I gcuideachta mo sheanchara Joe Sheáinín Ó Tuairisg a chonaic mé rás ‘fear an hata’

Taca an ama seo sa bhliain i 1972 a reáchtáladh na Cluichí Oilimpeacha in München na Gearmáine. Cuireadh suim mhór iontu Tigh Mharcais sa gCoill Rua i gCois Fharraige

I gcuideachta mo sheanchara Joe Sheáinín Ó Tuairisg a chonaic mé rás ‘fear an hata’

Agus mise ag éirí aníos, bád aeir a tugadh ar an gcóras taistil a thugadh ó cheann ceann na spéire duine. Eitleán a bhí baiste air faoin am a bhfuair mé seans ar a leithéid a dhéanamh. Ach bád de chineál eile – curach chanbháis, a d’fhág go bhfaca mé ceann de na rásaí ab fhearr a ritheadh riamh ag na Cluichí Oilimpeacha.

Taca an ama seo sa bhliain i 1972 (26 Lúnasa – 11 Meán Fómhair) a reáchtáladh na Cluichí in München na Gearmáine. Sa lá atá inniu ann, is é gabháil agus marú na lúthchleasaithe Iosraelacha ag grúpa sceimhlitheoireachta Palaistíneach an chuimhne is mó a mhaireann ina dtaobh.

59 iomaitheoir de chuid na hÉireann a chuaigh chuig na cluichí – ochtar ban ina measc. Díobh sin ar fad measadh go mba ag an gCorcaíoch Frank Murphy ba mhó a bhí seans bonn a thabhairt abhaile leis – bhí ceann airgid buaite aige sa rás 1,500 méadar ag Craobhacha na hEorpa trí bliana roimhe sin agus an t-aicsean céanna déanta aige faoi dhíon i 1970.

Mar a thit amach ba é Mac Uí Mhurchú an t-aon Éireannach ar éirigh leis a dhul níb fhaide ná an chéad bhabhta in aon chomórtas in München a raibh iomaíocht cháilithe i gceist. B’in an tréimhse nuair ba lúthchleasaithe as an Aontas Sóivéadach, na Stáit Aontaithe agus Oirthear agus Iarthar na Gearmáine a bhíodh chun cinn i mórán chuile réimse. Eatarthu, bhuaigh na Sóivéadaigh agus an Oir-Ghearmáin trian de na boinn a raibh iomaíocht orthu in München.

Ó shin i leith, níl aon easpa díospóireachta faoin ionracas a bhain leis an gcóras a d’fhág sin amhlaidh, ach sin scéal d’uair eicint eile.

Mar a tharla ní mba sa rás ab ansa leis, an 1,500m, a bhain Frank Murphy amach na babhtaí leathcheannais ach sa gcoimhlint 800m. Ba é an comórtas sin freisin a thug dúinn cuid den iomaíocht ab fhearr a facthas ar thraiceanna na gCluichí Oilimpeacha roimhe sin ná ó shin.

Ina cheartlár bhí Meiriceánach óg 22 bliain d’aois as Canton, Ohio darbh ainm Dave Wottle.

Fearacht Murphy ba don rás 1500m (nó an míle) a thug Wottle tús áite ón am a dtáinig sé in aois fir. Tá sé ráite nach mbacfadh sé beag ná mór leis an rás cáilithe 800m as ar roghnaíodh foireann na Státaí a chuaigh go München murach go raibh sé liostáilte ar lá a bhí leagtha amach ag a thraenálaí dó le dhul ag plé le hobair luais. Bhuaigh sé é sin amach agus cháiligh don 1500m freisin.

Trí lá as a chéile a reáchtáladh an 800m in München. Déardaoin an lá deireanach de Lúnasa bhí ocht gcinn d’fho-rásaí ann, áit ag an triúr ba thúisce a chríochnódh sna babhtaí leathcheannais – ba bheag stró a chuir Wottle air féin agus é ag críochnú sa dara háit i gceann acu.

