Creidim i gcónaí nach mór leaganacha nua a chur sa chaint má tá an Ghaeilge le maireachtáil. Seo roinnt eile acu a tháinig chugam an oíche faoi dheireadh nuair a bhuail tinfeadh ón Spiorad Naomh mé.
- An té nach bhfuil láidir ní foláir dó cúrsa karate a dhéanamh.
- Fanacht fada ar thralaí ospidéil.
- Chomh cothrom le tráchtaire as an Independent ag cur síos ar Shinn Féin.
- Sin é anois é, mar a dúirt an bhean tí nuair a leag sí uaithi an folúsghlantóir.
- Uibheacha siopa níos mó, a dúirt cailín an bhaile mhóir nuair a chonaic sí cearc ag breith uibhe.
- Imeacht gan tuairisc oraibh, mar a dúirt Barnier leis na Sasanaigh.
- D’fhág sé iad mar a d’fhág Ismay an Titanic.
- Go n-éirí go geal leat, mar a dúirt an sweep (glantóir simléar) lena mhac.
- Ní scuabfaidh an computer an t-urlár dhuit… mar a dúirt bean as Carna le hiníon comharsan a bhí ag déanamh gaisce go raibh cúrsa ríomhaireachta críochnaithe aici.
Bígí ag cumadh libh!
Críostóir
“Ní scuabfaidh an computer an t-urlár dhuit…”
Is léir nach bhfuil Roomba ag Seosamh.
Mac an Mheiriceánaigh
ha!