Imirt Átha Cliath ag dul i ndéine ag an am ceart, seift mhístuama Ard Mhacha, tábhacht na ngrúpaí

Géarú cinniúnach Átha Cliath Díreach théis 45 nóiméad den chluiche in aghaidh Mhaigh Eo a cloiseadh an chéad churfá de ‘Molly Malone’ ó chór Átha Cliath ar Chnoc 16 inné. Bhí foireann na príomhchathrach ocht bpointe chun tosaigh ar a gcéilí comhraic, Jack McCaffrey ar tí teacht isteach san imirt, Aidan O’Shea á thógáil amach […]

Imirt Átha Cliath ag dul i ndéine ag an am ceart, seift mhístuama Ard Mhacha, tábhacht na ngrúpaí

Géarú cinniúnach Átha Cliath

Díreach théis 45 nóiméad den chluiche in aghaidh Mhaigh Eo a cloiseadh an chéad churfá de ‘Molly Malone’ ó chór Átha Cliath ar Chnoc 16 inné. Bhí foireann na príomhchathrach ocht bpointe chun tosaigh ar a gcéilí comhraic, Jack McCaffrey ar tí teacht isteach san imirt, Aidan O’Shea á thógáil amach ag Maigh Eo agus na Dubs ag baint lántaitneamh as lá breá eile ar an gCnoc.

Díreach roimhe sin ag leath ama, is beag duine a cheap gurbh amhlaidh a bheadh, tráth nach raibh Áth Cliath ach pointe amháin chun cinn, 1-6 in aghaidh 0-8, agus an chuid is fearr den imirt sa chéad leath ag Maigh Eo. Agus Áth Cliath maolaithe ó ré órga na foirne idir 2015-2020, bhí gach seans ann go n-éireodh le Maigh Eo iad a shárú mar a tharla in 2021 ach ghéaraigh foireann Átha Cliath ar an imirt ag tús an dara leath mar a dhéanaidís nuair a bhíodar i mbarr a maitheasa.

Bhí sé soiléir ón gcaitheamh isteach go raibh leibhéal eile bainte amach ag Áth Cliath. Chuaigh James McCarthy in airde chun an liathróid a bhuachan agus Jordan Flynn curtha ar a dhroim aige ag an am céanna. Ghlac Con O’Callaghan seilbh ar an liathróid, thug sé pas ar ais do McCarthy a d’imigh ar ruathar agus chuir Paul Mannion críoch leis an ngluaiseacht le scór deas.

D’fhág Colm Basquel ag rith ina dhiaidh David McBrien don chéad scór eile cúpla nóiméad ina dhiaidh sin agus chuir Brian Fenton scór eile leis tar éis d’Áth Cliath cic amach Mhaigh Eo a bhuachan. Bhí Basquel ag ceiliúradh a dhara cúl sa chluiche ceithre nóiméad isteach sa dara leath nuair a rinne Paul Mannion agus Cormac Costello sárobair chun an deis a chruthú agus fuair Mannion a dhara pointe sa chluiche théis 42 nóiméad. Sna seacht nóiméad sin ó thús an dara leath, thug Áth Cliath faoi na postaí cúig huaire, d’aimsigh siad 1-4 agus bhí an cluiche nach mór buaite acu. Ní haon ionadh go raibh fonn canta orthu siúd sa ngorm.

Athrú mór a bhí ann ón taispeántas sa chéad leath nuair a theip ar Áth Cliath an sprioc a aimsiú le hocht gcinn den 16 iarracht a bhí acu. An t-aon ghné den imirt nach raibh ag obair go hiontach sa tríú ceathrú sin den chluiche ná cic amach Átha Cliath agus cúpla ceann curtha ar strae ag Stephen Cluxton nuair a bhí Maigh Eo ag brú suas. Is cinnte go mbeidh nóta déanta de sin i Muineachán, i gCiarraí agus i nDoire.

Tairbhe na dea-oibre sna grúpaí le feiceáil

Tá foirne agus lucht féachana ag foghlaim seachtain i ndiaidh seachtaine maidir le córas nua na craoibhe peile ach léargas láidir an deireadh seachtaine ar an tábhacht a bhaineann le críochnú ar bharr do ghrúpa i mbabhta na ngrúpaí.

