Imní faoi impleachtaí teanga stáisiúin núicléach sa Bhreatain Bheag

Tá sé curtha i leith comhlacht atá ag iarraidh stáisiún núicléach a thógáil ar oileán Anglesey go bhfuil fúthu neamhaird a dhéanamh de pholasaithe a tugadh isteach ar mhaithe le cosaint a thabhairt don Bhreatnais

Imní faoi impleachtaí teanga stáisiúin núicléach sa Bhreatain Bheag

Tá imní léirithe ag eagraíochtaí teanga sa Bhreatain Bheag faoi na himpleachtaí teanga a bhainfeadh le tógáil stáisiúin núicléach a thabharfadh na mílte duine isteach go dtí ceantar láidir Breatnaise.

Tá sé curtha i leith Horizon, an comhlacht atá ag iarraidh an stáisiún núicléach a thógáil ar Ynys Môn, oileán Anglesey, go bhfuil fúthu polasaithe a tugadh isteach ar mhaithe le cosaint a thabhairt don Bhreatnais a chur ó mhaith.

Tá an t-oileán ar cheann de na ceantair is láidre sa Bhreatain Bheag ó thaobh na Breatnaise de agus in 2011 mhaígh 57% den phobal ann go raibh labhairt na teanga acu.

Maíonn Horizon go bhféadfadh na forálacha teanga i bPlean Forbartha Áitiúla Gwynedd agus Anglesey bac a chur ar an bhforbairt. De réir an Phlean sin ceadaítear do na húdaráis diúltú d’aon fhorbairt ar an mbonn go ndéanfadh sé dochar ó thaobh na teanga de. Tá Horizon ag iarraidh go gcuirfí ar ceal na forálacha teanga sin nach bhfuil ag teacht, dar leo, le treoracha náisiúnta maidir le cúrsaí teanga sa chóras pleanála.

Dúirt urlabhraí thar ceann Choimisinéir Teanga na Breataine Bige, Meri Huws, áfach, go bhfuil an chosaint a thugtar don teanga i bPlean Forbartha Áitiúla Gwynedd agus Anglesey ag teacht leis an bpolasaí náisiúnta.

Dúirt Menna Machreth ón eagraíocht teanga Cymdeithas yr Iaith go raibh iarracht ar bun ag Horizon an bonn a bhaint de pholasaí teanga na n-údarás áitiúil.

“Tuigeann siad [Horizon] go mbeadh gá ag Wylfa Newydd [an stáisiún núicléach] le líon mór daoine a thiocfadh isteach chun cónaithe sa cheantair, rud a d’fhágfadh níos laige go deo pobal na Breatnaise.

“Táimid ag éileamh ar pholaiteoirí, ar an gComhairle agus ar chigirí droim láimhe a thabhairt lena n-iarracht an polasaí a athrú,” a dúirt urlabhraí Cymdeithas yr Iaith.

Beidh cruinniú poiblí anocht i mBangor faoi chur chuige Horizon i leith na teanga.

Fág freagra ar 'Imní faoi impleachtaí teanga stáisiúin núicléach sa Bhreatain Bheag'