Géarchoimhlintí i dTiobraid Árann agus Luimneach

Chuir cé chomh maith is a d’imir Cill Ruáin ionadh ar chuid mhaith daoine ach an féidir leo é a dhéanamh arís amárach?

Géarchoimhlintí i dTiobraid Árann agus Luimneach

Cathall King (Na Piarsaigh) Pictiúr: INPHO/Evan Treacy

Is dócha go raibh oíche go maidin san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath aréir agus na gradaim All Stars 2022 á mbronnadh. Luimneach ar bharr an liosta arís. Cé fáth nach nbeadh?

An Domhnach seo caite ar pháirceanna imeartha Thiobraid Árann, an Chláir agus Bhaile Átha Cliath, bhí gach cuma ar an scéal agus na cluichí ag druidim le ham cúitimh gortaithe go gcríochnódh na trí cinn cothrom. Dar ndóigh ní mar sin a tharla sa phríomhchathair ná sa Chlár mar bhrúigh seaimpíní 2021 sa dá chontae sin a ngoib chun tosaigh roimh an bhfead deiridh, rud a d’fhág gurb iad Crócaigh Chill Mochuda agus Baile Uí Aodha a bheidh páirteach sna comórtais chúige sula i bhfad. I gContae an Chláir beidh Éire Óg ag dul chun páirce arís amárach i gcraobh na peile. Caithfidh Coill an Daingin agus Cill Ruáin Mhic Dhonnchadhaí bualadh lena chéile arís amárach féachaint cé a bhuafaidh corn Dan Breen. Chuir cé chomh maith is a dimir Cill Ruáin ionadh ar chuid mhaith daoine ach an féidir leo sin a dhéanamh arís amárach? Tá Coill an Daingin fós ina rogha láidir ag na geallghlacadóirí.

Beidh Little All Ireland’ an chontae iomána is láidre sa tír ar siúl amárach. Beidh craobh Luimnigh ar siúl agus péire de na foirne is fearr sa chontae le tamall i gcoinne a chéile. Tá deich gcinn den dosaen deireanach craobhacha roinnte idir an dá chlub láidre seo. Tá cáil bainte amach ag Cumann na bPiarsach (club a bunaíodh i 1968) agus iad ina ríthe sa chontae le tuairim is deich mbliana anuas. Tá corn John Daly tugtha abhaile acu sé huaire, mar aon le craobh na hÉireann in 2016 agus craobh na Mumhan in 2011, 2013, 2015 agus 2017. Agus dar ndóigh tá a cháil féinig ar chumann Chill Mocheallóg agus iad thar a bheith láidir arís le tamall de bhlianta. Ba iad na seaimpíní in 2021 ach bhuaigh Baile Gunnair orthu i gcluiche ceannais na Mumhan anuraidh. Chuadar chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann in 2015, áit a bhfuaireadar léasadh ó Bhaile Héil. Dimríodar a chéile i mbabhta 2 na craoibhe i mbliana, cluiche a bhuaigh na Piarsaigh ach gan acu ach cúilín amháin sa bhreis.

Tá na Piarsaigh go láidir mar rogha na n-údar ach is beag an baol go ngéillfidh Cill Mocheallóg aon ní go bog dóibh. Beidh an cluiche á thaispeáint ar TG4.

Anocht tiocfaidh deireadh le togra na Underdogs 2022 ar TG4. Imreoidh an fhoireann nua-thógtha seo foireann shinsir Phort Láirge i bpáirc Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt [SETU] i gcathair Phort Láirge. Seo an chéad chluiche a imreoidh siad faoina mbainistíocht nua agus Davy FitzGerald i gceannas. Is deacair a mheas conas mar a bheidh ag na Underdogs mar nach bhfuil mórán imreoirí ar an bhfoireann atá ag imirt le clubanna sinsir agus go dtí seo níor imir siad riamh leis an bhfoireann is láidre. Ach tá dóchas agus muinín ann go bhféadfaidís fanacht sa chluiche amach sa dara leath.

Tríd is tríd tá an-iarracht déanta ag an gcuid is mó de na himreoirí seo. Bhí na campaí (gach ceann acu a sheas trí lá) dian orthu ach tá spiorad agus aontas i measc na leads seo, a thagann as ó áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Aon duine a chonaic an tsraith chonaic siad grúpa leads cosúil le haon ghrúpa eile, le caraictéirí, imreoirí a bhfuil tuairimí láidre acu faoi bheagnach gach ábhar, leads eile ciúin, leads atá láidir agus éirimiúil. Cosúil le haon ghrúpa daoine fásta bhí fadhbanna pearsanta ag roinnt díobh agus iad sásta iad a roinnt go poiblí.

Tá siad aontaithe ag dul isteach sa chluiche seo anocht agus mórán oibre déanta acu ina n-aonar is i ngrúpaí beaga a d’eagraigh siad féin.

Ba cheart go mbeadh bearna mhór idir iad féin agus foireann contae, amhail Port Láirge. Beidh níos mó eolais againn faoi sin anocht. Beidh an spórt ar TG4.

Fág freagra ar 'Géarchoimhlintí i dTiobraid Árann agus Luimneach'

  • pádraig Ó Flannabhra

    CILL AN DAINGIN an t-ainm ceart !