GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Deiseanna ardoideachais ar fáil ar chláir Rochtana Ollscoil na Gaillimhe

Tá deiseanna ardoideachais ar fáil do gach duine den phobal le breis agus fiche bliain i ngeall ar iarrachtaí Ollscoil na Gaillimhe trí Chlár Dioplóma an Ionaid Rochtana. Dearadh na cláir go sonrach chun timpeallacht oideachais thacúil a chur ar fáil do mhic léinn agus chun iad a ullmhú go hacadúil agus go pearsanta do […]

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Deiseanna ardoideachais ar fáil ar chláir Rochtana Ollscoil na Gaillimhe

Tá deiseanna ardoideachais ar fáil do gach duine den phobal le breis agus fiche bliain i ngeall ar iarrachtaí Ollscoil na Gaillimhe trí Chlár Dioplóma an Ionaid Rochtana. Dearadh na cláir go sonrach chun timpeallacht oideachais thacúil a chur ar fáil do mhic léinn agus chun iad a ullmhú go hacadúil agus go pearsanta do chlár fochéime tríú leibhéal. Tá na cláir Rochtana á gcur ar fáil ag Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair do lucht fágála scoile (22 bliain nó níos óige) agus do mhic léinn lánfhásta (23 bliain nó níos sine) ar champas Ollscoil na Gaillimhe, chomh maith lenár n-ionaid for-rochtana i dTuaim agus ar an gCeathrú Rua.

Tá na cláir ullmhúcháin seo dírithe ar an mac léinn, agus cuireann teagascóirí agus comhaltaí foirne oilte i láthair i dtimpeallacht thacúil iad. An mórchuspóir atá leo deis a thabhairt do chách freastal ar an gcoláiste agus dul ar aghaidh chuig cúrsa céime lánaimseartha nó páirtaimseartha ar chríochnú an chúrsa dóibh. Cuireann an tIonad Rochtana tacaíocht leanúnach ar fáil do gach mac léinn.

Tá dhá ghné thacaíochta mar chuid d’ábhar an chúrsa: croí-ábhair agus roghanna acadúla. Áirítear leis na croí-ábhair Scileanna Staidéir Acadúla, Scríbhneoireacht Acadúil, Teicneolaíocht Acadúil agus Engage – Scileanna don Choláiste agus Scileanna Gairme.

Roghanna acadúla: deis a thabhairt do mhic léinn bunchúrsaí ollscoile a dhéanamh chun go mbeidh a fhios acu céard atá i gceist le staidéar ag an tríú leibhéal laistigh de choláistí Ollscoil na Gaillimhe. Go hiondúil, roghnaíonn mic léinn ceithre ábhar astu seo a leanas:

  • Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta & an Léinn Cheiltigh: Fealsúnacht, Socheolaíocht, Stair, Béarla, Matamaitic, Tíreolaíocht
  • Coláiste na hEolaíochta: Matamaitic, Fisic, Ceimic, Bitheolaíocht
  • Coláiste na hInnealtóireachta & na hIonformaitice: Matamaitic, Fisic, Ceimic, Bitheolaíocht
  • Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí: Eacnamaíocht/Matamaitic

Bronnfaidh Ollscoil na Gaillimhe Dioplóma sa Bhonnstaidéar ar na rannpháirtithe a n-éireoidh leo an Cúrsa Rochtana a chríochnú go rathúil, agus beidh siad i dteideal iarratas a dhéanamh (tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO)) ar chúrsaí céime lánaimseartha neamhainmnithe san Ollscoil.

Is é aidhm an Ionaid Rochtana timpeallacht chuiditheach foghlama a chothú ina dtabharfar deis do mhic léinn a bhí nó atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, mic léinn faoi mhíchumas agus mic léinn lánfhásta rochtain a fháil ar oideachas tríú leibhéal agus rath a bheith orthu. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.universityofgalway.ie/access

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Deiseanna ardoideachais ar fáil ar chláir Rochtana Ollscoil na Gaillimhe'