Cuirfear tús le Craobh Chamógaíochta na hÉireann mí Deireadh Fómhair agus na cluichí don chomórtas leasaithe fógartha inniu.
Sa chraobh shinsir, tá an 11 foireann curtha i dtrí ghrúpa agus imreofar an chéad bhabhta cluichí ar an 17-18 Deireadh Fómhair.
Tabharfaidh Gaillimh, seaimpíní 2019, aghaidh ar Loch Garman ina gcéad chluiche. Corcaigh agus Uíbh Fhailí atá leo i nGrúpa 1.
I nGrúpa 2, casfaidh Port Láirge agus Cill Chainnigh ar a chéile sa chéad bhabhta agus imreoidh Luimneach i gcoinne na hIarmhí.
Is idir Áth Cliath agus Tiobraid Árann a bheidh an chéad chluiche i nGrúpa 3. Tá contae an Chláir sa ghrúpa céanna ach ní imreoidh siad go dtí an deireadh seachtaine dár gcionn.
Is ar an 12 Nollaig a imreofar cluiche ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh.
Tá deimhnithe ag an gCumann Camógaíochta chomh maith go mbeidh na rialacha imeartha nua a tugadh isteach i rith na sraithe ar bhonn trialach i bhfeidhm don chraobh chomh maith.
Tá na rialacha nua agus na socruithe uile do chraobhacha camógaíochta na hÉireann le feiceáil anseo.
Fág freagra ar 'Gaillimh le haghaidh a thabhairt ar Loch Garman sa chéad bhabhta de chraobh camógaíochta na hÉireann'