Idir phleidhcíocht agus dianmhachnamh sa Dáil agus ábhair mhóra á bplé

Oireann focal amháin thar aon fhocal eile mar chur síos oiriúnach ar scéal an ‘czar tithíochta’…

Idir phleidhcíocht agus dianmhachnamh sa Dáil agus ábhair mhóra á bplé

Baineann iriseoirí agus go leor daoine eile sásamh ar leith as praiseach a thabhairt ar neamhéifeacht polaiteoirí. Ní thuilleann gach botún a dhéanann siad breithiúnas chomh géar, ach uaireanta is deacair smaoineamh ar chur síos níos oiriúnaí.

Bhí Teachtaí Dála ar a mbealach abhaile tráthnóna Déardaoin nuair a chuir Brendan McDonagh deireadh leis an gcéad chaibidil de scéal leadránach an ‘czar tithíochta’. Bhí príomhfheidhmeannach Nama ag tarraingt siar, a dúirt urlabhraí an aire tithíochta James Browne, ionas nach mbeadh sé ina chúis conspóide.

Táthar ag cur agus ag cúiteamh sa rialtas agus ag ceistiú agus ag clamhsán sa bhfreasúra ó fógraíodh sa chlár rialtais i mí Eanáir go mbunófaí oifig nua chun dlús a chur le tógáil tithe. Ghéaraigh an chonspóid ó thug James Browne le fios mí ó shin nach bhféadfaí McDonagh a shárú mar dhuine oiriúnach chun dul i gceannas ar an oifig nua.

Tá dhá cheacht crua polaitiúil foghlamtha ag James Browne ó shin, nó ba chóir go mbeadh. Más mian le haire i gcomhrialtas post a thairiscint do dhuine ar bith ní foláir dul i gcomhairle leis an bpáirtí eile sa chomhrialtas sula gceapfar é nó í.

B’fhiú do Mhicheál Martin an ceacht céanna a fhoghlaim freisin ó theip air an scéal a phlé leis an Tánaiste sular phléigh an t-aire tithíochta é le hiriseoirí.

Is bunúsaí an ceacht eile atá foghlamtha ag James Browne: ná mol rogha phearsanra sara ndéantar í go hoifigiúil, go háirithe más tuarastal €430,000 atá beartaithe ag rialtas a íoc leis an duine a roghnaítear.

Ní raibh an cáineadh a rinne Piaras Doherty ar an gceapachán (“plean náireach”, a dúirt sé i nGaeilge) gan locht, mar a chuir Simon Harris i gcuimhne dó sa Dáil Déardaoin. Nár mhol forógra olltoghcháin Shinn Féin, a dúirt sé, go gceapfaí ardfheidhmeannach nua chun maoirseacht a dhéanamh ar thógáil tithe – díreach mar atá beartaithe ag an rialtas.

Ní mhaolóidh pointe fiúntach an Tánaiste, áfach, an dochar a rinne agus a dhéanfaidh an ceapachán manqué d’inchreidteacht an rialtais. Cuir san áireamh míchruinneas ráitis réamhthoghcháin Fhianna Fáil agus Fhine Gael go mbeadh 40,000 teach tógtha faoi dheireadh 2024.

Anuas ar an amhras a d’fhág caint gan cur leis an dá pháirtí roimh an olltoghchán, anuas ar an nganntanas tithíochta, oireann focal amháin thar aon fhocal eile mar chur síos oiriúnach ar scéal an ‘czar tithíochta’, nach eol a críoch fós: praiseach.

Bhí difríocht mhór idir an t-atmaisféar inar phléigh an Dáil scéal an ‘czar’ (maith dhom an t-athrá, a léitheoir, a léiríonn róchion ar fhoclaíocht bheacht seachas cur síos rialtais) agus scéal tromchúiseach eile a pléadh Déardaoin.

Ní mar ghnáthachrann polaitiúil ach mar mhórchúis imní agus feirge a labhair an t-aire leanaí Norma Foley agus dháréag Teachtaí Dála eile faoin tuairisc aisteach ar chás ‘Grace’ a scríobh an t-abhcóide sinsearach Marjorie Farrelly.

