Imní agus fearg ar mhuintir Thoraí faoi chaighdeán na hoibre ar héileapad nua

Dúirt bainisteoir Comharchumann Thoraigh go raibh sé ‘náireach’ go raibh deacrachtaí leis an áis nua agus go raibh sé ‘dochreidte’ gur glacadh leis an droch-chaighdeán oibre

Imní agus fearg ar mhuintir Thoraí faoi chaighdeán na hoibre ar héileapad nua

Tá idir imní agus fearg ar mhuintir Thoraigh faoi chaighdeán na hoibre a rinneadh ar láthair tuirlingthe nua an héileacaptair san oileán. €200,000 a chosain an héileapad a osclófar go hoifigiúil í i mí Iúil ach atá in úsáid cheana.

Léiríodh imní ag cruinniú de cheantar Bardais na nGleanntach an tseachtain seo faoi chúrsaí sábháilteachta do phíolótaí agus do phaisinéirí a bhíonn ag baint úsáid as an tseirbhís héileacaptair idir Toraigh agus an mhórthír a chuirtear ar fáil uair sa tseachtain.

Tuairiscítear go bhfuil dromchla na láithreach tuirlingthe ag scoilteadh agus ag briseadh agus clocha á gcaitheamh leis an héileacaptar agus paisinéirí dá bharr. Roimhe seo, bhíodh an héileacaptar ag tuirlingt i bpáirc in aice leis an ionad pobail ach bhí deacrachtaí ann tuirlingt san oíche cheal soilse. Beartaíodh héileapad a thógáil, cé gur aerstráice d’eitleán a bhí á lorg ag muintir an oileáin.

Tugadh faoi deara le roinnt seachtainí anuas go bhfuil na soilse atá ar an láthair rógheal agus bhfuil siad ag dalladh na bpíolótaí agus iad ag teacht i dtír san oíche. Tá Comhairle Contae Dhún na nGall chun innealtóirí a chur go Toraigh leis an scéal a fhiosrú agus le scrúdú a dhéanamh ar chaighdeán na hoibre. Tá féar ag fás ar an láthair tuirlingthe agus timpeall ar na soilse ann freisin, agus tá an phéint ar na comharthaí sábháilteachta ar an láthair ag éirí.

Dúirt bainisteoir Comharchumann Thoraigh, Marjorie Uí Chearbhaill, ag an gcruinniú do cheantar bardais na nGleanntach, go raibh sé “náireach” go raibh deacrachtaí leis an áis nua agus go raibh sé “dochreidte” gur glacadh leis an droch-chaighdeán oibre.

Baineann go leor de mhuintir an oileáin úsáid as an tseirbhís héileacaptair, go háirithe i rith an gheimhridh nuair a bhíonn an fharraige rógharbh le dul ar an mbád. Is ar an héileacaptir a thagann dochtúirí, banaltraí agus baill eile na seirbhísí slándála i dtír freisin.

Táthar ag súil go dtiocfaidh ionadaithe ó Roinn na Gaeltachta agus ó Chomhairle Contae Dhún na nGall le scrúdú a dhéanamh ar an obair go luath.

Bíonn an tseirbhís héileacaptair ann uair sa tseachtain gach Déardaoin. Tá an láthair nua tuirlingthe le hoscailt go hoifigiúil ar an 8 Iúil ag an Aire Stáit Gaeltachta Seán Kyne. Tuigtear go leanfaidh an tseirbhís ar aghaidh idir an dá linn.

Fág freagra ar 'Imní agus fearg ar mhuintir Thoraí faoi chaighdeán na hoibre ar héileapad nua'