Agus buaite ag trí cinn de na foirne a bhí ag imirt as baile sna réamhbhabhtaí, ní fios go fóill cé chomh tábhachtach is atá sé críochnú sa dara háit seachas sa tríú háit sa ghrúpa ach, gan ach ceithre fhoireann fágtha sa chraobh, tá sé suntasach gur chríochnaigh trí cinn acu – Ciarraí, Áth Cliath agus Doire – ar bharr a ngrúpaí chun na réamhbhabhtaí a sheachaint. Is iad Ard Mhacha an t-aon dream a chuaigh díreach ar aghaidh go dtí na babhtaí ceathrú ceannais nár bhuaigh i bPáirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine ach is beag a bhí idir iad agus Muineachán i ndáiríre agus ar chiceanna éirice a chaill foireann Kieran McGeeney arís.

Ní haon iontas mór é gur bhuaigh Ciarraí, Áth Cliath agus Doire ag an deireadh seachtaine, ba iad roghanna na coitiantachta iad sna cluichí a bhí acu, ach bhí cuma thraochta ar Thír Eoghain, Maigh Eo agus Corcaigh sna cluichí céanna, go háirithe sa dara leath. Ní beag an rud é go raibh an foirne sin ag imirt don tríú deireadh seachtaine as a chéile.

Tá amhras ann go fóill arb é an socrú iis fearr go mbeadh trí fhoireann ag teacht slán ó chuile ghrúpa ach go dtí go dtiocfaidh athrú air sin, is léir gur mór an buntáiste é an chéad áit sin a bhaint amach.

GAA Football All-Ireland Senior Championship Quarter-Final, Croke Park, Dublin 1/7/2023
Armagh vs Monaghan
Monaghan’s goalkeeper Rory Beggan saves the winning penalty
Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie

Cuma mhístuama ar sheift Ard Mhacha sna ciceanna éirice

Chaill Ard Mhacha ar chiceanna éirice i gcluiche mór den tríú huair le bliain anuas ar an Satharn agus cé go mbeadh roinnt trua agat dóibh, níor chabhraigh siad leo féin le cinneadh mór amháin a rinneadh le linn na gciceanna oíche Dé Sathairn.

Thóg Callum Cumiskey an tríú cic éirice d’Ard Mhacha agus cé nárbh é an cic ba mheasa ar domhan é, shábháil Rory Beggan éasca go maith é. Tar éis don cheathrar eile ag Ard Mhacha an beart a dhéanamh, rinneadh cinneadh ansin Cumiskey a chur go deireadh an oird don chéad chúig chic eile agus súil, is dócha, go mbeadh an jab déanta sula dtiocfaí chomh fada leis arís.

Dá n-éireodh leis an tseift, seans gur ag moladh Ard Mhacha as a gclisteacht a bheadh muid inniu ach níor éirigh agus anois breathnaíonn sé gur cinneadh místuama go maith a bhí ann. Admháil a bhí ann nach raibh muinín ar bith acu go n-éireodh le Cumiskey scóráil lena dara hiarracht agus seans go ndearna an fanacht rudaí deich n-uaire níos measa dó agus níos mó brú ag teacht air de réir mar a bhí na ciceanna eile á scóráil. Nuair a tugadh an liathróid do Cumiskey den dara huair, bhí air scóráil ach chuir sé a iarracht díreach san áit chéanna ar chuir sé an chéad cheann agus bhí Beggan in ann í a stopadh arís.

Choinnigh Muineachán leis an ord céanna an bealach ar fad tríd. Chuir Gary Mohan, a bhí ar dhuine de na himreoirí is fearr a bhí acu sa chluiche, deis amú chun an cluiche a bhuachan leis an gcúigiú cic ach sheas siad leis. Thóg sé a dhara ceann díreach roimh Cumiskey, shlánaigh sé é agus, mar a tharla, ba é sin cic an bhua.