Cuireadh míshásamh leis an tuairisc (“doléite” a dúirt scata Teachtaí) in iúl roimhe seo. Dhírigh an díospóireacht a thosaigh Déardaoin ar chúiseanna imní faoi leith agus ar cheisteanna a bhain leo. Mar shampla:

Cinneadh an rialtais nach bhfuil bunús fianaise ar fáil chun ar tharla do 47 leanbh eile

a cuireadh ar altramas sa teach céanna le ‘Grace’ (ainm a cumadh ar mhaithe le rúndacht) a fhiosrú.

Dúirt John McGuinness ó Fhianna Fáil, a bhfuil spéis curtha sa scéal aige le fada, gur chóir don rialtas a chinntiú go bhfiosrófaí iad. Dúisíonn a ndúirt ceist nár fhreagair sé: conas, tharla nach féidir iachall a chur ar choimisiún neamhspleách rud ar bith a dhéanamh?

Cinneadh a rinne coimisiún Farrelly gan tagairt sa tuairisc d’ábhar a chuir dlíodóir ‘Grace’ faoina bhráid. Dúirt Teachtaí Dála éagsúla gur chóir iarraidh ar Marjorie Farrelly freastal ar chruinniú de choiste Oireachtais.

Ní féidir iachall a chur uirthi teacht os comhair coiste ar bith, rud a thug ar Theachta ón Lucht Oibre, Mark Wall a rá gur chóir iarraidh uirthi ráiteas a eisiúint ar a laghad mar fhreagra ar ghearán an dlíodóra.

Ráiteas an Aturnae Ghinearálta

Marie-Claire Butler, atá freagrach as coimircithe cúirte (‘Grace’ ina measc), nár cuireadh “an-chuid aighneachtaí” a chuir foireann dlí ‘Grace’ chuig an gCoimisiún sa tuairisc agus nach raibh tagairt ar bith dóibh ann.

Dúirt Maeve O’Connell ó Fhine Gael go dtreiseodh an ráiteas sin an míshásamh le tuairisc a bhí easnamhach, dar léi.

Freagracht

Dúirt Mary Lou McDonald agus Teachtaí eile nár fhreagair an coimisiún ceisteanna maidir le freagracht pholaiteoirí agus riarthóirí as ‘Grace’ a bheith fágtha i dteach ar feadh 20 bliain ainneoin tuairiscí ó oibrithe sóisialta a thug le fios nach raibh sé sábháilte ná folláin mar ionad cónaithe.

Cuireadh an díospóireacht ar atráth go dtí an tseachtain seo chugainn tar éis don Teachta neamhspleách, Catherine Connolly a rá nár shíl sí go rabhthas ullamh faoi láthair chun cinneadh a dhéanamh faoi thuairisc an choimisiúin.

Chuir go leor Teachtaí béim ar bheartais chosanta nua do leanaí míchumasacha agus ar mhodhanna fiosrúcháin a bheidh riachtanach amach anseo i bhfianaise thuairisc Farrelly.

Thagair an tAire Leanaí Norma Foley don fheabhas a bhí tagtha ar chosaint leanaí míchumasacha agus clabhsúr á chur aici ar a hóráid i nGaeilge:

“Bíonn gá ann i gcónaí daoine mar seo a chosaint agus aird ar leith a thabhairt dóibh. Anois tá Tusla, HIQA, an tOmbudsman do Leanaí agus rialacha nua agus tacaíochtaí ann chun an aire sin a chur i gcrích, ach tá orainn a bheith faireach an t-am ar fad.”

Ní raibh ach mion-admháil in óráid an aire go mbeidh mórcheisteanna faoi chás ‘Grace’ le cur ag coiste (nó coistí) Oireachtais agus athruithe de dhíth ar chóras cosanta leanaí faoi mhíchumas an stáit.

Chuir an t-aire tús, áfach, le díospóireacht a léirigh toil na Dála ábhar tromchúiseach a phlé ar dhóigh níos doimhne ná mar a léirítear scaití sna giotaí gonta cainte a thaispeántar ar fheasacháin nuachta teilifíse.

Fág freagra ar 'Idir phleidhcíocht agus dianmhachnamh sa Dáil agus ábhair mhóra á bplé'