Ba iad Bhulf Tón seaimpíní na sinsear ag Comórtas Peile na Gaeltachta sna Dúnaibh, áit a bhfuair siad an ceann is fearr ar an gCeathrú Rua sa chluiche ceannais inné. Bhí dhá chúis cheiliúrtha ag na Dúnaibh féin agus craobh shóisir na bhfear agus craobh shinsir na mban tugtha leo acu. I gcluiche ceannais sóisir na mban, bhuaigh Gleann Fhinne ar Chill Chomáin, Co Mhaigh Eo. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Niall Ó Locháin agus Corn an Aireá ardú aige i ndiaidh do Bhulf Tón an ceann is fearr a fháil ar an gCeathrú Rua i gcluiche ceannais chraobh shinsir na bhfear
Brughach Ó Fionnagáin, Bhulf Tón agus imreoirí na Ceathrún Rua ag iarraidh an liathróid a bhaint de
Greim ag Antaine Ó Conghaile ar Stiofán Mac An Aoire
Conchúir Mac An Aoire ag tabhairt na gcosa leis
Colin Ó Domhnaill, An Cheathrú Rua, agus Cian Mac an Bhaird, Bhulf Tón, ag triall ar an bpeil
Cúl faighte ag Fiachra Mac an Bhaird, Bhulf Tón
Ard san aer! Ciarán Ó Sé, An Cheathrú Rua, agus seilbh na liathróide faighte aige
Pádraig Ó Loideáin, An Cheathrú Rua, ag coinneáil an liathróid ó Brughach Ó Fionnagáin, Bhulf Tón
Iarracht ar chúl ó Fhiachra Mac an Bhaird ach í sábháilte ag an gcúl báire Diarmaid Mac Donnacha
Ardchic! Cillín de Paor, An Cheathrú Rua
Fiachra Ó Sé, An Cheathrú Rua, ar an ionsaí
Imreoirí Bhulf Tón lúcháireach agus an fheadóg dheiridh séidte
Niall Ó Locháin agus Corn an Aire á ardú aige
Gortaithe? Pauric Ó Diomáin agus Cian Mac an Bhaird ag ceiliúradh le Brughach Ó Fionnagáin
Micheál Ó Muircheartaigh ag caint le Cian Mac an Bhaird faoin ngaisce a rinne sé le contae na Mí in aghaidh Bhaile Áth Cliath in 2010
An fhoireann agus an lucht tacaíochta as Baile Ghib ag ceiliúradh
Captaen Bhulf Tón Niall Mac Locháin leis an gcorn
Foireann Bhulf Tón
An Cheathrú Rua
Shay Mac Giolla Chóíl, Na Dúnaibh (glas) agus Marc Mac an tSaoir, Gaeil Fhánada
Caolán Mac Rodaigh, Na Dúnaibh, ag cuartú comrádaí agus é á fhaire ag Feargas Ó Frighíl
Calaois déanta ar Mhicheál Mac Suibhne, Gaeil Fhánada
Breandán Ó Frighil, cúl báire Ghaeil Fhánada, ag cur stop le hionsaí Na nDúnaibh
Oisín Ó Siadhail ag cur tús le hionsaí do Ghaeil Fhánada
Caolán Mac Rodaigh curtha den páirc agus an dara cárta buí faighte aige
Cúl faighte ag Gaeil Fhánada sna nóíméid dheiridh agus an chuma ar an scéal gur leo a bheadh an lá
An-imní ar lucht leanta Na nDúnaibh…
Ach ní raibh deireadh déanta fós ag na Dúnaibh ná Allen Pasoma a fuair cúl na cinniúna ag an soicind deiridh
An bua ag Na Dúnaibh
Gliondar ar Shay Mac Giolla Colla
Cluaisíní croí ar na Conallaigh
‘Tá sé déanta againn.’Ó chlé: Seán Mac Giolla Bhríde, Ben Mac Nuadhait agus Max Ó Daibhís, Na Dúnaibh
An corn bronnta ar Alan Pasoma agus Ben Mac Nuadhait ag Seán Ó hEarcáin, cathaoirleach choiste Chomórtas Peile na Gaeltachta agus Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael John Horan
Na Dúnaibh
Gaeil Fhánada
Ailbhe Ní Dhabharain, Maigh Cuilinn agus imreoirí Ghleann Fhinne sa tóir uirthi i gcluiche ceannais shinsir na mban
Seán Ó hEarcáin, Cathaoirleach Choiste Náisiunta Chomórtas Peile na Gaeltachta, ag bronnadh corn chraobh shinsir na mban ar chaptaen Ghleann Fhinne, Gráinne Nic a’ tSeachlainn
Foireann Ghleann Fhinne ag ceiliúradh
An corn bronnta ar na Dúnaibh, curaídh chomórtas sóisir na mban
Cic pionóis slánaithe ag Síle Ni Threartaigh agus ní fhéadfadh Sorcha Ní Mhurchú, cúl báire Chill Chomáin mórán a dhéanamh faoi.
Tamara Ní Conchúir, Cill Chomái, leis an liathróid
Ionadaithe na nDúnaibh tar éis shéideadh na feadóige deiridh
Cloíte, croíbhriste. Cill Chomáin tar éis a chluiche in aghaidh Na nDúnaibh
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scoth an aicsin agus an cheiliúrtha ó chluichí ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta sna Dúnaibh'