Gan aon Ghaeilge ag Gardaí ag seicphointe i nGaoth Dobhair

Nuair a labhair an tiománaí Gaeilge leis an nGarda sa Ghaeltacht, ní raibh sé ar chumas an Gharda Gaeilge a labhairt leis

Gan aon Ghaeilge ag Gardaí ag seicphointe i nGaoth Dobhair

Pic: GardaTraffic/Twitter

Tá ráite ag an abhcóide Simon Mac Giolla Easpaig ó Thír Chonaill gur ‘ceist chasta’ í an cheist maidir leis an nGaeilge agus pointí seiceála an Gharda Síochána. 

Tharla eachtra le deireanaí do Cholmcille Ó Monacháin ag barr Dhobhair i nGaoth Dobhair, nuair a stopadh é ag pointe seiceála de chuid na nGardaí. 

“Gnáthphointe seiceála de chuid na nGardaí a bhí ann,” a dúirt sé agus é ag labhairt ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Cé gur labhair Colmcille Ó Monacháin i nGaeilge leis an nGarda, ní raibh sé ar chumas an Gharda Gaeilge a labhairt leis. 

“Ar an gcéad dul síos bhí sé ag iarraidh go labhróinn Béarla leis agus ar an dara dul síos bhí sé ag iarraidh go dtabharfainn dó mo cheadúnas tiomána,” a deir Ó Monacháin. 

Dhiúltaigh Ó Monacháin labhairt i mBéarla leis an nGarda agus dúirt an Garda leis imeacht, gan a cheadúnas tiomána a sheiceáil ar chor ar bith. 

“Caithfidh mé a rá nár chuir sé iontas ar bith orm, mar tá an cultúr sin bunaithe ag an Stát sa Ghaeltacht, i nGaeltacht Thír Chonaill ar scor ar bith, le blianta fada,” ar sé. 

Deir an t-abhcóide Simon Mac Giolla Easpaig as Gaoth Dobhair gur ceist chasta í an cheist seo agus cé go bhfuil ceart bunreachtúil ag duine Gaeilge a labhairt leis na Gardaí ag stáisiún na nGardaí, tá éiginnteacht ann maidir le pointí seiceála. 

“Is ceist í seo nach bhfuil socraithe agus nach bhfuil cinnteacht ar bith faoi ag an bpointe seo,” ar sé. “Maidir leis an gceist sin faoi sheicphointí, níl ceart ar bith scríofa go soiléir i ndubh agus i mbán, sé sin i reachtaíocht ná sa Bhunreacht nó mar sin de, go bhfuil an ceart agat do ghnóthaí a dhéanamh ag an phointe sin i nGaeilge.” 

“Sin ráite, i mo thuairimse ag amharc ar na cásanna a bhí os comhair na cúirte le blianta beaga anuas, bheadh cás láidir ag an té a stopadh, go háirithe sa Ghaeltacht. Níl réiteach ar bith ar an gceist seo faighte sa dlí go fóill, ag an phointe seo.” 

Tá dualgas ar Choimisinéir na nGardaí faoi Acht an Gharda Síochána 2005, a chinntiú go bhfuil cumas Gaeilge ag Gardaí a chuirtear i mbun oibre sa Ghaeltacht, an oiread agus atá sé ‘indéanta’.  

“Ar an cheist seo, níl soiléireacht ná cinnteacht ar bith ann,” a deir Simon Mac Giolla Easpaig. 

Níl cinneadh déanta ag Colmcille Ó Monacháin an ndéanfaidh sé gearán leis an gCoimisinéir Teanga nó le Coimisinéir na nGardaí. 

“Tá an Coimisinéir Teanga ag déanamh a dhíchill agus tá sé ag déanamh obair mhaith, ach is beag cumhacht atá aige,” ar sé. 

“Tá sin aitheanta; tuigeann daoine nach bhfuil mórán cumhachta ag an Choimisinéir Teanga.” 

Fág freagra ar 'Gan aon Ghaeilge ag Gardaí ag seicphointe i nGaoth Dobhair'

  • Seán ÓM

    Ní ceist chasta í seo ar chor ar bith.
    Cearta teanga = cearta daonna.
    Maith thú a Cholmcille!
    Seas an fód agus ná géill ariamh.

  • C. Ó Floinn

    Masla do shliocht na nGael ach is róchuma leis an uasal Vearúca.

  • Éamonn Ó Gribín

    Maidie le “Deir an t-abhcóide Simon Mac Giolla Easpaig as Gaoth Dobhair gur ceist chasta í an cheist seo agus cé go bhfuil ceart bunreachtúil ag duine Gaeilge a labhairt leis na Gardaí ag stáisiún na nGardaí, tá éiginnteacht ann maidir le pointí seiceála.”

    Dhiúltaigh mé i gcónaí aon teanga a labhairt ach amháin an Ghaeilge agus mé ag idirghníomhú leis na nGardaí.

    Ar ámharaí an tsaoil, níor chríochnaigh mé sa chúirt, ach uair amháin agus bhí orm fíneáil 200 Euro a íoc isteach i mbosca na mbocht, nó taifead coiriúil a fháíl.

    Cuireadh i mo leith go raibh mé freagrach as ‘bac an cheartais’ toisc go raibh mé ag cur am na mGardaí amú!

    De ghnáth deirtear liom “go on!”, gan mo cheadúnas tiomána srl a sheiceáil.

    B’fhéidir gur b’fhiú do ghrúpaí poblachtacha easaontacha srl, Gaeilge a labhairt agus ní bheidh siad ‘Faoi ghlas ag na gaill’