Gá le ‘dianstaidéar’ a dhéanamh ar sheirbhísí sláinte do mhuintir na Gaeltachta – tuarascáil

Sa tuarascáil is déanaí de chuid Thuismitheoirí na Gaeltachta, tugtar léargas faoi leith ar na fadhbanna a chruthaíonn easpa seirbhísí trí Ghaeilge sa chóras sláinte do theaghlaigh sa Ghaeltacht

Gá le ‘dianstaidéar’ a dhéanamh ar sheirbhísí sláinte do mhuintir na Gaeltachta – tuarascáil

Tá molta i dtuarascáil nua gur cheart “dianstaidéar” a dhéanamh ar an bhfreastal a dhéanann seirbhísí sláinte ar mhuintir na Gaeltachta.

Sa tuarascáil is déanaí de chuid Thuismitheoirí na Gaeltachta, tugtar léargas ar na fadhbanna a chruthaíonn easpa seirbhísí trí Ghaeilge sa chóras sláinte do theaghlaigh sa Ghaeltacht.

An Dr Laoise Ní Thuairisg ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a thug faoin tuarascáil, atá bunaithe ar thorthaí suirbhé a rinne Tuismitheoirí na Gaeltachta anuraidh ar sheirbhísí teaghlaigh sa Ghaeltacht.

De réir an tsuirbhé sin, ní raibh ach 26% de na teaghlaigh Ghaeltachta in ann seirbhís i nGaeilge a fháil ó dhochtúir teaghlaigh nó ó altra phoiblí.

Bhí formhór mór (94%) díobh siúd atá in ann na seirbhísí stáit sin a fháil i nGaeilge sásta le cúrsaí teanga sna seirbhísí ach deirtear sa tuarascáil gur údar mór imní agus frustrachais é ag daoine eile nach mbíonn seirbhís i nGaeilge ar fáil dá ngasúr.

Deirtear go mbraitheann roinnt tuismitheoirí nó caomhnóirí go bhfuil tionchar diúltach ag na heasnaimh sa soláthar reatha ar chaighdeán an tsoláthair agus go mbíonn leibhéal íseal cumais teanga na gcleachtóirí leighis “ag seasamh sa mbealach” ar an tuiscint atá ag na cleachtóirí sin ar shláinte gasúir arb í an Ghaeilge a gcéad theanga. 

Níl sé sásúil ná oiriúnach go mbeadh ar thuismitheoir nó caomhnóir aistriúchán a dhéanamh ar an tseirbhís, a deirtear, cé go mbíonn orthu an cúram sin a dhéanamh go minic.

“Mar atá agus téamaí eile faoi chaibidil, tá sé ríthábhachtach go mbeadh tuiscint ag soláthróirí seirbhísí leighis a dhéanann freastal ar theaghlaigh Ghaeltachta ar an ról atá acu i gcur chuige teanga an teaghlaigh agus an tionchar dearfach nó diúltach a d’fhéadfadh a bheith acu, ní hamháin ar nósmhaireachtaí iompair an teaghlaigh sin ach freisin ar an tuiscint atá féin acu ar shláinte agus ar fholláine an othair,” a deirtear.

Tugtar blaiseadh de chuid de na tuairimí a thug teaghlaigh mar chuid den suirbhé sa tuarascáil. 

“Is mór an trua nach bhfuil na seirbhísí seo ar fáil i nGaeilge,” a dúirt duine amháin faoi chúrsaí sláinte. “Nuair a bhíodh na gasúir óg bhíodh ormsa bheith i m’aistritheoir mar nach mbíodh Gaeilge ag na dochtúirí a dhéanfadh na tástálacha forbartha (developmental tests). Cé chaoi ar féidir le dochtúir tástáil mar sin a dhéanamh ar ghasúir nuair nach bhfuil Gaeilge acu féin? Chuireadh sé as go mór dom.”

