Tá an scór de na gialla Iosraelacha a bhí i ngéibheann ag Hamas agus atá fós ina mbeatha tugtha ar láimh acu agus tá an beagnach 2,000 príosúnach Palaistíneach a bhí i bpríosúin in Iosrael tar éis teacht ar ais go Gaza.
Scaoileadh cead a gcos leis na gialla agus na príosúnaigh tráth a bhfuil Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, agus ceannairí eile ag réiteach do chruinniú mullaigh le cúrsaí i nGaza a phlé.
Agus aitheasc á thabhairt aige i bParlaimint Iosrael tráthnóna, dúirt Donald Trump gur “tús stairiúil le ré nua” sa Mheánoirthear a bhí ann. Dúirt Trump le baill an Knesset go ndéanfaí Hamas a dhí-armáil, rud a thuill na gártha molta óna raibh i láthair ach rud nach bhfuil socraithe go fóill.
Dúirt Trump gur minic go mbíodh sé ar an bhfón le Benjamin Netanyahu agus Príomh-Aire Iosrael ag achainí air tuilleadh armlóin sholáthar. Cuireadh an oiread sin airm ar fáil gur éirigh Iosrael láidir agus cumhachtach agus b’in ba chúis le síocháin a bheith anois i réim, dar le Trump.
Dúirt Trump go raibh gach ab fhéidir leo buaite ag Iosrael agus gurb é tráth na síochána anois é don Mheánoirthear go léir.
“Is breá liom Iosrael agus beidh mé libh an bealach go léir,” arsa Trump.
Dé hAoine seo caite a thángthas ar shos comhraic agus tar éis seachtain is dhá bhliain i ngéibheann in Gaza tá an scór giall a d’éalaigh ón mbás ar ais in Iosrael.
Bhí ceiliúradh is gliondar ar fud Iosrael nuair a bhuail teaghlaigh is cairde leis na gialla a scaoileadh saor.
Thug 38 bus de chuid eagraíocht na Croise Deirge Red na Palaistínigh a saoradh as príosúin in Iosrael ar ais go Gaza.
Faoi mhargadh na hAoine scaoileadh saor 250 príosúnach Palaistíneach chomh maith le 1700 duine eile as Gaza a bhí ar a gcoinneáil, agus 22 páiste ina measc sin.
Bhí an scór giall a saoradh inniu i measc an 252 duine a ghabh Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair 2023 nuair a thug siad ruathar ar Iosrael, ruathar inar maraíodh 1,200 duine. Tá taisí 28 giall eile a bhásaigh nó a maraíodh in Gaza fós le tabhairt ar ais dá muintir.
Ba é freagra Iosrael ar an uafás sin tabhairt faoi fheachtas míleata in Gaza, feachtas a d’fhág os cionn 67,000 duine marbh agus tubaiste dhaonnúil sa mhullach ar phobal Ghaza.
Faoin gcomhaontú a socraíodh Dé hAoine seo caite, cuireadh sos comhraic i bhfeidhm agus scaoileadh breis soláthairtí fóirithinte isteach go dtí an stráice ag an deireadh seachtaine.
Táthar ag súil go dtosófar ar idirbheartaíocht faoi na chéad chéimeanna eile sa bpróiseas síochána chomh luath agus a bheidh céim a haon curtha i gcrích.
Dúirt údaráis mhíleata Iosrael go raibh a gcuid trúpaí aistarraingthe go dtí an líne a socraíodh sa gcomhaontú, líne a fhágann go bhfuil ceannas ag Iosrael ar 53% de Gaza.
Faoin bplean síochána a mhol Donald Trump, sna chéad chéimeanna eile dhéanfaí Gaza a dhímhíleatú agus scriosfaí gach pioc den infreastruchtúr míleata ansin.
Mar thús bheadh Gaza á rialú ag coiste sealadach idirthréimhseach Palaistíneach faoi mhaoirseacht ‘Bord Síochána’.
Ní bheadh aon ról ag Hamas níos mó i rialú chríocha Ghaza, grúpa a bhfuil an áit á rialú acu ó 2007.
Fág freagra ar 'Gialla Iosraelacha agus príosúnaigh Phalaistíneacha scaoilte saor'