GAILERAÍ: Róbónna a rinne daltaí Gaelscoile ar taispeáint ag ceardlann LEGO i nGaeilge in DCU

Tá breis agus 320 dalta ó Ghaelscoileanna i mBaile Átha Cliath agus i gCill Dara ag glacadh páirt i gceardlann Lego as Gaeilge. Pictiúir: JULIEN BEHAL PHOTOGRAPHY

GAILERAÍ: Róbónna a rinne daltaí Gaelscoile ar taispeáint ag ceardlann LEGO i nGaeilge in DCU

Tá róbónna a chruthaigh daltaí Gaelscoile ar taispeáint i mBaile Átha Cliath mar chuid den chéad cheardlann róbó LEGO as Gaeilge.

Is é an Róbó Seó, a seoladh in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath inniu, an chéad ócáid STEM in Éirinn atá á heagrú go hiomlán i nGaeilge agus is í an ócáid seo, FIRST LEGO League Jr., an ceann is mó a bhí ann riamh in Éirinn nó sa Bhreatain Mhór.

Tá breis agus 320 dalta ó Ghaelscoileanna i mBaile Átha Cliath agus i gCill Dara páirteach san ócáid agus na róbónna a chruthaigh siad ar taispeáint i DCU.

Is iad Gaelscoil Eiscir Riada, Gaelscoil Naomh Pádraig, Gaelscoil na Camóige, Gaelscoil Uí Fhiaich, Scoil Uí Dhálaigh agus Scoil Uí Riada na scoileanna atá páirteach san ócáid agus tá na daltaí ag obair ar na tionscnaimh le naoi mí anuas.

Is amhlaidh a bhaineann na páistí agus na múinteoirí sna scoileanna úsáid as ábhair oideachais róbó LEGO chun scileanna ríomhchlárúcháin a fhorbairt.

Mar chuid den tionscnamh, bhí ar na daltaí a thaispeáint conas a thagann spásairí ar réiteach d’fhadhbanna a d’fhéadfadh a bheith acu ar an ngealach, conas uisce a aimsiú, conas bia a stóráil agus conas fuinneamh a chruthú, mar shampla.

Tá maoiniú faighte ag na sé Ghaelscoil teacht le chéile chun obair ar thionscnamh trí bliana le tacaíocht ón Ionad Oideachais i DCU, an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) agus LearnIt. 

Kate Geraghty agus Sarah Moloney, Scoil Uí Dhálaigh

 

Alex Lennon, Scoil Uí Dhálaigh

 

Quin Ní Dhonnaighle, Liam Ó Cianáin agus Cormac Ó Flannagáin, Scoil Uí Dhálaigh

 

Eva Bennett, Saoirse Carraher, Niamh Lamon agus Aoibhinn Murray, Gaelscoil Naomh Pádraig

 

Sebastain Holbrook, Rian Ó Nualláin, Holly Telford agus Sarah Nic Aodha, Scoil Uí Dhálaigh

 

Alannah Farnan agus Órna Nallen, Scoil Uí Dhálaigh

 

Aoife White, Grace Fahy, Conor Kennedy agus Donnchadh Ó Mórdha, Scoil Uí Dhálaigh

Fág freagra ar 'GAILERAÍ: Róbónna a rinne daltaí Gaelscoile ar taispeáint ag ceardlann LEGO i nGaeilge in DCU'