Go leor idir dhá cheann na meá go fóill agus obair le déanamh ag leithéidí Chiarraí agus Thír Eoghain

Tá deis ag an dá fhoireann déag atá ag imirt tráthnóna an chéad chéim eile den chraobh peile a bhaint amach

Go leor idir dhá cheann na meá go fóill agus obair le déanamh ag leithéidí Chiarraí agus Thír Eoghain

Dé Domhnaigh, 16 Meitheamh

Áth Cliath v Sligeach – Páirc Bhreifne, 1.45in (Beo ar GAAGO)

Ros Comáin v Cill Dara – Páirc Uí Chonchúir, 1.45in (Beo ar RTÉ)

Ciarraí v Lú – Páirc Uí Mhórdha, 2.00in

Corcaigh v Maigh Eo – Páirc na nGael, 2.00in (Beo ar GAAGO)

Gaillimh v Ard Mhacha – Páirc Seán Mac Diarmada, 4.00in (Beo ar RTÉ)

Tír Eoghain v An Iarmhí – Páirc Bhreifne, 4.00in (Beo ar GAAGO)

Is í an fhadhb is mó atá ag daoine le leagan amach nua na craoibhe peile ná gur gá go leor leor cluichí a imirt chun fáil réidh le ceithre fhoireann ó bhabhtaí na ngrúpaí, ach tá cuid d’éirim phlean CLG le feiceáil an deireadh seachtaine seo agus bua ag teastáil ó gach ceann den dá fhoireann déag a bheidh ag dul chun páirce inniu chun na babhtaí ceathrú ceannais nó na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach.

Imní faoi na cluichí gan suntas a spreag lucht Pháirc an Chrócaigh chun an struchtúr seo a roghnú agus cé go bhfuil go leor fós ann a mb’fhearr leo nach mbeadh ach dhá fhoireann ag dul tríd as na grúpaí, ba cheart anois go mbeadh roinnt cluichí suimiúla againn tráthnóna.

Na cluichí i nGrúpa 3 a chuirfidh tús leis an aicsean, an t-aon ghrúpa ina bhfuil ar a laghad pointe amháin faighte ag gach foireann. Tá Ros Comáin agus Áth Cliath ar bharr an tábla ar thrí phointe an taobh faoi láthair agus iad ag imirt in aghaidh Chill Dara agus Shligigh faoi seach inniu. Má bhuann foirne Davy Burke agus Dessie Farrell, beidh difríocht na scór á húsáid chun na foirne sin a scaradh. Tá Ros Comáin dhá phointe chun cinn ar Áth Cliath ó thaobh dhifríocht na scór i láthair na huaire agus iad sa tóir ar áit sna babhtaí ceathrú ceannais.

Tá Sligeach agus Cill Dara fós san iomaíocht d’áit sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais. Beidh sé deacair ag ceachtar acu an bua a fháil inniu ach tá Cill Dara pointe chun tosaigh ar Shligeach ar dhifríocht na scór agus má chailleann an dá fhoireann, is í an fhoireann a chaillfeas leis an méid is mó pointí a bheidh díbeartha ag deireadh an lae.

Tá Grúpaí 1 agus 2 cosúil lena chéile sa chaoi go bhfuil dream amháin ar cheithre phointe, péire ar dhá phointe agus foireann amháin fós folamh gan aon phointe ach seans go fóill acu iad féin a thabhairt slán.

Is iad Maigh Eo atá ar bharr Ghrúpa 1 agus bainfidh siad na babhtaí ceathrú ceannais  amach chomh fada is nach gcailleann siad in aghaidh Chorcaí i Luimneach inniu. D’éirigh níos fearr le Corcaigh sa ghrúpa ná mar a shíl go leor, áfach, agus d’fhéadfadh siad teacht aniar aduaidh ar na Connachtaigh mura bhfuil foireann James Horan go hiomlán dírithe ar an dúshlán atá rompu.

Dá mbuafadh Corcaigh agus dá bhfaigheadh Ciarraí an ceann is fearr ar Lú, bheadh Corcaigh, Ciarraí agus Maigh Eo cothrom ar cheithre phointe agus difríocht na scór ag teastáil chun iad a scaradh óna chéile. Maigh Eo (+6) atá chun tosaigh ar Chiarraí (-3) agus Corcaigh (0) faoi láthair ach d’fhéadfadh sin uile athrú.

Tá Lú fós sa tóir ar áit sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais chomh maith agus dá n-éireodh le fir Mickey Harte an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí, bheadh seaimpíní na hÉireann i mbaol a ndíbeartha as an gcraobh ag brath ar céard a tharlódh sa chluiche eile.

Dála Mhaigh Eo i nGrúpa 1, rachaidh Gaillimh díreach tríd go dtí na babhtaí ceathrú ceannais chomh fada is nach gcailleann siad inniu. Bhí an-bhua ag na Gaillmhigh ar Ard Mhacha i gcluiche iontach i gcraobh na bliana seo caite agus d’fhéadfadh ceann an lae inniu a bheith chomh spleodrach céanna agus bua ag teastáil ó Ard Mhacha le bheith cinnte go bhfanfaidh siad sa chraobh. Ní raibh na Gaillmhigh thar mholadh beirte in aghaidh na hIarmhí ach tá Damien Comer agus Dylan McHugh ar ais ar an bhfoireann don chluiche i gCora Droma Rúisc inniu agus an tosach óg ó chumann Mhicheál Breathnach, Cillian Ó Curraoin, ainmnithe i measc na n-ionadaithe den chéad uair.

Chomh fada go mbuann Tír Eoghain ar an Iarmhí sa chluiche eile i nGrúpa 2, beidh Ard Mhacha slán sa chraobh ar feadh seachtaine eile ar a laghad ach dá mbuafadh foireann Dessie Dolan ar Thír Eoghain, agus is fiú cuimhneamh go raibh na Laighnigh cumasach ina gcluichí go dtí seo, d’fhéadfadh an Iarmhí, Tír Eoghain agus Ard Mhacha uile críochnú ar dhá phointe. Bheadh difríocht na scór ag teastáil arís chun iad a scaradh. Tá an Iarmhí (-9) píosa maith chun deiridh ar an dá fhoireann eile (tá Tír Eoghain agus Ard Mhacha ar (-1)), agus obair le déanamh acu dá réir. Dá dteipfeadh ar Ghaillimh an ceann is fearr a fháil ar Ard Mhacha, dhéanfadh bua don Iarmhí in aghaidh Thír Eoghain, is cuma cén scór, an gnó leis an fhoireann lár tíre a chur tríd go dtí an chéad bhabhta eile.

Fág freagra ar 'Go leor idir dhá cheann na meá go fóill agus obair le déanamh ag leithéidí Chiarraí agus Thír Eoghain'