Gan aon bhás nua de thoradh Covid-19 fógartha den chéad uair mhí an Mhárta

2,120 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,606 duine ó dheas den teorainn agus 514 ó thuaidh di

Gan aon bhás nua de thoradh Covid-19 fógartha den chéad uair mhí an Mhárta

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna nach raibh aon bhás nua de thoradh Covid-19 curtha ar an taifead acu le lá anuas, an chéad lá nár fógraíodh aon bhás nua ón 21 Márta.

59 cás nua a deimhníodh.

Beirt ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, gur léirigh líon íseal na mbásanna nua le seachtain anuas go raibh Covid-19 curtha faoi chois againn.

“Ba ghá beartais dhiana chun é sin a bhaint amach. Beidh seachtain eile ann sula mbeidh a fhios againn cén tionchar a bheidh ag scaoileadh na srianta i gCéim 1 ar líon na n-ionfhabhtuithe.

2,120 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,606 duine ó dheas den teorainn agus 514 ó thuaidh di.

D’fhógair Roinn Sláine an Tuaiscirt tráthnóna go raibh ochtar eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe agus deimhníodh go rabhthas tagtha ar 39 cás nua den ghalar.

29,307 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,698 cás ó dheas den teorainn agus 4,609 cás ó thuaidh.

De réir an eolais is déanaí, bhí baint ag os cionn 1,000 duine díobh siúd a bhásaigh ó dheas le hionaid chúraim.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) tráthnóna go raibh baint le hionad cúraim ag 1,005 den 1,606 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo, nó 63%. Bhain 878 de na cásanna sin, nó 55% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile.

Dúirt an Dr Tony Holohan go bhfuiltear ag cloí leis an gcomhairle fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile.

Bhí sé ag déanamh a chuid cainte agus go leor plé ar siúl cé acu méadar nó dhá mhéadar ba chóir do dhaoine fanacht óna chéile.

Dúirt sé gur go mall agus de réir a chéile a dhéanfaí aon leasú ar an treoir maidir leis an scoitheadh sóisialta agus na srianta eile.

Bhí sé ag déanamh a chuid cainte agus go leor plé ar siúl cé acu méadar nó dhá mhéadar ba chóir do dhaoine fanacht óna chéile.

Dúirt an Dr Holohan gur dhá mhéadar atá á chomhairliú ag an Rialtas i gcónaí agus é sin ina chuid den phlean atá ann na srianta a scaoileadh de réir a chéile.

Dúirt sé go raibh trí seachtaine fágtha idir gach céim de phlean díchuibhrithe an Rialtais chun go mbeifí in ann measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag an víreas ar scaoileadh na srianta éagsúla.

 

Fág freagra ar 'Gan aon bhás nua de thoradh Covid-19 fógartha den chéad uair mhí an Mhárta'