Athinsint ar cliché na mbuacaillí bó agus na nIndiach Rua atá in ‘The Hostiles’ a tháinig fé bhráid na ndíograiseoirí scannán in aois seo an Trumpaire. Is é is scéal mar scannán dó ná turas an tseanchaptaein airm a raibh sé de chúram air iar-thaoiseach Indiach a thionlacan amach as an urpost cúlráideach in Fort Berringer, New Mexico ina raibh tamall de sheacht mbliana caite i ngéibheann aige i ngeall ar a chuid ruathar ar an Stát. Ní i bhfad san áit sin a bhí sé ó phobail bhundúchasacha Mheiriceánacha eile, ach ba é an marú ar fad ná go raibh sé beagán os cionn an mhíle míle i gcéin ón mbás i measc a mhuintire féin ar a thalamh dhúchais gar do Butte, Montana. Cuirtear siúl fén scannán le heachtraí an aistir mhóir de dhroim capaill a bhí i ndán don seantaoiseach Indiach seo a raibh ailse ag dul i ndaingean ann.
Mhéadaigh ar mo shuim go luath sa scannán le tagairt don gcur amach a bhí ag an bpríomhphearsa Captain Joseph Blocker ar an ‘gcanúint áitiúil’ – agus cé go gcloistear i móramh na radharc ina dhiaidh sin í, níor ainmníodh in aon chor an urlabhra rúnda seo a bhí le clos. Dar ndóigh, níorbh aon chanúint in aon chor í, ach teanga inti féin, agus éinne a chloisfeadh don gcéad uair sa scannán í, dhéanfadh sé amach as comhthéacs tíreolaíoch an scannáin gurbh é atá sa teanga chéanna ná Cheyenne, ceann de theangacha an fhine Algancaigh.
Tá cur amach ag muintir na hÉireann ar choláistí samhraidh Gaoluinne, agus tá coláistí samhraidh Cheyenne á reachtáil ar thailte Bear Butte State Park ón mbliain 2014 i leith. Pé rath a bhíonn i ndán do thograí mar iad, bhraithfeadh sé go mór ar acmhainní fónta teagaisc a bheith á gcur ar fáil don rang. Saothar álainn cineamatagrafaíochta atá in The Hostiles agus gheobhadh teagascóirí Cheyenne leas a bhaint as radharcra áirithe ann d’fhonn úsáid na teanga a chur ar a súile do na foghlaimeoirí i gcomhthéacs maorga an scáileáin Hollywood. Tá comparáid le déanamh anseo idir The Hostiles agus an gaisce bolscaireachta a dhein Brooklyn nó Song of Granite ar son na Gaeilge, mar shampla.
Ní ceart, ar a shon sin féin, scannáin a bhaineann leas as teangacha mionlaithe a chosaint ón gcritic – is minic fórsaí caolchúiseacha idé-eolaíocha a bheith laistiar díobh. Locht ar The Hostiles más ea ná gur tugadh tromlach na dialóige Cheyenne do Bhreatnach aisteora a ghlac páirt an chaptaein Phoncánaigh ann. Ní ar mhaithe leis an teanga in aon chor a d’fhoglaimeodh státseirbhíseach mar é Cheyenne, ach d’fhonn togra impiriúil na Stát Aontaithe a chur chun cinn. Braithimse go bhfuil tábhacht idé-eolaíoch lena laghad línte a tugadh do na carachtair Cheyenne iad féin in The Hostiles – níl aon radharc ina labhrann aon bheirt Cheyenne le chéile nach mbíonn Captain Joseph Blocker istigh ar an gcomhrá agus údarás á léiriú aige ar chuma éigin.
Agus is fíor é le rá go raibh cúrsaí teanga i measc na n-uirlisí coilínithe lenar cloíodh Indiaigh Mheiriceá. Díríodh go sonrach ar a bhféiniúlacht theangeolaíoch sa chlúmhilleadh a deineadh ar a gcultúr, agus is nós é sin a leantar sa scannán seo faraor.
