Ocht gcinn de ghúnaí deasa do bhainiseacha samhraidh

Is beag cuireadh eile a chuireann oiread fonn siopadóireacht ar dhuine agus a chuireann cuireadh bainise

Ocht gcinn de ghúnaí deasa do bhainiseacha samhraidh

Ní fada uainn anois séasúr na mbainiseacha samhraidh agus tá sé in am ag duine ar bith a bhfuil cuireadh faighte acu chuig ceann a bheith ag coinneáil súil amach do ghúnaí deasa sa gcaoi is go mbeidh rogha leathan acu agus nach mbeidh siad faoi bhrú ar bith níos gaire don ócáid.

Is beag cuireadh eile a spreagann oiread fonn siopadóireacht ar dhuine le cuireadh bainise agus bíonn chuile dhuine ag iarraidh go mbeadh barr smaise orthu an lá sin.

Tá gúnaí áille ar fáil faoi láthair, lán le dathanna bríomhara beoga atá an-fheiliúnach go deo do bhainis. Seo cuid de na cinn is mó a thaitin liom féin.

 

 

Gúna pionsail ar dhath turcaide ó ASOS ar €62.21 

Is é an muineál neamhghnách is túisce a tharraing mo shúil ar an gúna álainn seo – titeann an muineál go healaíonta ó na guaillí agus tá an dath ar an gceann seo iontach don tráth seo bliana.

 

 

Gúna línéadaigh ar dhath buí ó Zara ar €49.95

Measaim go mbeadh an ceann seo ar fheabhas do dhuine a bheadh ag freastal ar bhainis faoi ngrian thar sáile nó ar long chúrsála, an nós is deireanaí do bhainiseacha galánta. Tá an línéadach thar cionn sa teas mór agus tá dath na gréine ar an ngúna freisin.

 

Gúna Abbey Clancy x Lipsy ó Next ar €90

An mainicín cáiliúil Abbey Clancy a dhear an gúna seo agus is breá liom an gorm éadrom sin agus an lása álainn a chuireann brí i ngúna atá sách simplí.

 

Gúna dubh ó River Island ar €80

Bheadh an ceann seo ar fheabhas do bhainis fhoirmiúil. Tá gearradh simplí go maith air agus cuma chlasaiceach air a fhágann go bhfuil cuma dhaor air. Beidh an té a chaithfidh an ceann seo leis na hoiriúintí cearta ag mealladh na súl go cinnte.

 

Gúna ‘spirograph’ ó Lennon Courtney ag Dunnes Stores ar €99

Ní hí chuile dhuine a chuimhneodh ar Dunnes Stores do ghúna bainise ach taitníonn an ceann neamhghnách seo liom féin. Tá an gearradh ar an ngúna féin simplí, rud a chiallaíonn go mbainfeá caitheamh rialta as d’ócáidí eile freisin. 

 

Gúna lása ó Mango ar €79.99

Seo an cineál gúna traidisiúnta a chaití ag bainiseacha, ar dhath álainn dearg agus é déanta as lása clasaiceach. Gúna eile é seo nach rachaidh as faisean go luath agus a mhairfidh ar feadh na mblianta.

 

Gúna ar dhath oráiste le cuachóg ó Karen Millen ar €235

Seo an gúna is daoire atá roghnaithe agam ach is breá liom an dath bríomhar oráiste a fheileann go hiontach don tráth seo bliana. Is breá liom an chuachóg atá mar mhaisiú ar an mbásta freisin.

 

Gúna buí ó & Other Stories ar €79

Gúna cídeoige is mó a chaithim féin ag ócáidí ar nós bainiseacha. An ceann álainn spleodrach buí mo rogha phearsanta an uair seo agus é thar a bheith clasaiceach, faiseanta agus compordach. 

Fág freagra ar 'Ocht gcinn de ghúnaí deasa do bhainiseacha samhraidh'

  • Emer Ní Ronáin

    Ní dóigh liom go gcaithfeá dubh ag bainis an gcaithfeá?