Giolc ‘maslach’ faoin mBreatnais cosanta ag an BBC

Cuireadh giolc amach le linn chomórtas na hEoraifíse a bhí ag ‘spochadh’ faoin teanga

Giolc ‘maslach’ faoin mBreatnais cosanta ag an BBC

Tá cosaint déanta ag BBC Wales ar ghiolc a seoladh le linn chomórtas na hEoraifíse a bhí ar siúl san Úcráin an deireadh seachtaine seo caite a tharraing raic i measc cainteoirí Breatnaise sa tír.

Sheol cuntas oifigiúil de chuid an chraoltóra náisiúnta, @BBCWales, giolc le linn an chomórtais a shíl roinnt cainteoirí Breatnaise, ceannaire an pháirtí Plaid Cymru Leanne Wood ina measc, a bheith maslach don teanga.

“An Phortaingéil sa Bhreatnais? Portiwgal. Sea, dáiríre,” a scríobhadh.

D’eisigh an BBC ráiteas i ndiaidh an chomórtais inar chosain siad an giolc agus mhaígh gur giolc amháin i “sraith a thug tacaíocht” do Lucie Jones, an t-amhránaí Breatnach a rinne ionadaíocht ar son na Breataine sa chomórtas idirnáisiúnta amhrán.

“This was one tweet in a series supporting Lucie Jones in the Eurovision Song Contest. The tweet was referring to a mistake made in French earlier on in the evening. It was meant to be a light-hearted reference to that mistake, and nothing else,” a dúradh sa ráiteas.

Níos luaithe an oíche sin sheol an cuntas giolc inar litríodh douze na Fraincise mícheart. “This has deux points written all over it. #Eurovision #ESC2017” agus iad ag tagairt d’amhrán na Breataine.

Ach ní mó na sásta a bhí cuid de phobal na Breataine Bige leis an ngiolc. Tugadh beagnach 250 freagra díreach ar an teachtaireacht agus roinneadh an giolc ar bhealaí eile i gcaitheamh na hoíche agus an lae dár gcionn agus bhí formhór na dteachtaireachtaí a bhain leis diúltach.

D’fhiafraigh ceannaire Plaid Cymru den BBC, ar Twitter, an raibh an duine a bhí i gceannas ar an gcuntas le linn an chomórtais ar meisce.

Cuireadh giolc amach ag deireadh an chomórtais nuair a fógraíodh gurbh iad amhránaithe na Portaingéile a thug leo an chraobh. Bhí an comórtas á bheoghiolcadh ag an BBC ó thús na hoíche agus tacaíocht á tabhairt acu do Jones, arb as Pentyrch sa mBreatain Bheag í. Tharraing tráchtaire an BBC, an tÉireannach Graham Norton, cáineadh le linn na hoíche freisin nuair a bhí sé ag magadh faoi ainm a baile dúchais.

Fág freagra ar 'Giolc ‘maslach’ faoin mBreatnais cosanta ag an BBC'