Ronan McNamee le David Clifford. Pictiúr: INPHO/Ben Brady

Draíocht Clifford agus taibhsí 2003

Thagair Dara Ó Cinnéide ar Tuairisc ag an deireadh seachtaine don gcéad chúpla nóimeat de chluiche leathcheannais iomráiteach 2003 nuair a teanntaíodh é féin agus a pháirtí Darragh Ó Sé ar an dtaobhlíne ar thaobh Sheastán Ó hÓgáin.

Sa leathnóimeat imeartha a lean léirigh scuadrún taicleálaithe as Tír Eoghain díocas chun coimhlinte nár facthas a leithéid roimhe.

Tagraítear go minic den fhíseán de lucht na Láimhe Deirge ag seilg mhórchreach na Ríochta mar léargas ar an lá ar athraigh an pheil go deo.

Ach más briseadh an tseanghnáthaimh a bhí againn an lá sin i bPáirc an Chrócaigh fuaireamar léargas Dé Sathairn seo caite sa phaiste ceannann céanna den ghort ar chuid de bhuantréithe áille an chluiche, tréithe a thagann slán ó gach réabhlóid.

Nuair a tháinig an chaid chuige de phreab ó phas a dhearthár, Paudie, bhí David Clifford ag rith i leataobh i dtreo na líne agus beirt d’imreoirí Thír Eoghain ag déanamh air san áit chéanna faoi Sheastán Ó hÓgáin ar teanntaíodh imreoirí Chiarraí 20 bliain ó shin.

Gan breith ar an liathróid in aon chor bhuail Clifford lena bhosa in aghaidh a choise í agus sheol pas diamhair ard lúbach thar a ghualainn go dtí Tony Brosnan a bhí ag déanamh ar an gcúl faoi dhithneas. Thug Brosnan pas láimhe deas do Sheán O’Shea a chuir clabhsúr cuí ar an ngluaiseacht álainn le cor bréige agus cúl den scoth.

Beifear ag caint go ceann i bhfad faoin ndánaíocht, samhlaíocht agus scil a bhain le pas Clifford, ach tabharfaidh an áit ar an bpáirc a dhein an draíodóir a chleas sásamh ar leith do scoláirí stair na caide i gCiarraí.

Smacht Dhoire

Is deacair é a chreidiúint ach níor ghéill Doire aon chic saor do Chorcaigh laistigh den líne 45 méadar Dé Domhnaigh.

Is iontach an léiriú é sin ar smacht Dhoire, ar ghné lárnach í den chóras imeartha atá acu. B’iontach an gaisce é go háirithe in aghaidh Chorcaí, foireann ar breá leo a bheith ag rith tríd lár na páirce agus tú a mhealladh chun calaois a dhéanamh.

An botún a dhéanann foirne eile nach bhfuil chomh stuama le Doire ina gcur chuige ó thaobh na cosanta ná go dteipeann ar a bhfoighne agus a muinín sa chóras.

Beidh níos mó ná smacht ag teastáil ó Dhoire in aghaidh Chiarraí agus beidh orthu cuimhneamh ar sheift nó dhó nua chun curaidh na hÉireann a chur dá mbuille.

Má chailleann Doire an cluiche leathcheannais beidh siad ar cheann de scata beag foirne ar deacair a rá cé acu an dul chun cinn nó a mhalairt atá déanta acu in 2023.

Tá an cheist chéanna fíor i gcás Chorcaí agus cé gur léir feabhas a bheith tagtha orthu, is sna babhtaí ceathrú ceannais a díbríodh chomh maith anuraidh iad.

Is amhlaidh an scéal i gcás churaidh na sraithe, Maigh Eo, in ainneoin mhaíomh Kevin McStay go bhfuil an dul chun cinn atá déanta i mbliana acu soiléir do chách. Chaill Maigh Eo trí chluiche i gcraobh na bliana seo agus maolchluasach go maith a bhí a lucht leanúna ag fágáil Páirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh i ndiaidh drochlá eile in aghaidh Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Imirt Átha Cliath ag dul i ndéine ag an am ceart, seift mhístuama Ard Mhacha, tábhacht na ngrúpaí'