Gan fáil níos mó ar shiopa ar líne Shinn Féin ar shuaitheantas ‘Tiocfaidh ár Lá’ i gcruth an raidhfil armailítigh

Cháin an DUP an suaitheantas ‘Tiocfaidh ár Lá’ agus dúirt go raibh ‘armlón’ á dhéanamh den Ghaeilge, ach dúirt Sinn Féin go mb’fhearrde don DUP díriú ar éirí as ‘an séanadh ar chearta’ atá ar bun acu

Gan fáil níos mó ar shiopa ar líne Shinn Féin ar shuaitheantas ‘Tiocfaidh ár Lá’ i gcruth an raidhfil armailítigh

Níl fáil a thuilleadh ar shiopa ar líne Shinn Féin ar shuaitheantas ‘Tiocfaidh ár Lá’ agus cruth an raidhfil armailítigh air.

De réir tuairisce ar an Irish News inniu, níl an suaitheantas ar díol níos mó ar shuíomh idirlín an pháirtí.

Cháin an ball tionóil de chuid an DUP Peter Weir an suaitheantas cheana agus mhaígh sé go raibh ‘weaponizing’ á dhéanamh ag Sinn Féin ar an nGaeilge agus go raibh dia beag á dhéanamh den fhoréigean acu.

Tá cuid mhaith cainte ann faoi úsáid an mhana ‘Tiocfaidh ár Lá’ ó bhain ceannaire nua Shinn Féin Mary Lou McDonald leas as le déanaí chun clabhsúr a chur ar a céad óráid mar uachtarán an pháirtí.

Dúirt Weir gur “masla” a bhí ann a mhaíomh gur athghabháil teanga a bhí ar bun ag McDonald agus mhaígh sé nach raibh “aon teacht aniar san argóint sin nuair a dhéantar tástáil bhunúsach féin uirthi”.

Dúirt urlabhraí de chuid Shinn Féin leis an Irish News gur iarracht a bhí ar bun ag Weir aird a tharraingt ó chás a pháirtí féin.

“Ba chóir don DUP díriú ar éirí as an séanadh ar chearta atá ar bun acu, díriú ar na hinstitiúidí polaitiúla a chur ar ais ar a mboinn arís agus ar chlabhsúr a chur ar an margadh a rinne siad le Sinn Féin, acht Gaeilge san áireamh, seachas a bheith ag gabháil de rachtanna uafáis, feirge agus frustrachais bhréige,” arsa urlabhraí Shinn Féin.

Fág freagra ar 'Gan fáil níos mó ar shiopa ar líne Shinn Féin ar shuaitheantas ‘Tiocfaidh ár Lá’ i gcruth an raidhfil armailítigh'