Iarrtha ag Kyne ar Aire na Gaeltachta ‘bád nó comhlacht eile’ a lorg do sheirbhís Árann

Dúirt an Teachta Dála ó Fhine Gael go raibh iarrtha aige ar Aire na Gaeltachta socrú eile a lorg do sheirbhís farantóireachta Árann ar eagla nach mbeadh Aran Island Ferries sásta an tseirbhís a chur ar fáil ó mhí Feabhra ar aghaidh

Aran Island ferries

Tá iarrtha ag an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Seán Kyne ar  Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh bád nó comhlacht eile a bheadh feiliúnach seirbhís a chur ar fáil d’Inis Mór a lorg ar eagla nach dtiocfar ar réiteach ar chás Aran Island Ferries.

Thug an Teachta Kyne an méid sin le fios ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu. Bhí cruinniú ag an Teachta Dála leis an Aire Stáit agus le hoifigigh na Roinne Gaeltachta inné inar pléadh scéal Aran Island Ferries.

Tá sé ráite ag an gcomhlacht farantóireachta go gcoinneofar an tseirbhís as Ros a’ Mhíl go Cill Rónáin go dtí an lá deiridh den mhí seo agus tá fáilte curtha ag an Teachta Dála roimh an gcinneadh sin.

Tá an baol ann, áfach, nach mbeidh aon seirbhís ann ón gcéad lá de mhí Feabhra ar aghaidh. D’fhógair an comhlacht i lár na míosa seo caite go mbeidh deireadh á chur lena gcuid seirbhísí ag tús na bliana seo mar gheall ar bhreithiúnas a rinneadh sa Chúirt Uachtarach i dtaobh achomhairc a bhí déanta ag an gcomhlacht.

Sula ndeachaigh siad os comhair na Cúirte Uachtaraí, thug an comhlacht dhá chás san Ard-Chúirt, i gcoinne Chomhairle Contae na Gaillimhe agus i gcoinne Roinn na Mara, mar gheall ar tháillí a bhí á ngearradh ar phaisinéirí Aran Island Ferries.

Dúirt Aran Island Ferries gur fhág na táillí go mbeadh orthu €120,000 in aghaidh na bliana a íoc le Comhairle Contae na Gaillimhe gach bliain agus nach mbeadh sé d’acmhainn acu an t-airgead sin a íoc.

Diúltaíodh do chás an chomhlachta.

Dúirt an Teachta Dála Seán Kyne ar Adhmhaidin inniu gur faoi na comhairleoirí contae atá sé an polasaí i dtaobh na dtáillí a athrú ach go gcaithfeadh an t-airgead a theacht ó áit éigin i mbuiséad na Comhairle.

“Ní bheadh sé ceart ná cóir muintir Árann a fhágáil gan seirbhís agus sin an rud is tábhachtaí, agus tá sé seo ráite agam leis an Aire agus le hoifigigh na Roinne.

“Más rud é nach bhfuil aon athrú ar an scéal tar éis chruinniú na gcomhairleoirí teastóidh plean B ón Rialtas,” a dúirt Kyne.

Nuair a ceistíodh é faoin ‘plean B’ sin, thug Kyne le fios gur iarr sé ar an Aire agus ar oifigigh na Roinne bád nó comhlacht eile a bheadh feiliúnach a lorg chun an tseirbhís a chur ar fáil sa chás nach mbeadh Aran Island Ferries sásta é sin a dhéanamh. Dúirt sé freisin go raibh iarrtha aige ar an Roinn an bhféadfaí PSO a shocrú d’Inis Mór.

Dúirt sé go raibh an comharchumann in Inis Mór sásta glacadh le PSO mar réiteach ar an scéal.

Fág freagra ar 'Iarrtha ag Kyne ar Aire na Gaeltachta ‘bád nó comhlacht eile’ a lorg do sheirbhís Árann'