Gearrliostaí leabhar na bliana fógartha ag Oireachtas na Gaeilge

21 leabhar ar fad atá ar ghearrliostaí na bliana seo do Ghradam Uí Shúilleabháin, Gradam Réics Carló agus Gradam de Bhaldraithe

Gearrliostaí leabhar na bliana fógartha ag Oireachtas na Gaeilge

Tá gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, gradam ‘Leabhar na Bliana’, fógartha inniu ag Oireachtas na Gaeilge.

Ocht leabhar atá ar an ghearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin, an gradam foilsitheoireachta do leabhar na bliana ar fiú €5,000 é d’fhoilsitheoir an tsaothair bhuacaigh agus €2,500 d’údar an leabhair féin.

Ceithre leabhar a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht atá ar ghearrliosta leabhar na bliana – An Diabhal Déanta, cnuasach gearrscéalta le Joe Steve Ó Neachtain, Sa Teach seo Anocht, úrscéal le Micheál Ó Conghaile, Croí Cine, cnuasach ag Seán de Fréine de scríbhneoireacht na Gaeilge le 1,000 bliain agus An Baile Beag Géimiúil: Amhráin na Trá Báine, cur síos ar amhráin as an Trá Bháin i gConamara, le Sinéad Ní Ráinne.

Dhá leabhar a d’fhoilsigh Leabhar Breac a bhain áit amach ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin; Bealach na Spáinneach, an leabhar deireanach i sraith trí leabhar atá suite in Éirinn agus ar an Mhór-Roinn tar éis imeacht na nIarlaí, le Liam Mac Cóil agus Éadaoin, Seacht Snaidhm na Seirce, athinsint ar scéal as an tSean-Ghaeilge ‘Éadaoin’ agus an tríú leabhar i ‘Sraith na Teamhrach’ le Diarmuid Johnson.

Is iad na saothair eile atá ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin na bliana seo, Máchail, úrscéal le Ré Ó Laighléis a d’fhoilsigh Móinín agus Tine Ghealáin, cnuasach dánta ó iarthuaisceart Dhún na nGall le Máire Dinny Wren, a d’fhoilsigh Éabhlóid.

Seacht saothar atá ar an ghearrliosta do Ghradam Réics Carló, an gradam do leabhar na bliana do dhaoine óga. Futa Fata, an teach foilsitheoireachta ar an Spidéal i gConamara, a d’fhoilsigh ceithre cinn de na leabhair ar ghearrliosta na leabhar do léitheoirí óga; Scúnc agus Smúirín le Muireann Ní Chíobháin atá maisithe ag Paddy Donnelly, Ar Strae le Patricia Forde atá maisithe ag John White agus dhá leabhar le Máire Zepf, MÍP atá maisithe ag Paddy Donnelly agus An Féileacán agus an Rí atá maisithe ag Shona Shirley. Bhain an tríú leabhar le Máire Zepf, Rita agus an Ninja, atá maisithe ag Andrew Whitson agus a d’fhoilsigh An tSnáthaid Mhór áit amach ar ghearrliosta Réics Carló chomh maith. Is iad Neansaí ar an bhFeirm, le hOrna Ní Choileáin atá maisithe ag Aidan J. Collins, a d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR, Bríste an Cheoltóra le Pádraig Standún atá maisithe ag Clifford Hayes agus Deirdre Ní Thuathail, an dá leabhar eile atá ainmnithe don ghradam don leabhar is fearr do dhaoine óga.

Sé leabhar atá ar an ghearrliosta do Ghradam de Bhaldraithe,  gradam a cuireadh tús leis anuraidh do shaothar aistrithe.

Is iad na leabhair sin: Ar Luch agus ar Dhuine le John Steinbeck, aistrithe ag Colmcille Ó Monacháin (Leabhar Breac), Nioclás Beag: Eachtraí Eile le René Goscinny agus Jean-Jacques Sempé, aistrithe ag Séamus Ó Coileáin (Dalen Éireann), Asterix i gCoill na Cinsealachta le René Goscinny agus Albert Uderzo, aistrithe ag Gabriel Rosenstock (Dalen Éireann), Slat Ríoga Ottokar le Hergé, aistrithe ag Gabriel Rosenstock (Dalen Éireann), Dialann Dúradáin: An Fhírinne Shearbh le Jeff Kinney, aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire (Futa Fata), ZOG le Julia Donaldson agus Axel Scheffler, aistrithe ag Tadhg Mac Dhonnagáin (Futa Fata).

Rinne Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, comhghairdeas leis na foilsitheoirí uile atá ar ghearrliostaí na bliana seo.

“Déanaim comhghairdeas ó chroí le gach Teach Foilsitheoireachta atá ar ghearrliostaí na bliana seo. Bíonn comórtas géar ann gach uile bhliain agus ní haon eisceacht í an bhliain seo. Léiriú ar shárchaighdeán in earnáil na foilsitheoireachta is ea an líon saothar atá ar na gearrliostaí seo.  Inspioráid dúinn ar fad agus lón dóchais don todhchaí an tslí ar lean scríbhneoirí agus foilsitheoirí ar aghaidh ag saothrú go cruthaitheach agus go fuinniúil  le linn thréimhse chorrach na dianghlasála. Guím gach rath orthu ar fad,” a dúirt sé.

Fógrófar na buaiteoirí ag tús mhí Dheireadh Fómhair. Duaischiste €17,000 atá le bronnadh.

Fág freagra ar 'Gearrliostaí leabhar na bliana fógartha ag Oireachtas na Gaeilge'