Dúirt duine eile go gcuideodh sé dá gcuirfí ceist an raibh seirbhís i nGaeilge ag teastáil ó theaghlach, “seachas go gcaithfí raic a dhéanamh chun an tseirbhís Ghaeilge a fháil i gcónaí.”

Deirtear sa tuarascáil gur léir ó na nótaí tráchta a bhí sa suirbhé gur léir gur ceist í seo a bhfuil teaghlaigh na Gaeltachta ag plé léi le fada an lá.

Moltar sa tuarascáil go ndéanfaí dianstaidéar ar an bhfreastal atá á dhéanamh ar chearta an tsaoránaigh sa Ghaeltacht mar a bhaineann sé le cúrsaí sláinte, agus béim faoi leith ar na daoine sin sa phobal atá faoi aois nó a bhfuil riachtanais speisialta acu agus an rochtain atá acusan ar sheirbhísí leighis sa teanga is oiriúnaí dóibh.

Chomh maith le cúrsaí sláinte, caitear súil freisin ar sheirbhísí eile a chuirtear ar fáil do theaghlaigh sa Ghaeltacht – seirbhísí cúram leanaí, seirbhísí luathoideachais, seirbhísí oideachais agus seirbhísí atá dírithe ar chaitheamh aimsire san áireamh. Déantar scagadh ar an méid a bhí le rá ag tuismitheoirí, idir shástacht agus mhíshástacht, faoina dtaithí agus a dtuairimí ar na seirbhísí sin.

Deirtear go léiríonn torthaí an tsuirbhé gur “taithí dhearfach atá ag formhór mór na rannpháirtithe ar chúrsaí teanga sna seirbhísí teaghlaigh i nGaeilge”. Mar sin féin, luaitear dúshláin ar leith a bhíonn ann agus seirbhísí á seachadadh, ina measc: cur chuige díscaoilte ó thaobh scaipeadh an eolais; úsáid na teanga i soláthar seirbhísí do theaghlaigh; easpa leanúnachais i soláthar na seirbhísí teaghlaigh; easpa taighde straitéiseach fócasaithe a bheadh mar thaca agus seirbhísí teaghlaigh á bhforbairt agus á gcur chun cinn.

An “léiriú is fearr le fada an lá ar chás na dteaghlach Gaeltachta” atá sa tuarascáil, dar le Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta. 

“Insint lom, fhírinneach ar ghnáthshaol na Gaeltachta atá sa tuarascáil seo. Chaithfeadh an méid atá ráite faoi na seirbhísí sláinte go háirithe dul i bhfeidhm ar dhuine. Caithfear aird a thabhairt ar an méid atá ráite ag na tuismitheoirí seo agus an méid atá á éileamh acu” a deir Ní Chéilleachair.

Fág freagra ar 'Gá le ‘dianstaidéar’ a dhéanamh ar sheirbhísí sláinte do mhuintir na Gaeltachta – tuarascáil'

  • Dónall Mór Mac Billing(s)

    Dónall Mac Billings Mór

    — Ní dlí Bille ar bith go dtí go bhfuil leagan Gaeilge ar fáil sínithe ag an Uachtarán de reir ‘Bhunreacht na hÉireann’. (An Saorstát)

    Mar sin rinneadh éagóir ormsa nuair nach raibh leagannacha Gaeilge ar fáil de na ‘Achtanna’ ar cúiseadh mise fúthu’. Ní raibh an hAchtanna dlíthúil !!!

    Ach ba chuma leis an Stát ag an am mar bhí an ‘Chúirt Speisialta Cóiriúil’ (Polaitiúil) faoi lán seoil ag satailt ar chearta teanga, ar chearta daonna agus gearradh 10 mbliana ormsa.

    An Poblachtach— ag fanacht go fóil ar a chearta daonna agus teanga d’ainneoin an Cultúr Angla-Mheiriceánach agus meon an ‘Rialtais’

    Ar aghaidh chun bua,

    Dónall Mór Mac Billing(s)

    Gaeltacht Phríosún Phort Laoise
    Bloc E