Dúirt an Coimisinéir Teanga i dTeach Laighean tráthnóna gur deacair “a shamhlú” go mbainfidh an stát amach a phríomhsprioc maidir le hearcú cainteoirí Gaeilge mura ndéanann an rialtas gníomh gan mhoill i leith chóras na gceart teanga.
Bhí an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn, os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais agus plé á dhéanamh faoina thuarascáil bhliantúil agus an sprioc gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí faoi 2030.
Chuir cathaoirleach agus baill an choiste in iúl go raibh siad buartha faoina laghad dul chun cinn atá déanta maidir leis an sprioc 20% agus léirigh an Coimisinéir amhras chomh maith faoina réalaíche is a bhí an sprioc gan struchtúir bhunúsacha a bheith in áit.
Ba ghá, mar shampla, a dúirt sé,
aonad comhordúcháin
agus tuairiscithe straitéise a bhunú le tacú leis Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge “maoirseacht a dhéanamh ar earcú foirne atá inniúil i nGaeilge ar bhonn córasach trasna na seirbhíse poiblí”.
Mura mbunófaí a leithéid d’aonad ní éireodh leis an iarracht earcaíochta ná an sprioc atá sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí,” a dúirt sé.
“Mura ndéanfar comhordú, tomhas agus tuairisciú ar bhonn leanúnach ar fud na seirbhíse poiblí ar fheidhmiú an chrainn taca seo den Phlean Náisiúnta tá riosca mór ann, a d’áiteoinn, nach n-éireoidh leis an Stát a chuid dualgas reachtúil maidir leis an bhforáil 20% d’earcaigh atá inniúil i nGaeilge a
fhíorú,” arsa an Coimisinéir Teanga.
Dúirt sé chomh maith gur “deacair” a shamhlú go ndéanfaí aon “dul chun cinn suntasach” maidir le feabhas a chur ar an soláthar seirbhísí poiblí i nGaeilge “sa gcúpla bliain amach romhainn” mura ndéanfaí dhá bheart thábhachtacha.
Is iad an dá bheart a luaigh sé ná córas na gcaighdeán teanga a bhunú agus an phleanáil atá ag teastáil chun go mbainfí amach an phríomhsprioc earcaíochta 20%.
“Ní féidir bunchloch láidir a leagan faoin bPlean Náisiúnta áfach, dar liom, gan feidhm iomlán a thabhairt gan mhoill do dhá chrann taca a bhfuil feidhmiú éifeachtach an Phlean Náisiúnta ag brath go mór orthu, is iad sin feidhmiú chóras na gcaighdeán teanga agus feidhmiú na forála 20% d’earcaigh atá inniúil sa Ghaeilge idir Meitheamh 2022 agus Nollaig 2030.”
Dúirt sé gur léiriú ar “scála na hoibre atá romhainn” moill an rialtais i leith fhoilsiú na gcaighdeán teanga agus fógairt an dáta faoina ndéanfar na seirbhísí go léir a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil sa Ghaeltacht a sholáthar i nGaeilge.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo níos luaithe i mbliana, sháraigh an Rialtas Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair a cailleadh sprioc thábhachtach sa reachtaíocht maidir le seirbhísí Gaeilge. Faoin Acht ba ghá d’Aire na Gaeltachta dáta a roghnú os cionn sé mhí ó shin faoi cén uair a chuirfear gach seirbhís phoiblí ar fáil trí Ghaeilge sa nGaeltacht.
Maidir leis an moill ar chóras na gcaighdeán teanga a thabhairt isteach, dúirt an Coimisinéir go raibh “folús” ann ó d’éirigh aire na Gaeltachta as scéimeanna teanga nua a dhaingniú.
Bhí sé i gceist go mbeadh córas na gcaighdeán, atá le teacht in áit chóras na scéimeanna teanga, i bhfeidhm roimh dheireadh 2024.
Faoi chóras na scéimeanna teanga d’aontaíodh comhlachtaí poiblí ina gceann agus ina gceann scéim teanga le Roinn na Gaeltachta, scéimeanna a chuireadh ceangal orthu seirbhísí áirithe a chur ar fáil i nGaeilge. Bhíothas den tuairim le fada go raibh córas na scéimeanna imithe in aimhréidh agus dúirt an Coimisinéir Teanga tráthnóna go raibh sé tábhachtach nach ligfí don rud céanna tarlú do chóras na gcaighdeán nuair a thabharfar isteach é.
Dúirt sé gur ceann de na contúirtí ba mhó don phlean feabhas a chur ar an soláthar seirbhísí poiblí i nGaeilge ná go mbeadh an easpa “comhordúcháin” agus an “cur chuige scaoilte” a bhain le córas na scéimeanna teanga i réim arís sa phlean nua.
Chaithfí é sin “a sheachaint ar ais nó ar éigean”, arsa an Coimisinéir Teanga.
Is é córas nua na gCaighdeán Teanga a leagfaidh amach cad iad na seirbhísí poiblí nua a chaithfidh comhlachtaí poiblí a sholáthar i nGaeilge.
Dúirt an Coimisinéir Teanga chomh maith tráthnóna nach mbíonn go leor bunseirbhísí poiblí ar fáil ar líne i nGaeilge agus gur minic nach mbíonn deis ag an bpobal clárú i nGaeilge do sheirbhísí poiblí nó iarratas nó coinne a dhéanamh le comhlacht poiblí i nGaeilge.
Dúirt sé gur ábhar mór imní é a laghad seirbhísí poiblí atá ar fáil i nGaeilge ar an lárthairseach náisiúnta, MyGovID.
Tharraing an Coimisinéir aird ar chás MyGovID ina thuarascáil bhliantúil, a foilsíodh ag deireadh na míosa seo caite.
Bhí Oifig na bPasanna, Uisce Éireann, Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Contae Chill Dara i measc na gcomhlachtaí a sháraigh an dlí teanga anuraidh, de réir na tuarascála bliantúla is déanaí ón gCoimisinéir Teanga.
Fág freagra ar 'Gníomh gan mhoill ag teastáil ón Rialtas i leith cearta teanga nó ní thiocfaidh feabhas ar sheirbhísí Gaeilge'