Glactha i dTithe an Oireachtais le rún faoi athcheapachán an Choiminsinéara Teanga

Tá Rónán Ó Domhnaill ainmnithe ag an Rialtas do théarma sé bliana eile

Glactha i dTithe an Oireachtais le rún faoi athcheapachán an Choiminsinéara Teanga

Glacadh sa Dáil agus sa Seanad inniu le rún faoi athcheapachán an Choimisinéara Teanga Rónán Ó Domhnaill.

Aontaíodh sa dá thigh go gcuirfí ainmniúchán Uí Dhomhnaill faoi bhráid Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, an chéad chéim eile sa phróiseas athcheapacháin.

Tá Ó Domhnaill ainmnithe ag an Rialtas do théarma sé bliana eile.

Má ghlactar i dTithe an Oireachtais leis an ainmniúchán, Uachtarán na hÉireann a athcheapfadh Ó Domhnaill ina dhiaidh sin.

Is as an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara do Rónán Ó Domhnaill agus is é an dara duine a ceapadh ina choimisinéir teanga in Éirinn.

I mí Márta 2014 a cheap Uachtarán na hÉireann Ó Domhnaill ina choimisinéir teanga. Tháinig sé i gcomharbacht ar Sheán Ó Cuirreáin, an chéad choimisinéir teanga, a d’éirigh as a chúram mar agóid in aghaidh fhaillí an rialtais i leith na teanga.

Iar-iriseoir agus iar-chomhfhreagraí le Nuacht TG4/RTÉ é Rónán Ó Domhnaill. 

Bhí a iarfhostóirí i measc na ndreamanna a ndearna sé iniúchadh orthu ó ceapadh é. 

Sa tuarascáil bhliantúil is déanaí aige, dúirt sé gur sháraigh RTÉ an dlí craolacháin maidir lena dhualgas i leith na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Glactha i dTithe an Oireachtais le rún faoi athcheapachán an Choiminsinéara Teanga'