Gníomh ‘práinneach’ de dhíth le dul i ngleic le ‘titim chriticiúil’ ar líon na ndaltaí Gaeilge GCSE

Deirtear in achainí ar an Aire Oideachais go bhfuil líon na ndaltaí atá ag staidéar ‘Irish’ don GCSE tite beagnach 50%

Gníomh ‘práinneach’ de dhíth le dul i ngleic le ‘titim chriticiúil’ ar líon na ndaltaí Gaeilge GCSE

Tá achainí á déanamh ar an Aire Oideachais ó thuaidh faoin “titim chriticiúil” atá ar líon na ndaltaí in iarbhunscoileanna Béarla a roghnaíonn Gaeilge mar ábhar.

Deirtear sa litir a chuir an eagraíocht tacaíochta múinteoirí, An Gréasán, chuig an Aire Michelle Ilveen (DUP), agus atá feicthe ag Tuairisc.ie, go bhfuil líon na ndaltaí atá ag staidéar ‘Irish’ don GCSE tite beagnach 50%.

Tá gníomh “práinneach agus diongbháilte” de dhíth ón Roinn, a deirtear, chun an meath atá tagtha ar an Ghaeilge agus ar theangacha eile sa chóras meánscolaíochta “a chasadh ar mhalairt treo”.

Tá achainí An Gréasán sínithe ag beagnach trí scór duine, idir mhúinteoirí, lucht dlí agus ghníomhaithe teanga agus tá tacaíocht á lorg ó dhaoine eile.

Ábhar buairimh do lucht na hachainí an laghdú 43% atá tagtha ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge mar ábhar le breis agus deich mbliana anuas. I mbliana 1,519 dalta atá i mbun staidéir ar GCSE Irish i gcomparáid le 2,665 dalta in 2007.

“Tagann breis agus 42% de na daltaí a roghnaíonn TMGO ‘Irish’ ó earnáil na Gaelscolaíochta agus dá fheabhas é seo, folaíonn sé lomchlár na fírinne. Tá staidéar ar ‘Irish’ beagnach ag 50% den leibhéal ag a mbíodh sé tráth”.

Tá dhá chúrsa Gaeilge ar fáil don GCSE ó thuaidh, GCSE Irish, atá dírithe ar dhaltaí sa chóras oideachais Béarla agus GCSE Gaeilge, atá dírithe ar dhaltaí an ghaeloideachais. Tá an laghdú mór tagtha ar líon na ndaltaí a thugann faoi ‘GSCE Irish’, a mhúintear i scoileanna Béarla agus a dhéanann daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge mar ábhar breise.

Maítear sa litir gur “measa an cás” don Ghaeilge ag an A-Leibhéal go dtagann níos mó ná leath de na daltaí a dhéanann Gaeilge ag an leibhéal sin ó earnáil an Ghaeloideachais.

“Ar an chéad spléachadh, bheadh an chuma ar an scéal go bhfuil feabhas beag tagtha ar na huimhreacha don Ghaeilge; in 2007 roghnaigh 279 an t-ábhar ach in 2021 roghnaigh 325 í. Arís folaíonn na figiúirí seo an fhírinne nach bhfuil ach tarraingt ar 50% de na daltaí seo ag teacht ó earnáil an Bhéarla.”

In 2004 cinneadh deireadh a chur le teanga eile mar ábhar riachtanach don GCSE agus tá titim mhór tagtha ó shin ar líon na ndaltaí a mbíonn teangacha á roghnú acu.

Tarraingíodh aird ar stádas na dteangacha in iarbhunscoileanna an tuaiscirt cúpla bliain ó shin nuair a tuairiscíodh nach raibh oiread agus dalta amháin ag déanamh staidéar ar theanga eile ag an GCSE ná ag an A-Leibhéal i scoil ghradamaí i dtuaisceart na cathrach, The Boy’s Model.

Deirtear sa litir chuig an Aire Oideachais gur chóir don Roinn “moladh” do gach dalta ó thuaidh a rogha teanga (Fraincis, Spáinnis, Gearmáinis nó Gaeilge (Irish) a dhéanamh ag an GCSE.

Moltar chomh maith go rachfaí i ngleic le fadhb” fad-aitheanta” a bhaineann le córas marcála scrúduithe Gaeilge agus teangacha eile, a fhágann go mbíonn sé níos deacra ardmharcanna a fháil sna scrúduithe sin i gcomparáid le hábhair eile.

Ar na moltaí eile a dhéantar, deirtear go bhfuil “tacaíocht níos fearr” de dhíth ar dhaltaí ó thuaidh chun freastal ar chúrsaí Gaeltachta, agus gur cheart feachtas “feasachta” a reáchtáil chun “buntáistí na Gaeilge agus an ilteangachais” a chur ar a súile do dhaltaí.

Cinneadh ag cruinniú a reáchtáladh ar líne an tseachtain seo caite faoin bhaol atá ar an Ghaeilge mar ábhar GCSE agus A-Leibhéil an achainí a dhéanamh ar an Aire Oideachais.

Fág freagra ar 'Gníomh ‘práinneach’ de dhíth le dul i ngleic le ‘titim chriticiúil’ ar líon na ndaltaí Gaeilge GCSE'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Is gá teanga anuas ar an mBéarla a bheith éigeantach don GCSE is cuma cad í GA/FR/DE/ES, chun spás a chruthú athuair don Ghaeilge sa chóras oideachais sna 6 Cho.