Iarrtha ag ceannaire Shinn Féin ar an Taoiseach bata agus bóthar a thabhairt do Coveney

Deir Mary Lou McDonald go bhféachfadh Sinn Féin le rún mímhuiníne a chur síos sa Dáil mura mbrisfeadh an Taoiseach an tAire Gnóthaí Eachtracha as a phost

Iarrtha ag ceannaire Shinn Féin ar an Taoiseach bata agus bóthar a thabhairt do Coveney

Tá iarrtha ag ceannaire Shinn Féin ar an Taoiseach bata agus bóthar a thabhairt don Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney, ach dúirt urlabhraí de chuid an Taoisigh tráthnóna go raibh lánmhuinín aige as an aire.

Dúirt Mary Lou McDonald nach raibh iompar Coveney i leith na conspóide faoi cheapachán Katherine Zappone mar thoscaire speisialta sách maith d’aire rialtais ar bith.

Mura mbrisfeadh an Taoiseach Micheál Martin an tAire as a phost chuimhneodh Sinn Féin ar rún mímhuiníne a chur síos sa Dáil in aghaidh Coveney, a dúirt ceannaire Shinn Féin.

“D’fhéadfadh gurb é sin a tharlódh sa deireadh,” a dúirt sí le RTÉ.

“Tá ráite ag an Taoiseach go raibh an tAire Coveney mícheart, nach raibh a chuid iompair ceart, agus mar sin is í an cheist ná cad a dhéanfaidh an Taoiseach faoi seo. Tá sé tábhachtach a rá go bhfuil an Taoiseach i gceannas ar an Rialtas go léir agus ní an chuid de a bhaineann le Fianna Fáil amháin.

“Is gá go mbeadh an fhreagracht i gcroílár an Rialtais, is gá pionós cuí a ghearradh ar an Aire Coveney. Ní mór don Taoiseach gníomh a dhéanamh, is dóigh liom go gcaithfidh sé cur síos soiléir a thabhairt inniu ar a bhfuil i gceist aige a dhéanamh, agus mura bhfuil sé sásta gníomh a dhéanamh, déanfaidh Sinn Féin é,” arsa ceannaire Shinn Féin.

Dúirt Mary Lou McDonald go raibh sé deacair a shamhlú go bhféadfadh Simon Coveney fanacht ina aire i bhfianaise an méid a bhí tarlaithe le hocht seachtaine anuas. Mhaígh sí nach raibh aon iontaoibh ag aon duine as an leagan den scéal a bhí á insint ag an Aire go dtí seo.

Ghabh Simon Coveney leithscéal inné as “náire pholaitiúil” a tharraingt ar an Rialtas agus as a bheith “sleamchúiseach” i dtaobh na conspóide faoi cheapachán Katherine Zappone.

Bhí Coveney os comhair Choiste Gnóthaí Eachtracha an Oireachtais den dara huair le seachtain chun ceisteanna a fhreagairt faoin gconspóid.

Tháinig sé chun solais an tseachtain seo gur ghabh an t-iar-aire Katherine Zappone buíochas le Coveney i mí an Mhárta as post mar thoscaire speisialta chuig na Náisiúin Aontaithe. B’in ceithre mhí sula bhfuair an Taoiseach amach faoin scéal.

Ba chosúil nach raibh an t-eolas sin ag teacht leis an gcuntas a thug Coveney ar an scéal roimhe seo. Ghéill an tAire Gnóthaí Eachtracha inné go ndearna sé botúin i leith na heachtra, ach shéan sé gur thairg sé an post do Zappone i mí an Mhárta.

Sheol Katherine Zappone téacs go dtí Coveney mí an Mhárta ag gabháil buíochais ó chroí leis as an bpost a fháil di.

Dúirt Coveney nár lorg Zappone post uaidh ach gur lorg sí comhairle uaidh ar an 22 Feabhra faoi dhul ag obair le USAID i réimse chearta na mban agus LGBTQ+. Phléigh sé an scéal le hArd-Rúnaí a Roinne Niall Burgess agus cúpla lá ina dhiaidh sin dúirt an tArd-Rúnaí gurbh fhiú smaoineamh faoi phost a chruthú do thoscaire speisialta LGBTQ+ chuig na Náisiúin Aontaithe. Luaigh Coveney ansin le Katherine Zappone go rabhthas ag cuimhneamh ar an ról nua a bhunú agus d’fhiafraigh sé di an mbeadh suim aici ina leithéid dá mbunófaí é.

Ba é an téacs sin a spreag an teachtaireacht inar ghabh Katherine Zappone buíochas le Coveney as an deis a thabhairt di ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann.

Thug Coveney le fios go raibh míthuiscint ar Zappone, áfach, agus nach post a bhí ann ag an bpointe sin ach “coincheap”. Ghéill Coveney gur cheart dó a mhíniú ar shlí “níos soiléire” do Zappone go raibh go leor oibre le déanamh ag a Roinn maidir le bunú an phoist sula bhféadfaí aon tairiscint a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Iarrtha ag ceannaire Shinn Féin ar an Taoiseach bata agus bóthar a thabhairt do Coveney'