Cúis mhór bhróid do phobal Charna ab ea oscailt Ionad Cuimhneacháin na nImirceach Dé Sathairn. Méara Bhostúin Marty Walsh agus Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh a d'oscail an tIonad go hoifigiúil. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Máirtín Ó Catháin, cathaoirleach Choiste Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna, ag cur fáilte roimh Mhéara Bhostúin, Marty Walsh
Ionad Cuimhneacháin na nImirceach
Mary Cosgrave, iníon leis an iarThaoiseach, Liam Cosgrave, ag cur fáilte roimh Mhéara Bhostúin, Marty Walsh. Leag Liam Cosgrave agus an Méara an bhunchloch don Ionad le chéile i mí Mheán Fómhair 2014. D’éag Liam Cosgrave an bhliain seo caite
Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe Eileen Mannion agus Marty Walsh
Róisín Ní Chatháin, Gabhla, Caiseal, ailtire an Ionaid
Slua breá san Ionad. Bhí beagnach an oiread céanna daoine taobh amuigh don searmannas oscailte
Beirt pholaiteoirí as Stáit Aontaithe Mheirceá ag cur an an tsaoil trí chéile i gConamara. Méara Bhostúin Marty Walsh agus iarGhobharnóir Maryland agus iarMhéara Baltimore, Martin O’Malley
Seán Ó Cualáin, fear an tí
Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair
Pádraic Ó Gaora, iarcheannasaí Nuacht RTÉ
Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe Eileen Mannion
An tAire Stáit Sean Kyne.
Mairtín Ó Catháin
‘Ambasadóirí an Ionaid’. Cuid de na daoine as na Stáit Aontaithe agus as Éirinn a thacaigh le bunú an Ionaid
Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh. Ó Roinn na Gaeltachta a tháinig an maoiniú is mó don togra, €700,000
Na polaiteoirí ag baint sásaimh as na hóráidí
Méara Bhostúin, Marty Walsh, arbh imirceoirí as Carna agus Ros Muc a thuismitheoirí
An Seanadóir as Maine, Meirceá, Margaret Creaven, sa lár
An tIonad oscailte. An tAire Stáit Joe McHugh agus an Méara Walsh ag gearradh an ribín
Marty Walsh ag síniú a ainm
Marty Walsh le cuid de ghasúir Charna
Bairbre, Máire T, Liam agus Nóra Uí Mhadaoin le Marty Walsh
Ag seiceáil na mbandaí rosta
Marty Walsh agus Joe McHugh. Ba é leagan chéad fhóid don Ionad in 2014 an chéad ócáid mar Aire Stáit Gaeltachta ag McHugh. Bhí Méara Bhostúin i láthair ag an ócáid sin chomh maith.
Peter O’Malley, uncail Marty Walsh agus Helen Loftus, Caladh Mhaínse
Margaret King, Caiseal agus Marty Walsh
An Teachta Dála Eamon Ó Cuív, Seán Ó Madaoin, Cill Chiaráin, agus PJ Ó Raghallaigh, Co na Mí
Helen O’Neill, Baile Chláir, Mathias Lydon, Boston agus Nan Uí Néill (90), arb as Leitir Ard di ó dhúchas. Ainmníodh bialann san Ionad as athair agus máthair Mathias, Brigid agus Coleman, mar gheall ar a dtacaíocht do phobal Chonamara i mBostún
Padraic, Seán, Deirdre, Mathias, Liam agus Colm Lydon, Bostún, a dtáinig a dtuismitheoirí ó Roisín na Mainiach agus Leitir Ard, Carna
An Theanga Bheo
An mbeidh an Rialtas ag bronadh vótaí ar na h imiricí ? meastú
Pól Ó Braoin
Agus an lá breá a fuair sibh don ócáid bail ó Dhia oraibh…