GNÉ-ALT FOGRAÍOCHTA: Bainisteoir Réigiún an Iarthair le ceapadh ag Údarás na Gaeltachta

Forbairt fiontraíochta agus forbairt teanga ar chúraimí an bhainisteora nua

GNÉ-ALT FOGRAÍOCHTA: Bainisteoir Réigiún an Iarthair le ceapadh ag Údarás na Gaeltachta

Tá cur chuige nuálaíoch beartaithe ag Údarás na Gaeltachta do 2019, ag tógáil ar fhigiúirí 2018 inar facthas an líon is airde fostaíochta a cruthaíodh le 10 mbliana anuas, chomh maith le forbairtí suntasacha ar nós leathnú an ghréasáin gTeic agus fostú oifigigh pleanála teanga.

Tá an cur chuige bunaithe ar bheith ag díriú ar fhorbairt acmhainní inmharthana i dtaobh forbairt fiontraíochta de, agus ag díriú go sonrach ar an nGaeltacht a láidriú trí neartú na Gaeilge inti.

Ach le neamhchinnteachtaí maidir le Breatimeacht agus polasaithe eile trádála idirnáisiúnta, tá bliain chinniúnach os a gcomhair ag pobail agus comhlachtaí na Gaeltachta.

Agus Údarás na Gaeltachta ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin seo, tá post fíorthábhachtach i bhforbairt na Gaeltachta, Bainisteoir Réigiún an Iarthair, fógartha ag an eagraíocht. Beidh an té a cheapfar lárnach i gcur i bhfeidhm gníomhartha a láidreoidh an Ghaeltacht san iarthar, agus an Ghaeilge inti, agus deis ag an té sin tionchar díreach, dearfach a imirt ar thodhchaí na Gaeltachta.

Is ról sinsearach san eagraíocht é Bainisteoir an Iarthair, ina mbeidh leithéidí forbairt réigiúnach agus pobail, forbairt cultúir agus ealaíne agus forbairt fiontraíochta faoi chúram an té a cheapfar.

I measc na dtograí ar a mbeidh Údarás na Gaeltachta ag díriú go sonrach in 2019, beidh neartú an phróisis pleanála teanga, cur leis an ngréasán gTeic, atá ar an infreastruchtúr is mó agus is uaillmhianaí dá leithid sa tír, cur le tograí turasóireachta Gaeltachta, Páirc na Mara a fhorbairt mar thogra mara eiseamláireach ar leibhéal domhanda, agus branda na Gaeltachta a láidriú agus a chur chun cinn tuilleadh.

“Tá sé ríthábhachtach do thodhchaí inmharthana na Gaeltachta go ndéantar forbairt fiontraíochta agus forbairt na teanga a chur chun cinn go comhuaineach lena chéile agus na hacmhainní cuí a bheith ar fáil dá réir,” a deir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh. “Is dúshlán suntasach feidhmiúcháin ann féin é seo a bhaint amach ach tá údar dóchais sa dul chun cinn atá déanta le roinnt blianta anuas.”

Agus an Bainisteoir Réigiúin nua mar chuid lárnach den obair sin, beifear ag súil go dtabharfaidh an té a cheapfar ceannasaíocht láidir sa réigiún chun spriocanna straitéiseacha, oibriúcháin agus fostaíochta an réigiún a chur i gcríoch.

Tá tuilleadh eolais maidir leis an ról le fail ag https://www.sigmarrecruitment.com/clients/udaras-na-gaeltachta agus beifear ag glacadh le hiarratais go dtí an 8 Márta.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FOGRAÍOCHTA: Bainisteoir Réigiún an Iarthair le ceapadh ag Údarás na Gaeltachta'