Iarrtha ar na Náisiúin Aontaithe tacú le feachtas cearta teanga don Tuaisceart

Rinne Conradh na Gaeilge achainí inniu ag fóram de chuid na Náisiún Aontaithe a bhain le cúrsaí coimhlinte, mionlaigh agus cearta

Iarrtha ar na Náisiúin Aontaithe tacú le feachtas cearta teanga don Tuaisceart

 

Tá iarrtha ag Conradh na Gaeilge ar na Náisiúin Aontaithe idirghabháil a dhéanamh san fheachtas ar son reachtaíocht Ghaeilge don Tuaisceart.

Rinne an eagraíocht teanga an achainí sin inniu ag fóram de chuid na Náisiún Aontaithe a bhain le cúrsaí coimhlinte, mionlaigh agus cearta.

D’iarr Conradh na Gaeilge tacaíocht ar na Náisiúin Aontaithe dá éileamh go dtabharfaí cothrom na Féinne do phobal na teanga i dTuaisceart Éireann agus go ndéanfaí gníomh chun sin a bhaint amach.

Tá pobal na Gaeilge sa Tuaisceart ag fanacht ar reachtaíocht don Ghaeilge le fada agus cé gur gheall Rialtas na Breataine go dtabharfaí reachtaíocht teanga agus chultúir isteach in Westminster mí Dheireadh Fómhair mura ndéanfaí an cúram in Stormont roimhe sin, níl tásc ná tuairisc uirthi go fóill.

Agus é ag labhairt tráthnóna ag an 14ú Seisiún den Fhóram Um Shaincheisteanna Mionlaigh , d’iarr Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, Conchúr Ó Muadaigh ar na Náisiúin Aontaithe tacaíocht a thabhairt don éileamh ar reachtaíocht agus straitéis chuimsitheach don Ghaeilge. Lorg sé tacaíocht chomh maith do ghealltanas úr maidir le forbairt straitéiseach earnáil an Ghaeloideachais ó thuaidh. D’éiligh sé go gcuirfeadh na Náisiúin Aontaithe ráiteas amach ina mbeadh na rúin sin agus ina léireofaí tacaíocht d’fheachtas cearta teanga na nGael.

Agus é ag labhairt leis an bhfóram, dúirt Ó Muadaigh go raibh a chuid cainte bunaithe ar a thaithí féin mar Ghael “i stát atá naimhdeach i dtreo na teanga ó bunaíodh é i 1921, a chuir faoi chois í, a chuir cosc uirthi agus a dhiúltaigh cearta phobal na Gaeilge ón am sin i leith”.

Dúirt sé gur fhág an cur chuige sin agus “an polasaí coilíneach” in aghaidh chultúr na hÉireann leis na céadta bliain go raibh air cás na Gaeilge a chur chun cinn ag fóram a bhí dírithe ar “shaincheisteanna mionlaigh”.

Dúirt Ó Muadaigh go raibh gealltanas tugtha maidir leis an nGaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta, i gComhaontú Chill Rímhinn agus arís sa phlean Ré Nua Cur Chuige Nua ach go bhfuiltear fós ag fanacht ar bheart de réir a mbriathar ó na húdaráis.

“Cé go bhfuil páirtithe polaitiúla agus rialtas na Breataine ag rá go bhfuil an reachtaíocht sin ar na bacáin, tuigeann muid go rímhaith 16 bliain de spriocdhátaí caillte, gealltanais gan chomhlíonadh agus bréagmhaidneachain. Tá ár bpobal amhrasach faoi rialtas na Breataine agus ar chumas na n-institiúidí polaitiúla cearta teanga a sholáthar, agus tá údar maith leis an amhras sin.

“Níl mórán measa againn ar ghealltanais fhoirmeálta; tá meas againn ar ghníomh,” a dúirt Ó Muadaigh.

“Le go gcloífear le dlíthe idirnáisiúnta, agus le go gcomhlíonfar gealltanais, ní mór do phobail cosúil lenár bpobal féin agus le fóraim cosúil leis seo a bheith ar an airdeall i dtólamh. Is é sin an t-aon dóigh a dtig le Gaeil sna sé chontae agus le mionlaigh ar fud an domhain dúshlán a chur roimh an naimhdeas, an seicteachas agus an t-imeallú.”

Fág freagra ar 'Iarrtha ar na Náisiúin Aontaithe tacú le feachtas cearta teanga don Tuaisceart'

  • An Teanga Bheo

    Thar am a cearta Teanga bheith ag daoine maith sibh.