Gradaim Eorpacha bronnta ar chúigear ‘Aistritheoirí Óga’ na bliana

Dalta as Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara a bhuaigh an duais mhór sa gcomórtas Aistritheoirí Óga 2022

Gradaim Eorpacha bronnta ar chúigear ‘Aistritheoirí Óga’ na bliana

Is í Cainnear Nic Réamoinn as Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara a bhuaigh an duais mhór sa gcomórtas Aistritheoirí Óga 2022, a d’eagraigh an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann.

Sé dhuais a bronnadh sa gcomórtas, an duais náisiúnta don saothar aistriúcháin is fearr, duais don aistriúchán is fearr ó gach cúige agus duais don phíosa aistriúcháin is fearr ó theanga seachas an Béarla.

Chomh maith leis an duais náisiúnta a thabhairt léi, bronnadh ar Chainnear Nic Réamoinn chomh maith an duais don aistriúchán is fearr ó theanga seachas an Béarla. Saothar aistriúcháin ó Fhraincis go Gaeilge a rinne Nic Réamoinn.

Ba é Seán Holt as Gaelcholáiste Cheatharlach a bhuaigh an duais do Chúige Laighean. Liam Ó hÓgáin as Pobalscoil Chorca Dhuibhne a bhuaigh an duais do Chúige Mumhan agus Niamh Ní Mhuirí as Scoil Iósaef, Tír Eoghain, a thug léi an duais don saothar aistriúcháin is fearr ag dalta as Cúige Uladh.

Ag labhairt dó ag an searmanas bronnta, mheabhraigh an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers TD, do bhuaiteoirí na bliana seo gur tháinig deireadh le maolú na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh ar an 31 Nollaig 2021.  Dúirt sé go bhfuil sé “thar a bheith tábhachtach go mbeidh scileanna aistriúcháin den scoth ag na daoine atá ag iarraidh na poist san AE a líonadh sna blianta amach romhainn”.   

“Tá scileanna iontacha léirithe ag na buaiteoirí agus ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a ghabháil leis na buaiteoirí agus leis na hiarratasóirí uile a ghlac páirt sa chomórtas i mbliana. Maith sibh!” arsa an tAire Stáit.

Dúirt Seán Hade, Ceann Roinn na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach, gur cheart do na daltaí a ghlac páirt i gcomórtas na bliana seo “a bheith an-bhródúil as an méid atá bainte amach acu’ agus ‘go n-ardaíonn sé [a] chroí an t-ardchaighdeán agus an cruinneas a léirigh na buaiteoirí ina n-aistriúcháin”.

Seo an cúigiú huair ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann an comórtas Aistritheoirí Óga a reáchtáil.

Luaitear trí sprioc le bunú an chomórtais: ardchaighdeán sa nGaeilge a chur chun cinn, ilteangachas a spreagadh i measc daltaí meánscoile agus spéis daltaí i ngairmeacha teanga a mhúscailt. 

Fág freagra ar 'Gradaim Eorpacha bronnta ar chúigear ‘Aistritheoirí Óga’ na bliana'

  • Pól Ó Braoin

    Buíochas le Dia faoin dóchas seo dár dteanga. Comhghairdeas ó chroí leis na daoine óga sin. Bail ó Dhia orthu.
    Tá súil agam go ndéanfar an fhaillí chórasach ar chearta phobal labhartha na Gaeilge a laghdú sa tír seo amach anseo.

  • Fidelma

    Comhghairdeas ó chroí leis na haistritheoirí óga seo.