Imní agus fearg mhór i measc iriseoirí Nuacht TG4 faoi ‘roinnt ceamaraí’ le nuacht an Bhéarla

Faoi shocrú nua atá á mholadh d’fhéadfadh go mbeidh ar iriseoirí Gaeilge RTÉ i mBaile Átha Cliath ceamaraí a roinnt le hiriseoirí nuacht an Bhéarla

Imní agus fearg mhór i measc iriseoirí Nuacht TG4 faoi ‘roinnt ceamaraí’ le nuacht an Bhéarla

Tá imní agus fearg mhór i measc bhaill foirne de chuid Nuacht TG4 faoi shocrú nua a d’fhágfadh go mbeadh ceamaraí á roinnt i mBaile Átha Cliath ag an tseirbhís nuachta Ghaeilge le nuacht an Bhéarla.

Faoi láthair bíonn fáil ag Nuacht TG4 ar cheamara dá gcuid féin san ardchathair seacht lá in aghaidh na seachtaine agus bíonn dhá chriú ar fáil Dé Máirt.

Ach faoin socrú nua atá á mholadh d’fhéadfadh go mbeidh ar lucht nuacht na Gaeilge ceamara a roinnt le foireann nuachta an Bhéarla trí lá sa tseachtain agus ceamara amháin a bheidh ar fáil do Nuacht TG4 i mBaile Átha Cliath Dé Máirt.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur phléigh baill foirne de chuid Nuacht TG4 an scéal ag cruinniú a bhí ar siúl Dé Máirt seo caite agus go raibh go leor míshástachta ann faoi.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil sé ina imní faoin tionchar a bheadh ag ciorrú dá leithéid ar neamhspleáchas agus ar shainiúlacht na seirbhíse Gaeilge.

Táthar buartha gurb í fírinne an scéil ná gurbh ionann criúnna a bheith á roinnt idir an dá sheirbhís agus Nuacht TG4 a bheith ag leanúint chlár oibre nuacht an Bhéarla seachas a bheith ag cur ‘Súil Eile’ ar fáil don phobal.

Táthar buartha chomh maith go dtabharfar tús áite i gcónaí do riachtanais na seirbhíse Béarla agus nach mbeidh ar bun ag iriseoirí Gaeilge RTÉ ach ‘aistriúchán’ le cur le seatanna iriseoirí Six One agus nuacht an Bhéarla ag 9pm.

Tá sé ina imní go bhfágfadh a leithéid de chiorrú a lorg ar sheirbhís Nuacht TG4 taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath freisin ó tharla gur minic iriseoirí in áiteanna eile a bheith ag brath ar chriú i mBaile Átha Cliath d’agallaimh dá dtuairiscí.

Tá baill foirne den tuairim láidir nach roinnfí na hacmhainní go cothrom is cuma cad a déarfadh lucht bainistíochta na nuachta in RTÉ.

Dúirt foinse amháin le Tuairisc.ie go rabhthas buartha go mbeidh iriseoirí Gaeilge “ag brath ar cead a fháil ceamara a fháil ar iasacht ó iriseoirí an Bhéarla”.

Dúradh gur bhraith daoine gur “ag dúnadh na seirbhíse nuachta Gaeilge, céim ar chéim” a bhíothas.

Bíonn Nuacht TG4 mar chuid den soláthar reachtúil clár a chuireann RTÉ ar fáil do TG4 gach bliain.

Tá ráiteas faoin scéal seo iarrtha ag Tuairisc.ie ar an NUJ agus ar RTÉ.

Fág freagra ar 'Imní agus fearg mhór i measc iriseoirí Nuacht TG4 faoi ‘roinnt ceamaraí’ le nuacht an Bhéarla'