergast chun tabhairt faoin obair athbhreithnithe.

Imní a léirítear coitianta sa bpobal go bhfuil cúraimí a rinneadh go deonach sa bpobal roimhe sin á leagan anois ar na hoifigigh pleanála teanga – féilte, imeachtaí agus maoiniú, seachas pleanáil chórasach fhadtéarmach.

Fág freagra ar 'Imní faoi oifigigh pleanála teanga a bheith ‘dóite amach’ ag obair ‘uaigneach’'

  • Seán ÓM

    Thug Conchúr Ó Giollagáin caint mhaith faoi na fadhbanna a bhaineann leis an gcur chuige seo bliain go leith ó shin le Teacht Aniar.
    Tá sí le feiceáil ar Youtube faoin teideal

    TA 21 01 28 Conchúr Ó Giollagáin

    Nasc san eolas thuas.

  • Sean MacDonnacha

    Is mór an trua dom daoine a fheiceáil ag fágáil a bpostanna mar Oifigigh Pleanála Teanga. Is cúis imní é, mar tá mé díreach tosaithe mar Oifigeach. Ta mé 7 seachtaine isteach sa bpost agus feicim deacrachtaí, mar a dhéanaimid ar fad; ach feicim níos mó féidearthachtaí forbartha.
    B’fhéidir go gcaithfimid tacaíocht a thabhairt dá chéile inár gcuid dúshláin ar bhealach níos dearfaí.
    Tá mo cheisteanna fhéin agam anseo atá mé ag iarradh a réiteach, gan daoine a iompú ón teanga. Ba mhaith liom… go gcuirfí polasaí i bhfeidhm, a chuideodh le daoine gan Gaeilge mhaith, meascadh isteach sa bpobal, trí ligean dóibh leas a bhaint as ár dtacaíocht do thionscadail. Fiú mura bhfuil iontu ach foghlaimeoirí. Braithim má tá siad ag déanamh iarracht an Ghaeilge a fhoghlaim, gur cheart go mbeadh siad mar chuid dár bhforbairtí. Cén bealach eile a fhoghlaimeoidh siad ina ngnó ?

  • Caitríona

    Conas gur anois atá sí ag labhairt amach? Cén chúis nár tharla seo níos túisce? Cén dea-thionchar a d’imir an tOifigeach Pleanála ar an bpobal áitiúil le linn a ról?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Leis an méid airgid atá á chaitheamh ar an scéim phleanála teanga ba mhaith liom toradh an chaiteachais a fheiceáil. Caidé a bhfuil an t-airgead á chaitheamh air? An bhfuil monatóireacht ar bith á dhéanamh? An bhfuil spriocanna leagtha síos / á bhaint amach? An bhfuil tuairisc bhliantúil déanta ag na pleanálaithe teanga agus an bhfuil siad ar fáil don phobal?