Ní shamhlófá an dath bándearg gléineach le neart ná le cumhacht ach bheadh dearúd ort.
I réigiún Uttar Pradesh san India i gceantar atá beo bocht, tá dream daoine, mná misniúla, go bhfuil a n-ainm anairde de thoradh feachtas cosanta atá bunaithe acu le tamall de bhlianta.
Caitheann siad éide bhándearg ar a dtugtar Gulabi, focal Hiondúise ar bhándearg, agus iompraíonn siad maidí bambú.
Is ceiliúradh ar mhná na hIndia an t-ainm, ceiliúradh ar óige, úire agus feimineachas.
Tá sé mar aidhm ag Gulabi, mná bochta i gceantair iargúlta a chosaint ar fhoréigean baile, foréigean gnéis, ‘cos ar bolg’ agus caimiléireacht.
Cuireann siad i gcoinne an éagóir a dheintear ar mhná ar bhonn céasta, sa tír chomh maith.
Tugann siad cabhair agus treoir do mhná maidir le cúrsaí oideachais, cúrsaí airgeadais agus dul chun cinn pearsanta.
Bean darb ainm Sampat Pa Devi a bhunaigh iad nach mór fiche bliain ó shin.
Tá gréasán réigiúnda acu agus iad meáite cearta mná bochta a chosaint ar éagóir de gach sórt. Mná idir ocht mbliana déag agus na trí fichid atá sa ghluaiseacht.
Dhein Bollywood, déantóirí scannán Hiondúise, ceann mar gheall orthu roinnt blianta ó shin.
Tá sé cruthaithe acu go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh acu ag cumasú mná bochta atá faoi thromualach na patrarcachta. san India.
Ní nach ionadh, cuirtear ina gcoinne, agus déantar iarracht beag is fiú a dhéanamh dá ngníomhaíochtaí.
Déantar iarracht imeaglú a dhéanamh orthu. Cuireann póilíní ina leith gur lucht leanúna Mao Zedong iad, duine a dhein scrios ar na milliúin idir óg is sean sa tSín.
Maítear go mbíonn clúmhilleadh agus foréigean ar bun acu chomh maith.
Ainneoin an naimhdis seo, tá na céadta míle bean ina mball den ngrúpa faoin dtráth seo.
Neamhghnách go maith san gcuid sin den ndomhan, tugann fearaibh áirithe tacaíocht dóibh agus tuairiscítear gur iarr feirmeoirí bochta cabhair orthu is labhairt leis na húdaráis ar a son nuair a theip ar bharraí ag tréimhse amháin.
Nach bhfuil a fhios againn go léir gur i dteannta a chéile is fearr sinn.
Trua ná bunaítear eagraíocht mar é, sa tír bheag seo againn féin.
Foréigean baile ina eipidéim in Éirinn a dhearbhaigh an eagraíocht Women’s Aid le fíordhéanaí, rinne 32,144 bean teagmháil leis an eagraíocht sin anuraidh.
Taithí na mban a lorgann cabhair i stáisiúin Gardaí scanrúil. Daichead fén gcéad díobh míshásta le cur chuige an fhórsa nuair a éilíonn siad cabhair. Mór an náire a leithéid.
Beag seans go gcloisfidh tú aon fhear Éireannach ag labhairt amach i gcoinne a ‘ndeartháireacha brúidiúla’.
Is léir go dtógfaidh sé níos mó ná gúna bándearg is maide draighin fearaibh na hÉireann a spreagadh chun labhairt amach i gcoinne na héagóra…
Fág freagra ar 'Gulabi – ceiliúradh ar óige, úire agus feimineachas'