Cloistear an liú steiréitipiciúil ar a dtugtar ‘whooping’ sa chéad léiriú ar fad a fhaighimid ar aicme bhundúchasach shaor éigin ar an mbóthar go Montana éigin, agus buíon díobh mar ‘droch-Indiaigh’ ag cur tine le tigh inar mhair teaghlach den chine geal áit éigin.
Tá tagairt amháin eile in The Hostiles do thróp seo na whoopála – eachtra an ionsaí a dhein ‘droch-Indiaigh’ éigin eile ar Captain Blocker. Tá tróp seo na whoopála á scaipeadh i measc phobal léitheoireachta Mheiriceá ó scríobh James Parton Life of Thomas Jefferson (1874) fiche éigin bliain roimh an tréimhse lena mbaineann an scannán seo. Mhaígh Parton sa leabhar sin nach bhféadfaí aon mhúineadh a chur ar na hIndiaigh ar an mbonn, a dúirt sé, gur cuimhin leis céimithe bundúchasacha ó scoileanna cónaithe a bheith ag filleadh ar a dtreibheanna gona gcuid sean-nósanna cultúrtha aríst: “whooping into the forest, irreclaimable savages” an cur síos ciníoch a dhein sé orthu.
‘Dea-Indiaigh’ is ea na Cheyennes, mar dhea, agus dá bhrí sin bíonn idir a ngealgháirí agus a gcuid éadach le roinnt acu mar bhronntanais ar Rosalie Quaid, a fágadh ina baintreach nuair a dódh a tigh. Agus í go dubhach fé bhrón le méid a cumha, níor mhór ná gur dhein sí uaigh a teaghlaigh a thochailt lena dhá lámh féin, sluasaid an duine ghil á caitheamh uaithi aici mar a bheadh siombail ann. Ba léir gur chomparáid a bhí ar siúl anseo idir corrmhéin a cuid caointe agus tuiscintí na sochaí gile ar ghnáis chaointe na mbundúchasach. Tuiscint steiréitipiciúil ar an mbean mar ‘dhuine eile’, a bheadh maslach do mhná agus do phobail bhundúchasacha trí chéile.
Baineann toise theangeolaíoch eile leis an léiriú a dhéantar ar na Indiaigh in The Hostiles. Béarla briste a labhrann an Taoiseach Yellowhawk go buíoch beannachtach le Captain Blocker agus a bhuíon ag déanamh ar fhód a shinsir i ndeireadh thiar. Is féidir an t-iompú teanga sollúnta seo a thuiscint mar chuid de thraidisiún an ‘Hollywood Injun English’ a bhfuil leas á bhaint le fada as d’fhonn an tIndiach a léiriú i scannáin mar an ‘duine eile’. Ní mór iompú Yellowhawk ar an mBéarla a thuiscint mar iarracht dhrámatúil, agus thar a bheith anglalárnach, le héachtaint a thabhairt ar chairdeas nua a bheith ag fás idir an duine geal agus an bundúchasach, iad anois ag réiteach níos fearr lena chéile a bhuíochas leis an mBéarla. Agus sin uile in ainneoin an aighnis a d’éirigh cheana idir Yellowhawk agus an Stát coilíneach.
Tacaíonn an scannán seo le mórcheannas Angla-Mheiriceá. Bhraitheas ar shlí nárbh ann do na carachtair Indiacha ach ar mhaithe le cumas teanga Blocker a léiriú, nó chun comhthéacs a thabhairt don mbréagchiontacht a bhraitheann Meiriceánaigh áirithe sa scannán go hannamh mar gheall ar dhíshealbhú na mbundúchasach. Ach ní fhágann teachtaireacht dheiridh an scannáin na hIndiaigh saor ó mhilleán ach an oiread. Éironn le Blocker líne amháin de leithscéal a mhealladh ó Chief Yellowhawk sna radharcanna deireanacha agus an bheirt ar aon fhocal mar dhea go raibh an dá thaobh ciontach as a raibh d’uafás titithe amach eatarthu. Raiméis neamhstairiúil ar fad, agus raiméis dhainséarach, leis, i ré seo na nuachta bréagaí ciníche agus An Trumpaire.
Fág freagra ar 'Athinsint naimhdeach ar cliché na mbuachaillí bó agus na nIndiach Rua'