Lá arna mhárach ba i mbabhtaí leathcheannais éagsúla a bhí Wottle agus an bheirt ba mhó a raibh ceapadh dóibh sa gcomórtas – Mike Boit as an gCéinia agus an Sóivéadach Yevgeniy Arzhanov, fear nár sáraíodh in aon rás ceannais 400m le 4 bliana roimhe sin.

Bhain siadsan an rás ceannais amach gan aon dua, ach ina bhabhta leathcheannais féin ba chosúil cosa Wottle a bheith nite agus na hiomaitheoirí eile ar fad chun cinn air ag an gcúinne deireanach.
Ba faisean leis rith ar an gcuma sin – gan é féin a chroitheadh i gceart go mbeadh sé ag déanamh ar cheann scríbe, ach ba chosúil go rabhthas beirthe air sa rás leathcheannais seo. Ach bhí duine eicint ag guí dó. Sna cúpla coisméig dheireanacha bhí spás ar an taobh istigh agus bhí Dave sa mbabhta ceannais.

I gcuideachta mo sheanchara Joe Sheáinín Ó Tuairisg a chonaic mé an rás leathcheannais sin ar an teilifís agus mhionnaigh muid pébrí céard eile a tharlódh an lá dár gcionn go mbeadh muid ar ais os comhair an scáileáin arís go bhfeicfeadh muid ‘fear an hata’ sa gcoimhlint. Ba nós le Dave caipín baseball a chaitheamh mar go raibh moing fhada gruaige air.

Dave Wottle

Aimsir bhreá fómhair a thug an lá dár gcionn leis agus ag am lóin shocraigh mé féin agus an Tuairisgeach curach chanbháis dhá sheas a bhí aige ag sleamhnán an Locháin Bhig a chur chun farraige ar thóir béile ronnachaí.

Ba bheag acu a tháinig inár mbealach an chéad uair an chloig agus an rud a dtugann muintir Chois Fharraige ‘braísín-fairáilte’ air ár dtreorú go deas réidh soir an cuan. Ansin tháinig briseadh, ceann eile lena shála agus gan achar ar bith bhí airde ronnachaí faoinár gcosa.

Bhí tuairim míle go leith farraige déanta soir againn agus gan aon chuimhne ar an gclog nuair a d’fhógair an scipéir …….“Ó a dhiabhail…….Wottle !”

Thug an t-uaireadóir le fios dúinn nach raibh idir muid agus an rás ceannais ach cosamar fiche nóiméad rud a d’fhág nach mbeadh muid leath bealaigh ar ais chuig Sleamhnán an Locháin dá dtabharfadh muid a n-aghaidh siar láithreach.

Duirling Choill Rua a bhí isteach uainn. Thug captaen an tsoithigh aon bhreathnú amháin isteach air sin agus thug ceann de na horduithe ba chiallmhaire dá dtáinig as a bhéal riamh. “Tigh Mharcais,” a deir sé.

Seoighe Inis Bearachain fhéin ní choinneodh linn agus muid ag déanamh isteach. D’iompair muid an churach go barr an chladaigh agus faoin am ar oscail muid doras theach an óil bhí an t-ochtar reathaithe i rás ceannais an 800m réidh chun iomaíochta i München.

Ní mhillfidh mé deireadh an scéil ort. Níl ann ach an cnaipe a bhrú.

Fág freagra ar 'I gcuideachta mo sheanchara Joe Sheáinín Ó Tuairisg a chonaic mé rás ‘fear an hata’'

  • Bairbre

    Níl an físeán le feiceáil ??

  • Seán

    Tá sé le feiceáil ceart go leor, ach go gcaithfidh tú é a bhrú faoi dhó le teacht ar ar YouTube ar an líne deireadh den teachtaireacht diúltach áit a ndeir sé
    Watch on YouTube

    Sin nó úsáid
    https://youtu.be/5LHid-nC45k

  • donallog

    Caipin ghailf a bhí air agus ní caipín baseball.