Gaillimh tagtha slán ó dhiantástáil faoi dheireadh agus scéalta eile

Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na hábhair chainte is mó ó chluichí leathcheannais na mban i bPáirc an Chrócaigh agus ó chluiche ceannais iomána faoi-20 na hÉireann

Gaillimh tagtha slán ó dhiantástáil faoi dheireadh agus scéalta eile

Sarah Conneally, Megan Glynn agus Sarah Ní Loingsigh ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Captaen na Gaillimhe, Sinéad Burke, agus Sarah Cafferky. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Gaillimh tagtha slán ó dhiantástáil faoi dheireadh

Bhí brú ar fhoireann na Gaillimhe roimh chluiche leathcheannais na hÉireann inné i bPáirc an Chrócaigh. Agus Maigh Eo sáraithe roimhe seo sa chraobh acu, ba iad na Gaillimhigh rogha na coitiantachta chun áit sa chluiche ceannais a bhaint amach ach níor éirigh go maith le Gaillimh sna cluichí móra le roinnt blianta.

Le deich mbliana anuas, chlis ar Ghaillimh i gcluiche leathcheannais na hÉireann ceithre huaire agus sa bhabhta ceathrú ceannais trí huaire eile. Ba iad sárfhoirne Chorcaí agus Átha Cliath a fuair an ceann is fearr orthu i gcuid de na cluichí sin ach chaill mná na Gaillimhe cluichí eile i gcoinne Dhún na nGall, Chiarraí agus Mhuineacháin, foirne a raibh siad gach pioc chomh maith leo, nó níos fearr b’fhéidir.

Bhí an chuma ar an scéal ar feadh tamaillín inné go raibh teip eile i ndán dóibh. Bhí Gaillimh dhá phointe chun tosaigh ar Mhaigh Eo ag leath ama, 2-5 in aghaidh 1-6, ach níor aimsigh siad ach aon phointe amháin sa chéad 15 nóiméad den dara leath, tréimhse inar éirigh lena gcéilí comhraic dul chun cinn orthu.

Bhuail Gaillimh an cuaille faoi dhó sa tréimhse chéanna agus bhí go leor rudaí ag dul ina gcoinne. Ach thug siad taispeántas lán díocais chun teacht ar ais sa chluiche. D’aimsigh Megan Glynn scór tábhachtach dóibh chun iad a thabhairt ar ais ar comhscór agus bhí na foirne gob ar ghob as sin go deireadh.

Agus an t-am beagnach caite, shlánaigh Róisín Leonard cic saor den scoth. Bhí Leonard ar dhuine de na himreoirí a bhuail an cuaille níos luaithe sa chluiche, ba é an scór seo a bhain áit amach sa chluiche ceannais do Ghaillimh den chéad uair ó 2005.

Nicole Owens sínte. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Buille mór a bheidh ann d’Áth Cliath má bhíonn Owens ar lár

Bhain mná Átha Cliath áit amach i gcluiche ceannais na hÉireann den séú bliain as a chéile inné tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chorcaigh i bPáirc an Chrócaigh. Bhí foireann Mick Bohan rómhaith dá gcéilí comhraic ach buaileadh buille trom ar Áth Cliath le linn an chluiche.

Bhí amhras ann an mbeadh fáil ag Áth Cliath ar Nicole Owens ar bhain gortú di roimh an gcluiche i gcoinne Mhuineacháin an mhí seo caite. Thosaigh Owens i gcoinne Chorcaí agus bindealán mór ar a glúin, ach tar éis ceithre nóiméad imeartha bhí ar an tosach an pháirc a fhágáil. Tá sí anois i mbaol an cluiche ceannais a chailleadh.

Cailliúint ollmhór a bheadh inti agus Owens ar dhuine de na himreoirí is tábhachtaí ar fhoireann Átha Cliath le cúpla bliain anuas. D’éirigh go maith léi i gcoinne na Gaillimhe le roinnt blianta anuas chomh maith. D’aimsigh 1-1 ina gcoinne i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh agus d’aimsigh sí cúl cinniúnach eile i gcoinne mhná an iarthair i gcluiche leathcheannais na sraithe níos luaithe an bhliain chéanna.

Ephie Fitzgerald ar an taobhlíne. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Slán fágtha ag Fitzgerald le Corcaigh agus a chuid déanta

Tar éis d’Áth Cliath an ceann is fearr a fháil orthu, d’fhógair bainisteoir Chorcaí Ephie Fitzgerald go raibh sé ag éirí as i ndiaidh ceithre bliana.

Tháinig Fitzgerald i gcomharbacht ar Éamonn Ryan, fear a bhí tar éis deich gcinn de chraobhacha uile-Éireann a bhuachan agus é i gceannas ar fhoireann Chorcaí. Cé nach raibh an rath céanna ar Fitzgerald, ní shin le rá nár éirigh go maith leis.

Bhí an aois tagtha ar chuid mhaith d’imreoirí Chorcaí faoin am ar tháinig sé isteach in 2016 agus d’éirigh scata mór acu as an imirt le blianta beaga anuas. Ní haon ghnáth-imreoirí a chaill sé ach oiread ach cuid de na himreoirí ab fhearr a d’imir riamh, ina measc Rena Buckley, Briege Corkery, Bríd Stack agus Valerie Mulcahy.

Mar sin féin, d’éirigh go maith le Fitzgerald. Bhuaigh Corcaigh craobh na hÉireann ina chéad bhliain agus bhuaigh siad an tsraith trí huaire, in 2016, 2017 agus i mbliana. Tá sárfhoireann Átha Cliath tagtha chun cinn le cúpla bliain anuas ach ba iad Corcaigh ba mhó a thug a ndúshlán.

Imreoirí Thiobraid Árann ag ceiliúradh. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tuilleadh údar dóchais ag Tiobraid Árann

Sé lá tar éis dóibh craobh shinsir na hÉireann a bhuachan, bhí lucht tacaíochta Thiobraid Árann ag ceiliúradh bua an chontae sa chraobh faoi-20 agus an ceann is fearr faighte acu ar Chorcaigh sa chluiche ceannais Dé Sathairn.

Ní raibh ach 19 soicind caite nuair a scóráil Billy Seymour an chéad chúl do na Tiobraid Árannaigh agus d’aimsigh Andrew Ormond, Seymour agus Jerome Cahill trí cinn eile go luath ina dhiaidh sin. Bhí siad 4-1 in aghaidh 0-4 chun cinn tar éis ocht nóiméad agus ní raibh Corcaigh in ann acu ar chor ar bith.

Is iad Tiobraid Árann a bhuaigh an chraobh faoi-21 anuraidh chomh maith agus tá scata imreoirí ón bhfoireann sin ag imirt le foireann na sinsear cheana féin. Tá Paddy Cadell, Ger Browne, Jake Morris, Mark Kehoe agus Jerome Cahill tugtha isteach ag Liam Sheedy go dtí seo agus feicfear tuilleadh imreoirí óga ag teacht isteach as seo go ceann cúpla bliain.

Ar a shon sin agus uile, níor cheart do lucht tacaíochta Thiobraid Árann dul thar fóir agus iad ag brionglóideach faoi na blianta amach romhainn. Bhuaigh na sinsir agus an fhoireann faoi-21 craobhacha na hÉireann an tseachtain chéanna in 2010 ach bhí sé bliana caite sular éirigh leo greim a fháil arís ar Chorn Mhic Cárthaigh.

Fág freagra ar 'Gaillimh tagtha slán ó dhiantástáil faoi dheireadh agus scéalta eile'